Thursday, February 24, 2011

summa gan chaighdeán...

Mar a tuairiscíodh sa nuachtán inniu bhain an ollscoil Bayreuth an chéim dochtúireachta den Uasal zu Guttenberg i ngeall ar an mbradaíl a bhfuil a thráchtas dochtúra breac léí.

D'admhaigh zu Guttenberg roimh ré gur dhein sé "botúin thromchúiseacha" le linn don tráchtas a bheith á scríobh aige, nó ag cibé duine eile, b'fhéidir, ar cuireadh an cúram air. Mar is amhlaidh go bhfuil roinnt den fhreasúra den tuairim nárbh é féín a scríobh an tráchtas in aon chor ach cúlscríbhneoir.

Ní bheinnse ró-chinnte go fiú gur léigh sé an tráchtas - ina iomláine ar aon chaoi - sarar chuir sé faoi bhráid na hollscoile é mar tá earráid ghramadaí amháin ann nach féidir léamh thairsti gan barrthuisle mór a bheith bainte asat, mar atá "auf... (etwas) erinnern" in ionad an leagain chirt "an... (etwas) erinnern". Agus ní saoithíneacht i dtaobh gné bige atá i gceist anseo ach nath a úsáidtear a t-am go léir sa ghnáthchaint.

Cúpla rud suntasach: thug an t-ollamh a bhronn an dochtúireacht mar luach saothair ar a thráchtas air an gradam is airde dó i dteannta léí, mar atá "summa cum laude". Fuair an t-ollamh ina dhiaidh sin gradam mór é féin, gradam stáit ó stát na Baváire (áit a bhfuil comhghleacaithe de chuid zu Guttenberg óna pháirtí féin i gceannas ar an rialtas ann).

Cé go bhfuil sí ag creimeadh anois, fuair zu Guttenberg tacaíocht mhór ó mhórchuid an phobail beag beann ar an bpáirtí a mbeadh na daoine dílis dó de ghnáth.

Ní fheadar cén sórt duine atá tuillte ag a leithéid de pobal.

No comments:

Post a Comment