Saturday, February 19, 2011

tráchtas "úr" an dochtúra...


D'fhéadfá a rá nach ann do laoch ach amháin i bhfinscéal. D'fhéadfá a rá dá mba ann do laoch sa saol laethiúil dá ainneoin sin nach mbeadh i gceist ach laoch finscéil fhéinchumtha.

Ach ní bheadh an ceart agat: bheadh laoich na finscéalta cóipeáilte fágtha as an áireamh agat!


Ar aon nós, tá laoch nua na polaitíochta sa Ghearmáin i mbaol a thurnaimh. Mar a tuairiscíodh sna meáin sna laethanta beaga tá Freiherr zu Guttenberg, Aire Cosanta (agus Cogaidh) na Gearmáine, go mór faoi bhrú mar gheall ar an tráchtas a scríobh - más sin an focal cuí - sé chun a chéim dochtúra a fháil ó Ollscoil Bayreuth. Tar éis do ollamh as Bremen léirmheas a dhéanamh ar an tráchtas d'fhógair sé nach raibh i gcuid mhaith de ach bradaíl agus go raibh líon mór sleachta cóipeáilte isteach ann ag zu Guttenberg as foilseacháin eile gan na foinsí a shonrú.

Agus is in olcas atá an scéal ag dul. Tá le léamh inniu san irisleabhar Der Spiegel, mar shampla, gur dhein sé páipéar a choimisiúnú ó shaineolaí na seirbhíse eolaíochta sa Bhundestag roinnt blianta ó shin nuair a bhí sé ina ghnáthfheisire agus gur bhain sé úsáid as (deich leathanach atá i gceist) ina thráchtas gan ach athruithe suaracha a dhéanamh air agus, ar ndóigh, gan an t-údar fírinneach a ainmniú.

Dúirt zu Guttenberg inné le linn preasócáide a tionóladh in ionad faoi leith i láthair iriseoirí a bhí roghnaithe go speisialta don ocáid gurbh fhéidir go raibh "botúin" déanta aige anseo is ansiúd sa tráchtas agus go raibh ollscoil Bayreuth i mbun an tráchtas a iniúchadh faoi láthair. Agus nach n-úsáidfeadh sé a theideal dochtúra go dtí go mbeadh an rud soiléirithe.

Tá sé i gcoinne an dlí falcaireacht a dhéanamh chun céim acadúil a bhaint amach. Anuas ar sin, nuair a chuireann ábhar dochtúra a thráchtas faoi bhráid ollscoile ní mór dó mionnscríbhinn a chur isteach i dteannta leis a dheimhníonn gur uaidh féin amháin a thagann an obair.

De ghnáth d'fhéadfainn a rá gan imní a bheith ar éinne go dtarlódh aon rud do zu Guttenberg sa chás a mbeadh rud mídhleathach déanta aige de bharr é gan a bheith de nós ag an gcóras breithiúnach cur isteach ró-mhór ar lucht na cumhachta ná an airgid mhóir. Sa chás seo, áfach, tá deacracht faoi leith i gceist.

Má dhéanfaí beag is fiú den chás, beidh an ollscoil a bhronn an chéim dochtúra thíos leis (...sagen Sie, Herr Doktor, sind Sie etwa ein Doktor aus Bayreuth? Ha, ha!) agus ní féidir leis an ollscoil glacadh le sin.

Cluiche nialasach (mar a chuirtear air sa teoiric chluichí - teoiric mhatamaiticiúil na straitéise) atá ar siúl mar sin nach mbíonn ach bua do dhuine amháin agus treascairt don duine eile mar thoradh air.

6 comments:

  1. Bhfuil cúis ar leith gur tháinig an scéal chun solais anois? Cui bono?

    ReplyDelete
  2. Seo nasc ón Frankfurter Rundschau a chuireann in aithne an té a nocht an bhradaíl. http://www.fr-online.de/politik/kritische-justiz/-/1472596/7205676/-/index.html. Is duine den eite chlé, gan dabht, an t-ollamh Andreas Fischer-Lescano agus cháin sé an chaoi ar phléigh an Bundeswehr leis an eachtra i gKunduz inar maraíodh a lán páistí, mar shampla.

    Chuir mé an cheist úd (cui bono?) freisin. B'fhéidir go bhfuil freagra simplí ar an gceist an babhta seo.

    Ar an taobh eile de...
    "Iontas éadmhar" a chuireann Derek Scally san IT inniu ar a bhfuil múscailte i saol na polaitíochta i bhfianaise an dul chun cinn pearsanta atá déanta ag zu Guttenberg i ngnó na polaitíochta sna blianta beaga. Dá n-éireodh le zu Guttenberg ceannaireacht a pháirtí féin a bhaint amach, nó fiú an tseansailéireacht, bheadh sé i seilbh na jabanna sin ar feadh na mblianta fada amach romhainn dá mba mhian leis - agus tá go leor daoine ina pháirtí féin nach mbeadh ró-shásta leis sin.

    Cé go bhfuil fear na mionuaisleachta fós ina laoch mór ag na daoine beaga (saonta? drochchomhartha i dtaobh staid an daonlathais?) smaoiním i gcónaí ar chomparáid an fhocail "namhaid": Feind, Todfeind, Parteifreund.

    ReplyDelete
  3. Scéal deas grinn in alt eile: Nach dtig an cóipire sa Roinn Cosanta a dheisiú, toisc go bhfuil an tAire as láthair.

    ReplyDelete
  4. Agus an ceann úd ina ndeireann sé nach bhfuil sé toilteanach aon ráiteas a eisiúint go dtí go bhfuil an téacs cuí aimsithe aige san idirlíon chun é a chóipeáil.

    ReplyDelete
  5. A thiarcais! Ach is maith liom na scéalta grinn.

    Agus d'fhoghlaim mé focal nua uait: falcaireacht. An cuimhin leat cá bhfuair tú é?

    ReplyDelete
  6. "Agus d'fhoghlaim mé focal nua uait: falcaireacht. An cuimhin leat cá bhfuair tú é?"

    Fuair mé sna "Gluaiseanna breise" ag bun an leathanaigh i bhfocal.ie é. Is fiú iad a cheadú!

    Ní raibh mé sásta leis an bhfocal "caimiléireacht" agus fuair mé an focal eile sna gluaiseanna thuasluaite. Cheadaigh mé an FGB agus dhearbhaigh sé a bhfuil le léamh i bhfocal.ie.

    Dála an scéíl, an bhfuil a fhios agat cad é an tsanasaíocht de "chaimiléireacht"?

    An bhfuil sé gaolta leis an bhfocal "camarilla"?

    ReplyDelete