Saturday, February 26, 2011

Ag Ísliú na gCéimeanna...

Gan éigeantacht,
gan stádas,
gan riachtanas,
gan mheas,
gan mhaoiniú,
gan mhúinteóirí,
gan taca,
gan chosaint,
gan daltaí,
gan...
gan...
gone!

Thursday, February 24, 2011

summa gan chaighdeán...

Mar a tuairiscíodh sa nuachtán inniu bhain an ollscoil Bayreuth an chéim dochtúireachta den Uasal zu Guttenberg i ngeall ar an mbradaíl a bhfuil a thráchtas dochtúra breac léí.

D'admhaigh zu Guttenberg roimh ré gur dhein sé "botúin thromchúiseacha" le linn don tráchtas a bheith á scríobh aige, nó ag cibé duine eile, b'fhéidir, ar cuireadh an cúram air. Mar is amhlaidh go bhfuil roinnt den fhreasúra den tuairim nárbh é féín a scríobh an tráchtas in aon chor ach cúlscríbhneoir.

Ní bheinnse ró-chinnte go fiú gur léigh sé an tráchtas - ina iomláine ar aon chaoi - sarar chuir sé faoi bhráid na hollscoile é mar tá earráid ghramadaí amháin ann nach féidir léamh thairsti gan barrthuisle mór a bheith bainte asat, mar atá "auf... (etwas) erinnern" in ionad an leagain chirt "an... (etwas) erinnern". Agus ní saoithíneacht i dtaobh gné bige atá i gceist anseo ach nath a úsáidtear a t-am go léir sa ghnáthchaint.

Cúpla rud suntasach: thug an t-ollamh a bhronn an dochtúireacht mar luach saothair ar a thráchtas air an gradam is airde dó i dteannta léí, mar atá "summa cum laude". Fuair an t-ollamh ina dhiaidh sin gradam mór é féin, gradam stáit ó stát na Baváire (áit a bhfuil comhghleacaithe de chuid zu Guttenberg óna pháirtí féin i gceannas ar an rialtas ann).

Cé go bhfuil sí ag creimeadh anois, fuair zu Guttenberg tacaíocht mhór ó mhórchuid an phobail beag beann ar an bpáirtí a mbeadh na daoine dílis dó de ghnáth.

Ní fheadar cén sórt duine atá tuillte ag a leithéid de pobal.

Wednesday, February 23, 2011

léamh eile ar chúrsaí sa libia...



Bhíos i mBeirlín ar feadh dhá lá agus san eitleán inné tharraing alt sa Bherliner Zeitung mo aird inar cuireadh agallamh ar iriseoir atá sa Libia faoi láthair. Ní ligtear ach líon fíorbheag iriseoirí isteach sa tír. Ba é an rud ba shuntasaí a dúirt sí ná:


(Was wollen die Demonstranten?)


Jedenfalls keine Demokratie. Es geht um Machtverteilung, um alte Rechnungen, um Rache. Ich habe keine einzige Person getroffen, die von Demokratie redete. Was sollte auch besser werden, wenn sich die Wirtschaft für Ausländer öffnet? Die Privilegien, die Wohltaten der Subventionierungen sind sie dann los, die Frauen müssen Angst haben, dass es fundamentalistischer wird.



(Céard a theastaíonn ón lucht léirsithe?)

Ar aon chaoi ní hé an daonlathas (atá ag teastáil uathu.) Is é is cás leo ná dáileadh na cumhachta, seanscéalta a chúiteamh, díoltas. Níor bhuail mé le héinne a bhí ag labhairt faoin daonlathas. Cé hiad na nithe a bheadh ní b'fhearr, dá mbeadh an geilleagar inrochtana do eachtrannaigh? Na pribhléidí, dea-ghníomhartha chóras na bhfóirdheontas: bheadh deireadh leo go léir, (agus) ní mór imní a bheith ar na mná go n-éireodh sé ní ba bhunchreidmhigh.



Suimiúil...

Saturday, February 19, 2011

tráchtas "úr" an dochtúra...


D'fhéadfá a rá nach ann do laoch ach amháin i bhfinscéal. D'fhéadfá a rá dá mba ann do laoch sa saol laethiúil dá ainneoin sin nach mbeadh i gceist ach laoch finscéil fhéinchumtha.

Ach ní bheadh an ceart agat: bheadh laoich na finscéalta cóipeáilte fágtha as an áireamh agat!


Ar aon nós, tá laoch nua na polaitíochta sa Ghearmáin i mbaol a thurnaimh. Mar a tuairiscíodh sna meáin sna laethanta beaga tá Freiherr zu Guttenberg, Aire Cosanta (agus Cogaidh) na Gearmáine, go mór faoi bhrú mar gheall ar an tráchtas a scríobh - más sin an focal cuí - sé chun a chéim dochtúra a fháil ó Ollscoil Bayreuth. Tar éis do ollamh as Bremen léirmheas a dhéanamh ar an tráchtas d'fhógair sé nach raibh i gcuid mhaith de ach bradaíl agus go raibh líon mór sleachta cóipeáilte isteach ann ag zu Guttenberg as foilseacháin eile gan na foinsí a shonrú.

Agus is in olcas atá an scéal ag dul. Tá le léamh inniu san irisleabhar Der Spiegel, mar shampla, gur dhein sé páipéar a choimisiúnú ó shaineolaí na seirbhíse eolaíochta sa Bhundestag roinnt blianta ó shin nuair a bhí sé ina ghnáthfheisire agus gur bhain sé úsáid as (deich leathanach atá i gceist) ina thráchtas gan ach athruithe suaracha a dhéanamh air agus, ar ndóigh, gan an t-údar fírinneach a ainmniú.

Dúirt zu Guttenberg inné le linn preasócáide a tionóladh in ionad faoi leith i láthair iriseoirí a bhí roghnaithe go speisialta don ocáid gurbh fhéidir go raibh "botúin" déanta aige anseo is ansiúd sa tráchtas agus go raibh ollscoil Bayreuth i mbun an tráchtas a iniúchadh faoi láthair. Agus nach n-úsáidfeadh sé a theideal dochtúra go dtí go mbeadh an rud soiléirithe.

Tá sé i gcoinne an dlí falcaireacht a dhéanamh chun céim acadúil a bhaint amach. Anuas ar sin, nuair a chuireann ábhar dochtúra a thráchtas faoi bhráid ollscoile ní mór dó mionnscríbhinn a chur isteach i dteannta leis a dheimhníonn gur uaidh féin amháin a thagann an obair.

De ghnáth d'fhéadfainn a rá gan imní a bheith ar éinne go dtarlódh aon rud do zu Guttenberg sa chás a mbeadh rud mídhleathach déanta aige de bharr é gan a bheith de nós ag an gcóras breithiúnach cur isteach ró-mhór ar lucht na cumhachta ná an airgid mhóir. Sa chás seo, áfach, tá deacracht faoi leith i gceist.

Má dhéanfaí beag is fiú den chás, beidh an ollscoil a bhronn an chéim dochtúra thíos leis (...sagen Sie, Herr Doktor, sind Sie etwa ein Doktor aus Bayreuth? Ha, ha!) agus ní féidir leis an ollscoil glacadh le sin.

Cluiche nialasach (mar a chuirtear air sa teoiric chluichí - teoiric mhatamaiticiúil na straitéise) atá ar siúl mar sin nach mbíonn ach bua do dhuine amháin agus treascairt don duine eile mar thoradh air.

Wednesday, February 16, 2011

athrú poirt: "neachtlainnín!"...


"Ich jonn su unwahrscheinlich jähn met dir en der Waschsalon,
ich jonn su unwahrscheinlich jähn met dir en der Waschsalon,
weil, do häss Ahnung vun dä Technik, vun der ich nix verstonn..."


Amhrán ón ngrúpa BAP as Köln atá i gceist anseo: "Waschsalon". Tháinig sé amach sa bhliain 1981.

(Tá súil agam go bhfeidhmíonn an nasc daoibh, cibé áit a bhfuil sibh. Ní féidir an "scáileán" a leabú sa chás seo.)

Dála an scéil, má cheapann sibh go bhfuil cuma aisteach ar an nGearmáinis thuas is i gcanúint Köln, nó "Kölsch" mar a chuirtear air, a chastar an t-amhrán.

Sa chaighdeán oifigiúil tá cruth beagáinín eile air:


"Ich gehe so unwahrscheinlich gerne mit dir in den Waschsalon,
ich gehe so unwahrscheinlich gerne mit dir in den Waschsalon,
weil du hast Ahnung von der Technik, von der ich nichts verstehe..."

"Is breá go mór liom dul leat go dtí an neachtlainnín,
is breá go mór liom dul leat go dtí an neachtlainnín,
óir tá fios na teicnice agat nach dtuigim a dhath di..."


Ábhar an amhráin ná go molann an t-amhránaí an chaoi ar féidir leis a chara mná dul i ngleic leis na hinnill níocháin sa neachtlainnín mar ní thuigeann seisean aon cheo ina dtaobh. D'fhéadfaí a rá fiú go bhfuil sé saghas faoi gheasa aici.

De réir dealraimh, murab ionann agus boic eile, ní bheireann an leaid seo na cosa leis a luaithe a nochtann dualgais an tí agus an teaghlaigh chuige!

sraith iáva le leopold godowsky...



Chuir mé sraith cheoil a chum Leoš Janáček don phianó in aithne le déanai.

Cúpla lá ó shin, d'aimsigh mé sraith cheoil eile don phianó a chuir an píosa le Janáček i gcuimhne dom.

Is leis an bPolannach Leopold Godowsky an ceann seo. Cé gur chumadóir a bhí ann freisin, ba mhó an clú a bhí ar Godowsky mar phianódóir. Ar ndóigh, bhí sé ar na cinn ab fhearr dá ré.

D'ainneoin na gcosúlachtaí atá idir "Ar Chosán Fásta" agus an "tSraith Iáva", murab ionann agus an píosa le Janáček níl crá croí le haireachtaint sa tSraith Iáva. Ba ar turas san Indinéis a bhí Godowsky nuair a chum sé an ceol siúd. In ionad na doimhneachta mothúcháin a bhfuil an cumadóir ag plé léí go tromchroíoch, nochtar meanma na fionnachtana, an fhiosracht in áiteanna coimhthíocha agus an gliondar san andúchas.

Tugtar faoi ndeara, mar shampla, an éagsúlacht idir mír a cúig den "Chosán Fásta" (Tá siad ag gliogairnéis ar nós fáinleog) agus mír a ceathar (IV) thíos, an mhír leis na moncaithe.

Glacaim leis nach dtagann fonn foinn ar dhuine láithreach nuair a chuirtear píosa ceoil chlasaicigh in aithne dó - mar is amhlaidh dom fhéín go minic. Ach, mar sin féin, is féidir síol a chur agus, cá bhfios, cuirtear an nod sa chartlann b'fhéidir agus filltear ar ais air chun tairbhe agus taitneamh a bhaint as lá éigin eile amach anseo.














Friday, February 11, 2011

sanasaíocht na dramhaíola...

Blagmhír ghearr anseo.


Thug mé - dá m'ainneoin, is fuath liom iad de ghnáth (cé is moite den spórt) - sciuird isteach ar na nuachtáin Domhnaigh an deireadh seachtaine seo caite.

Dheineas an t-alt seo a ghliogáil de thaisme. Agus mé ag éalú uaidh (láithreach) rith ceist chugam. Ní fios dom an comhtheagmhas a bhí ann nó nach raibh. (Comhtheagmhas gan dabht.)

Dob í a cheist a rith liom ná: an bhfuil gaol sanasaíochta éigin idir "dramhaíl" na Gaelainne agus "drivel" an Bhéarla?

Tuesday, February 1, 2011

comhchiontach = ina thost...

Ba de thaisme a tháinig mé ar an suíomh idirlín seo. Le feiscint air tá taispeántas grianghrafadóireachta a chuir beirt ealaíontóir i bPotsdam i láthair an bhliain seo caite.

Tharraing an suíomh m'aird ar dhá chúis:
- cé go bhfuil an t-áiléar an-ghar d'áit a thaithím go minic níor thugas an taispeántas riamh faoi deara,
- pléann an taispeántas le hábhar arbh fhearr le mórán na ndaoine abhus gan plé leis ar chor ar bith.

I mí Meán Fhómhair na bliana 2009 maraíodh thart ar 91 Afganastánach gar do Kunduz nuair a d'iarr cornal d'arm na Gearmáine ar aerfhórsa SAM láthair a bhuamáil ina raibh tancaer ola i sáinn ar ghrinneall abhann ann.

Ionsaí Talabanach a bhí ar siúl ag lucht an tancaeir, dar leis an gcornal, sarar thiomáin siad isteach san abhainn, áit a raibh an tancaer i bhfostú ansin ar an ngrinneall.

Idir an dá linn, bhí daoine ón sráidbhaile in aice láimhe tagtha ar an láthair mar gheall ar an ola a bhí ar fáil saor in aisce sa tancaer a bhí ar éagumas san abhainn.

Is amhlaidh gur chuir an cornal ina luí ar na píolótaí neamhaird a dhéanamh den chleachtas coitianta agus gan eitilt thar an láthair roimh ré (gan buama a chaitheamh) chun rabhadh a thabhairt do na daoine.

Níor tugadh an rabhadh agus maraíodh 91 daoine dá bharr nuair a deineadh bombardú ar an tancaer. Ba pháistí iad formhór na n-íospartach cé gur maíodh ar dtús - mar is gnáth i gcásanna dá léithéid -  gur Talabanaigh a bhí iontu.

Riachtanas mí-ámharach a bhí i gceist a dtiteann a leithéid amach le linn cogaidh, dar le go leor tráchtairí abhus a mbíodh a mhalairt de phort de shíor le cloisint sna blianta roimhe uatha sara ndeachaigh a ndream féin i mbun ghnó an mharaithe.

B'ábhar iontais dom riamh a fhusacht a athraíonn daoine a meonta. Sna hochtóidí nuair ba iad an tIRA, ETA srl. amháin a bhí ag marú, is amhlaidh nach raibh sé deacair do dhaoine glacadh leis an teagasc íonghlan. Ach nuair a théann a ndream féin ina mbun is amhlaidh gur rud éagsúil eile ar fad a bhíonn i gceist ansin agus nár chóir, dá bharr, dul thar fóir leis an móráltachas.


Ar aon nós, tá borradh an-mhór tagtha faoin méid a easpórtálann tionscail arm na Gearmáine ó thosaigh an Ghearmáin páirt a ghlacadh sa chogaíocht san Afganastáin.

De ghnáth, nuair a mharaítear sibhialtaigh neamhúrchóideacha mar thoradh ar ionsaí foréigin san Iarthar feictear ainmneacha agus grianghraif na n-íospartach sna nuachtáin agus sna meáin eile. Músclaíonn cinniúint na n-íospartach - go háirithe más páistí a bhíonn i gceist - fearg agus déistin nuair a chuirtear faoi bhráid an phobail í.

Oiread agus ainm nó grianghraf amháin ní raibh le feiscint sna príomhmheáin i gcás na bpáistí a maraíodh i gKunduz.

Nuair a chuirtear dhá slat tomhais an Iarthair taobh le taobh is deacair gan aithint gur bolscaireacht i dteannta le moráltacht shuibiachtúil áise a bhíonn i gceist nuair a dhéantar idirdhealú dá leithéid idir drochghníomhartha an namhad agus drochghníomhartha dá chuid féin.


Ar aon nós, chuaigh na healaíontóirí, a chuir an taispeántas "Kunduz, 4. September 2009" i láthair, go hAfganastáin, bhailigh siad grianghraif de na híospartaigh agus a ngaolta agus tharrtháil iad as an neamhainmníocht a raibh siad curtha i nglas inti ag drochchonsias lucht maoinithe an tsléachta.