Thursday, September 30, 2010

Ar fáil mar pdf ó box.net....


Seo dhaoibh an nasc: http://www.box.net/shared/z9cbsxho7s

Beidh gluais iomlán ar fáil mar pdf ar ball.

gearrscéal nua (uaimse)...


Cé nach bhfuil mórán blagáilte agam sna seachtainí beaga, ní hionann sin is a rá nach rabhas gníomhach sa chúlra, taobh thiar den scáileán, mar a déarfá.

Tá thart ar 8,000 focal sa scéal thuas dar teideal "Sa Bhliain 2015". An gearrscéal nó nóibhille é?

Bhaineas triail as gearrscéalta a scríobh roinnt blianta ó shin. Le léargas beag a fháil ar ealaín na scríbhneoireachta a dheineas sa chéad áit é chun go bhféadfainn na saothair litríochta a mheas ní ba fhearr agus taitneamh ní ba mhó a bhaint astu. Tá siad uilig caillte anois seachas ceann amháin.

An chéad cheist a chuir cara de mo chuid orm nuair a bhí an chéad scéal léite aici ná an scéal saghas dírbheathaisnéiseach a bheadh ann! Amhail agus nach ritheadh aon ní eile chugam ná chuig mo shamhlaíocht ach sonraí seanchaite mo shaoil féin!

Ar aon nós, cuirtear an cheist chéanna minic go leor nuair a bhíonn saothair litríochta faoi scrúdú ag an lucht léirmheastóireachta.

Dar ndóigh, bionn go leor ficsin le léamh i ndírbheathaisnéisí agus go leor den fhírinne i scéalta a dhíoltar go hionraic faoi chatagóir an fhicsin.

Puinn dírbheathaisnéise sa cheann thuas, geallaim daoibh agus conas ab fhéidir é gan a bheith amhlaidh: nach sa bhliain 2015 atá sé suite?

Ar maithe le éascaíocht scrollaithe tá an scéal roinnte ina choda 1 - 9. Agus ar mhaithe le éascaíocht tuisceana tá gluaiseanna ag dul leis, cé nach bhfuil siad uilig críochnaithe agam fós.

(Agus tá sé ar fáil ina iomláine mar pdf anseo:

http://www.box.net/shared/yi1ab66abi - agus leanfaidh an ghluais ar ball.)


Sa Bhliain 2015 (1): I & II

Sa Bhliain 2015 (2): III

Sa Bhliain 2015 (3): IV

Sa Bhliain 2015 (4): V & VI

Sa Bhliain 2015 (5): VII & VIII


Sa Bhliain 2015 (6): IX, X & XI

Sa Bhliain 2015 (7): XII, XIII & XIV

Sa Bhliain 2015 (8): XV

Sa Bhliain 2015 (9): XVI (Deireadh)

Gluais 1: I, II & III


Gluais 2: IV, V & VI


(Bhí ar intinn agam formáid eile a chur orthu ach deineadh scrios ar an bhformáid arís is arís. Dheamhan a fhios agam cad ba chúis leis, ach d'fhan mé leis an bhformáid is simplí sa deireanas.)

Wednesday, September 29, 2010

Sa Bhliain 2015 (1): I & II



I

Comhthreomharán sceabhach ag claochlú, ag athrú go mall i dtreo crutha dronuilleoige. Na barraí ingearacha i dtólamh mar línte tríd. I gcaitheamh lae, gluaiseann achar, geal nó meathbhán de réir chumhacht na gréine, ó thaobh amháin go dtí an taobh eile den bhalla ar chúl an... tseomra. San áit seo cuirtear “seomra” air.

Má iniúchtar an chonair a chuireann an t-achar siúd de go laethiúil, aithnítear uirthi nach líne díreach é ach cuar. A chuar suntasach féin ag gach lá den bhliain. Samhlaítear dom go gcaithfidh go bhfuil pointe ann i raon gluaiseachta an achair - agus más ann dó ba leor go deimhin pointe amháin - ina mbeadh an t-achar ina chearnóg. Ina chearnóg fhoirfe.

Tá an próiseas faoi scrúdú agam anois le fada. An rialtacht ag dul i gcion orm de réir a chéile. Más ann ar bith don chearnóg, dealraíonn sé nach ag an tús a bheidh sí.

...ach ní fhéadaim éalú ón síorghlór mín bealaithe a líonann an spás thart timpeall orm trí huaire sa tseachtain le dordán an bhréagshuaimhnis...

Dírím m'aird ar an achar meathbhán ar an mballa: anois ina chomhthreomharán, ar ball ina dhronuilleog, agus... inniu, ag an uair seo,

...cearnóg?

Feicim anois go bhfuil an t-achar ag tarraingt ar an áit ina mbeadh an pointe sin, más ann dó. Airím teannas éigin ionam. An teannas céanna gach uile uair.

Dá nochtfadh sí, ní bheadh sí ann ach ar feadh faitidh na súl, táim cinnte de.

Ní mór dom mar sin bheith ar an airdeall.De shíor ar an airdeall!

Ar uaire, áfach, má bhíonn an ghrian ar lár, ní ann dó ar chor ar bith. Agus cuireann sin mé ag tnúth leis go bhfilleadh sé. An t-achar. Agus ina theannta an teannas.

Hmmm… chomh fada siar… ach creidim gur cuimhin liom fós í.

Tráth den saol...

Dheamhan a fhios agam cad a mheall i dtreo na cearnóige mallaithe mé an chéad lá riamh!

Ach…

…nach é go raibh rud éigin droim ar ais ?

Nach é go raibh an chearnóg ann ag an tús?


II

Sea… i bhfad siar sa bhliain 2015.

Is amhlaidh go raibh coinne ghnó agam sa phríomhchathair i ngiorracht scread asail don láthair inar cuireadh tús le0. Na himeachtaí… cinniúnacha.

Mionscéal coitianta, dar liom ag an am, a raibh léite agam faoi ar maidin sna nuachtáin: bhí léirsiú le bheith ar siúl sa phríomhchathair roimh nóin.

Ag cur in aghaidh olltionscadail infreastruchtúir, nárbh ea ?

Ar mo bhealach ón óstán, ina raibh mé ag baint fúm, go dtí láthair mo choinne a bhí mé nuair a chonaic mé na grúpaí beaga ag gluaiseacht leo i dtreo Theach na Parlaiminte. Léirsiú eile gan mhaith, a shíl mé agus mé ag súil leis na sluáin choitianta seanchaite ar na pleacaird: bithiúnaigh na mbanc, na fiacha stáit, lochtanna sa chóras daonlathach srl. Agus ar tí, dá bharr, mo cheann a chroitheadh go tuirseach a bhí mé nuair a thug faoi ndeara an tráth seo, áfach, go raibh beogacht éigin neamhchoitianta sna daoine. An pobal, nach mbíodh iontu sna blianta roimhe sin ach corpáin chloíte géilliúla. Ach bhí meascán daoine i láthair an babhta seo nach bhfaca mé riamh i dteannta a chéile. I measc an lucht léirsithe eile bhí daoine ón uas-mheánaicme, mar a samhlaíodh dom, daoine a raibh cuid mhaith de mhaoin an tsaoil acu. Agus baill den aicme ghairmiúil ann freisin. Cuid mhaith acu daoine ar scor. Agus go leor ama acu.

Agus ba léir dom ar an toirt gur dhúshlán de shórt nua don rialtas an dream seo. Mar ní hionann cuid mhór díobh agus na hagóideoirí coitianta, daoine a raibh an rialtas oilte le fada an lá air iad a cheansú agus gach ruathar a thiocfadh uathu a phlúchadh, a neodrú agus a chur ar neamhní faoi dheireadh. I gcomhar lena comhghuaillithe sna meáin, sna chúirteanna agus sa phairlimint féin.

Ar imeall grúpa amháin bhí fear ceannliath ar chuma iar-ollaimh ollscoile agus dhá phlaiceard á choinneáil os ard aige. "Ní hionann DLEATHAÍOCH agus DLISTEANACH !" ar phlaiceard amháin, agus "Fainic ! Ná téigí thar fóir. Dá mhéad bhur mbarrach is ea is cóngaraí ár lasóg !" ar an gceann eile.

An t-olltionscadal a raibh an lucht léirsithe ina choinne, bhí, de réir an mheastacháin oifigiúil, costas de cheithre bhilliún ag gabháil leis, agus é á dhíol leis an bpobal mar "thionscadal na mílaoise nua". De réir meastachán eile, áfach, a bhí déanta ag daoine a bhí neamhspleách ar an rialtas, chosnódh an tionscadal i ndeireadh an lae a dhá oiread ar a laghad agus bhí curtha i leith na n-údarás dá bharr go raibh an meastachán oifigiúil coinnithe ró-íseal d'aon turas chun nach mbeadh an cur in aghaidh ró-láidir le linn don tionscadal a bheith á bhrú tríd an bpróiseas faofa.

Ach dealraíodh dom ar shlí éigin nárbh í ceist na gcostas ba mhó a bhí ag cur isteach ar na daoine.

Aerphort nua ar imeall na cathrach a bhí beartaithe, an tríú ceann sa phríomhchathair nuair a bheadh sé curtha i gcrích. An rud go léir le bheith faoi thalamh, díon trédhearcach air agus amháin na rúidbhealaí le bheith os cionn talún. Lena chois sin, bhí bealach tráchta faoi thalamh idir an aerphort nua agus lár na cathrach beartaithe a mbeadh gach cóir iompair in aon tollán amháin. Éacht innealltóireachta dar le lucht a thacaithe; fiontar contúirteach costasach de réir barúla an lucht ina choinne.

Mhairfeadh na hoibreacha tógála deich mbliana ar a laghad agus chaithfí scrios a dhéanamh sa phróiseas ar an t-aon anaclann dúlra a bhí fágtha i gceantar na príomhchathrach.

(Na tionscadail mhóra ar chostas doshamhalta agus an státchiste ag íoc as an rud go léir, bhí meas mór riamh ag lucht na cumhachta orthu. I measc na ngéithe eile díobh, mar thoradh ar na hollsuimeanna a bheadh á mbogadh anonn is anall ní fheicfeá na milliúin a bheadh á tharraingt amach dóibh féin ag an dream leis an bhfreagracht mhór. Deiseanna go leor ann le teacht i dtír ar an easpa trédhearcachta agus le freastal ar na cairde. I measc na gconarthaí riachtanacha a bheadh le bronnadh, na dtuairiscí agus na dtuairimí a bheadh ag teastáil ó shaineolaithe éagsúla agus ó lucht an dlí, d’fhéadfaí suimeanna móra a íoc as cinn eile nach mbeadh gá ar bith leo, i ndáiríre, ach amháin chun an t-airgead a scaipeadh i measc na gcairde. Tar éis an tsaoil, ní eolaíocht chruinn í riamh costas, fiúntas agus riachtanas na nithe sin a mheas, ná a mhalairt d’aon rud dá leithéid a chruthú.)

Ar mo shon féin, bhí glactha liom le fada an lá, ar bhonn pragmatach, gurb amhlaidh iad cúrsaí an tsaoil, cibé dream a bheadh i gcumhacht, agus i ndeireadh an lae ní féidir a shéanadh go raibh buntáistí sa chóras againne nach raibh sna córais eile ar baineadh triail astu i gcaitheamh stair an chine dhaonna. Gan neart agam ar ghnóthaí móra an stáit, ba é mo chonlán féin ba chás liom.

Sa Bhliain 2015 (2): III

III

Tionscnamh tógála nua ar scála i bhfad ní ba bhige a bhí ar chlár gnó na coinne a bhí mé le freastal uirthi agus a tionóladh i seomra ar an seachtú stór i bhfoirgneamh an chonraitheora.

Ón seomra cruinnithe bhí radharc anuas ar an stáisiún, ar an abhainn taobh thall de agus ar an ndroichead anonn chuig limistéir thuaidh na cathrach.

Nuair a thug mé faoi ndeara nach raibh venBon sa seomra chuir a thuairisc.

"Níl an t-Uasal venBon i láthair linn inniu, mar a fheicim."

Bhí venBon ar an t-aon duine i measc na mbithiúnach deistapaíoch uilig sa phríomhchathair a raibh meas éigin agam air.

"VenBon?" a d'fhreagair venKarq, ceann de cheannasaithe an chonraitheora. D'iompaigh sé chuig íochtarán dá chuid, "an bhfuil a fhios agat cá bhfuil vanBon?"

"VenBon? Tá lá saoire tógtha ag ár réabhlóidí intí inniu", a d'fhreagair sé, streill gháire air, an maidrín lathaigh, "le dul chuig an léirsiú, dar ndóigh."

Mar a bheadh sé ag freagairt don leid thug venKarq láithreach faoi léacht ghairid. "Is ea is réabhlóid ann ná an tiománaí a chaitheamh amach as an mbus ag an mbuíon bheag shíormhíshásta."

Na rannpháirtithe eile, níorbh ag súil le plé ar pholaitíocht a bhíomar. Idir dhaoine nár pholaiteoirí iad bhí an pholaitíocht mar ábhar comhrá imithe as faisean leis na blianta, cheal tairbhe.

Gan focal a rá leanamar linn na páipéirí a thógaint as ár málaí cáipéisí.

"Agus... cad mar gheall ar na paisinéirí, an dtacaíonn siad leis an réabhlóid…?" a d’fhiafraigh Bean vunSchiqz ar ball chun an tost a bhearnú, iarracht de mhiongáire fonnmhar ar ahaghaidh. D'fhéach an t-ailtire féinmhuiníneach thart orainn mar a rabhamar inár suí ag an mbord. Thar ár gceann, mar dhea, a bhí sí ag caint .

De ghuth údarásach, mhínigh vanKarq an scéal go tur. “Na paisinéirí? Ach gan cur in aghaidh ‘bhoic mhóra’ na réabhlóide, ná in éadan aon bhoic mhóir eile ach oiread, is cuma cé acu an tacaíonn siad léí nó nach dtacaíonn siad.“

“Níl sa phaisinéirí ach mionsonra mar sin!” a d’fhiafraigh a íochtarán go fonóideach, ag cur i gcéill go ngoillfaí air dá mb’amhlaidh a bheadh sé. Chuir sé iontas orm go raibh sé de dhásacht aige páirt chomh scaoilte a ghlacadh sa spraoi i láthair a cheannasaí.

D’iompaigh venKarq go bríomhar ina threo. “Sin agat é go díreach glan!”

Bhí ton tarcaisneach le haireachtáil ar a ghlór. Agus thost an comhrá.

Ansin chuir Bean vunSchiqz a ladar isteach, go gealgháireach arís, chun an teannas a fhuascailt. “Agus cé a thiomáineann an bus tar éis don réabhlóid a bheith curtha i gcrích?”

“De réir phrionsabail gach réabhlóide,” a mhínigh vanKarq arís, gotha na bréagthromchúise air, “is amhlaidh go bhfuil gach duine sa bhus in ainm a bheith ina thiománaí."

"Ar dtús ar aon nós,” a dúirt guth éigin.

"Agus sa chás nach bhfuil éinne ann i ndáiríre ar féidir leis an bus a thiomáint?" a
d'fhriafraigh vunSchiqz. Ag glacadh páirt iomlán sa spraoi a bhí sí, a haghaidh ag déanamh scigaithrise ar chúntanós duine a bheadh uafás air.

“Is amhlaidh gurb in an cás coitianta.” arsa venKarq ag ligean gáire as, mar a bheadh an méid sin ina fhíric nár ghá fiú í a lua.

Ba í m'uain í ansin. “Agus, más amhlaidh atá sé, cad a tharlaíonn ag deireadh thiar… gan tiománaí ceart?”

“Cad a tharlaíonn?” a scairt vanKarq go hionsaitheach uaidh. “An bhuíon bheag mhíshásta ar a sháimhín shó istigh sa bhus agus gach duine eile taobh amuigh de agus iad ag streachailt leo chun an bus mallaithe a chur chun gluaiseachta.”

D'éirigh le venKarq rois gháire a bhaint as an ngrúpa leis an méid sin.

Ansin d'iompaigh sé chugam, aoibh shásta an chait siamaigh air. "Cén tátal a bhainimid as? Coimeád an tsaoire mar is cóir agus an tiománaí mar a bhfuil sé.”

Ba ghnáth dó labhairt de ghuth ungthach liom. B’shin an chaoi a bhí aige le lútáil liom, agus,ag an am céanna, le cur in iúl dom nárbh ar mo shon féin a chuireadh sé an stró air féin ach ar son na fheidhme a bhí agam. Agus, go háirithe, ar son chúram an airgid a raibh curtha orm ag an gcomhlacht a raibh mé i mo fhostaí ann ag an am sin.

De phreab, d'osclaíodh an doras agus glaodh venKarq amach as an seomra.

Dá éagmais ní rabhamar in ann leanúint ar aghaidh leis an gcruinniú. Na daoine eile, gan faic á tuar dúinn, chromamar ar ár gcáipéisí a scrúdú.

Chuaigh cúig nóiméad thart. Agus ansin cúig nóiméad eile.

Idir an dá linn bhí Bean vunChiqz thall ag an bhfuinneog ag gabháil dá fón póca. Ó am go chéile thugadh sí súil anuas ar an tsráid. Bhíos ar tí rud a rá léí nuair a chrom sí beagán chun tosaigh agus bhioraigh a súile. "Ceapaim go bhfeicim venKarq ag bailiú leis sa ghluaisteán."

Ag an bpointe sin tháinig bean óg, ceann de na rúnaithe, isteach. "Gabhaigí ár leithscéal ach b'éigean d'Uasal venKarq imeacht. Coinne eh... chruógach, tá a fhios agaibh."

Bhí deifir uirthi agus d'airigh mé an míshuaimhneas ar a glór. "Agus… b'fhéidir go mbeadh sé chomh maith agaibhse imeacht freisin."

Faoin am seo bhí neamhchinnteacht ag gabháil fiú do Bhean vunSchiqz féin.

"Cad é an diabhal atá ar bun?" a scairt sí uaithi.

Ach d’imigh an bhean óg léí gan freagra a thabhairt.

Chuamar i dteannta a chéile i dtreo an ardaitheora, a dhícheall á dhéanamh ag gach éinne gan rún a mhíshuaimhnis a scaoileadh.

Ag taisteal anuas dúinn thug duine amháin buille faoi thuairim.

"An léirsiú imithe ó smacht?"

Sa Bhliain 2015 (3): IV

IV

Filleadh go díreach ar an óstán ina raibh mé ag baint fúm, beag beann ar cibé rud a bheadh ar siúl; b’in a bhí ar intinn agam. Bhí an t-óstán suite i limistéar cathrach ar an taobh thall den abhainn.

Ar theacht a fhad leis an ndroichead dom, áfach, d’fhan mé i mo sheasamh ar feadh
meandair. De m’ainneoin, d’fhéach mé uaim i dtreo Theach na Pairliminte, a chruinneachán ag taibhsiú os cionn na bhfoirgní eile ar an taobh abhus de.

Ba ina dtonnta a bhí an glór tormánach ag teacht anall chugam. Bhí tréith aduain éigin, tréith phrimitíbheach, leis an tormán siúd a bhain macallaí as na putóga ionam. Is cuimhin liom fós iad. Na tonnchreatha i mo h-ionathair.

Sararbh fheasach dom, bhíos ag brostú liom i dtreo an léirsithe.

Chonaic mé, nuair a tháinig mé chomh fada leis, go raibh Teach na Pairliminte go hiomlán timpeallaithe ag na léirsitheoirí. Istigh bhí daoine ag sciuird anonn is anall taobh thiar de na fuinneoga.

Shiúileas liom ar thaobh na láimhe clé thart ar an bPairlimint chuig an gcearnóg mhór os comhair aghaidh thosaigh an fhoirgnimh. Ní raibh aon tsúil agam, dar ndóigh, leis na sluaite móra a bhí ann romham. Idir scléipeach agus bhagrach, ba dheacair an t-atmaisféar a mheas.

Os comhair na ndoirse móra, bhí drong mhór ag brú ar a chéile. Níor léir dom, áfach, cé acu an raibh siad nó nach raibh siad ag brú ar na doirse féin.

Ina seasamh go réchúiseach ina ngrúpaí beaga bhí na póilíní ag cabaireacht leis na
léirsitheoirí, aoibh ar gach éinne, mar a samhlaíodh dom.

Taobh thiar de fhuinneoga an dara stóir, bhí triúr i gcultacha dorcha, na lámha á n-oibríú acu agus iad ag tathant, go feargach de réir dealraimh, ar ghrúpa póilíní a bhí ina sheasamh

taobh leis an slua a bhí bailithe os comhair na ndoirse.

Os cionn ghleo na sluaite níor chualathas ar dtús í ach go gairid bhí geonaíl innill
héileacaptair le cloisint anuas ó dhíon Áras an Phríomh-Aire ar an taobh thall den chearnóg os comhair Theach na Pairliminte amach. Tharraing an torann aird gach duine I dtreo an dín mar a raibh dlús ag teacht le luas rothlú an rótair agus, dá réir, an gheonaíl ag dul i láidre.

D'aithníos an Príomh-Aire i measc grúpa bhig a bhí ag déanamh cromruathair faoi dhéin an heileacaptair. D'iompaigh duine den ghrúpa thart -garda slándála a bhí ann -agus d'fhéach sa treo as ar tháinig siad. D'ardaigh sé gunna a bhí ina ghlac aige agus scaoil urchar uaidh, agus ansin urchar eile. Baineadh siar as na sluaite ar an gcearnóg. Chuaigh gach duine chun talaimh.

(Mar a nochtadh ní ba dhéanaí, ba trí thollán faoin gcearnóg a bhain an Príomh-Aire agus a lucht coimhdeachta an t-Áras amach. De réir mar a tháinig soiléiriú ar na cúinsí, ba amhlaidh nárbh é díon an Árais an chéad áit ar cuireadh tús leis an gcomhrac idir bhaill an tseanchórais agus iad ag iarraidh éalú. Ach cheana féin sa bhealach rúnda faoin talamh.

Ar táinrith ó cholg an phobail, a raibh siad féin ciontaithe ann mar ba léir dóibh, gan dabht, ag an bpointe sin. Agus mar fhianaise ar an gcomhrac, bhí corpáin na mbásaithe, a maraíodh trí philéir nó trína mbascadh, scaipthe ar fud an tolláin.)

Nuair a bhí sé de mhisneach agam thógas mo cheann arís agus thugas súil ar dhíon an Árais. Ba líonmhaire na daoine thuas air faoin am seo agus iad uilig ag iarradh an héileacaptar a shroichint. As oscailt ar bharr an staighre a raibh siad tagtha amach ar an ndíon. Bhí scliúchas ar siúl taobh leis an héileacaptar, búireanna fiáine le cloisint d'ainneoin thorann an innill. Leagadh fear amháin a raibh an héileacaptar beagnach sroichte aige. De phléasc, d'oscail a mhála cáipéisí agus scaipeadh na páipéirí ar an toirt ag gaoth an rótair. Nótaí bainc ar ainmluachanna arda ina measc.

Chualathas urchair á scaoileadh in athuair. Ní ba mhó ná gunna amháin an babhta seo. Cé nach raibh, de réir dealraimh, na daoine ar an ndíon d'aon turas ag scaoileadh urchar anuas inár dtreo bhí fead philéar le cloisint dá ainneoin ar fud na cearnóige agus iad ag scinneadh tríd an aer thart orainn.

D'ardaigh an héileacaptar go mall aníos san aer agus d'eitil sé leis ó thuaidh faoi dhéin na habhann.

In aice láimhe dom lig bean gáir aisti, “ag breith na gcos leo, na bithiúnaigh! Ní raibh iontu riamh ach bolgáin smidte."

Na daoine a bhí tréigthe thuas ar an ndíon, chrom siad ar urchair a scaoileadh i ndiaidh an héileacaptair.

Ar theacht a fhad leis an abhainn don héileacaptar, chualathas plobarnaíl as an inneall. Tháinig laghdú ar a luas. Ansin chualathas dhá phlobarnaíl go sciobtha i ndiaidh a chéile, an ceann deireannach cosúil le pléasc.

De ghnáth, déanann an rótar cruth diosca os cionn cabhlach héileacaptair ar eitilt, ach anois bhí na h-eiteoga le feiscint ceann ar cheann agus iad ar casadh go stadach.

Ar foluain ar airde dhá chéad mhéadar a bhí sé nuair a chlaon sé ar leataobh. Mar a bheadh sé ar fhána shamhalta san aer, sciorr an héileacaptar anuas agus isteach san abhainn. Lig na daoine thart timpeall orm aon chnead mhór scéine astu.

Ar ball, thosaigh torann truamhéileach ag teacht ón inneall agus é ag saothrú an bháis san uisce. Nuair a bhí an héileacaptar imithe go hiomlán faoi, tháinig tost aduain ar an láthair.

Bhí na sluaite ar an gcearnóg agus na daoine ar an ndíon araon faoi gheasa agus iad ag amharc i dtreo ionad na tuairte.

De phléasc, brúchtadh caor thine aníos sa spéir. Néal dubh timpeall uirthi. Deatach dubh ag sraoilleadh uaithi.

Rith tonn turrainge trína sluaite. Bhí na daoine ar an ndíon mar a bheadh néal orthu.

Agus ba bheag duine i láthair nach raibh tuigthe ar an toirt acu gurbh in cor cinniúnach nach bhféadfaí choíche iompú ar ais thairis.

Sa Bhliain 2015 (4): V & VI

V

Ar ball, bhí saighdiúirí le feiscint ar imeall na cearnóige agus iad faoi arm. Thost monabhar cainte na sluaite. Láithreach bonn thug na saighdiúirí aghaidh ar an slua a bhí cruinnithe go díreach os comhair na ndoirse móra, a bhí ar oscailt faoin am seo. I bhfaiteadh na súl bhí an t-aer ramhar le teannas na héiginnteachta. Ach nuair nár dhein na saighdiúirí ach forrán cairdiúil a chur ar na póilíní agus ar an lucht léirsithe thall in aice le Teach na Pairliminte ghlacamar, na daoine eile, ár suaimhneas arís.

Thuas ar an stór is airde de Theach na Pairliminte, d’osclaíodh na fuinneoga agus shac cúigear nó seisear a gcloigeann amach. Thosaíodar ag breathnú timpeall ar na sluaite, á ngrinniú, mar a samhlaíodh dom, sarar chúlaigh siad tar éis cúpla nóiméad as radharc agus isteach arís san fhoirgneamh.

Bhí mearbhall nár bheag orm. Caithfidh gur i dtaibhreamh atáim, shíleas. Suimiúil go leor an ceann seo, gan amhras, ach ba mhaith liom bheith i mo dhúiseacht arís; go leor foghlamtha don bhabhta seo agam sa ríocht taibhriúil siúd ar an taobh thall nach bhfuil na gnáthrialacha i bhfeidhm inti.

Dhúnas mo shúile agus bhaineas croitheadh maith asam. Deireadh leis an spraoi anois,
dúisigh! D'osclaíos mo shúile arís agus d'fhéachas amach uaim.

Chonaic mé an t-Uasal venBon ag teacht go díreach faoi mo dhéin.

"Ón bhfuinneog anall a chonaic mé thú", a ghlaoigh sé chugam, a mhéar sínte sé i dtreo Theach na Pairliminte, agus é ag déanamh orm go diongbháilte trína sluaite.

„Ah, an t-Uasal venBon!“ a dúirt mé go fáilteach, “do chualas go rabhais ag freastal ar an léirsiú inniu.”

Éalaithe, i muinín an ghnáis, go ró-éadroim as mo bhéal, rith sé chugam a laghad an
dóchúlacht a bheadh coitiantacht mo fhriotail i gcomhréir lena raibh ar bun thart timpeall orm.

Go dian ar mhisean, mhínigh venBon gan mhionchaint dom. B'fhíor gur luaigh sé go
mbeadh an t-olltionscadal le cur ar neamhní, ach bhí cúrsaí imithe thar an gceist sin faoi seo. Ní ba thábhachtaí anois: bheadh athchóiriú ginearálta le déanamh ar an gcóras, na baill lofa le gearradh amach, an pháirc imeartha le cothromú, grúpa stiúrtha i bhfeighil an rialtais, é féin ina bhall air, roghnaíodh grúpa beag de na polaiteoirí ba hinmhuiníne...

Bhriseas isteach air. "Polaiteoirí inmhuiníne?" Ag smaoineamh ar an tiománaí, tiománaí an scéil, a bhíos.

Mhínigh sé dom ce gurbh fhíor go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach raibh go leor polaiteoirí den chineál sin ann ach comhréiteach riachtanach a bheadh ann. Ar dtús, ar a mhéad. Eolas acu ar innealra an riaracháin, nach raibh ag an ngrúpa stiúrtha. Tréimhse eatramhach. Agus ainm eatramhach, dála an scéil, "grúpa stiúrtha". Bheadh téarmaíocht a bhain le gach ré a bhí thart le seachaint.

Agus,ar ndóigh, sararbh fheasach dom, bhí ról oifigiúil ceaptha orm . Sheolfaí ar ais go dtí mo chathair dhúchais mé an lá dár gcionn. Le dul i mbun mo chúraimí nua.

Ach ar dtús bhí ag teastáil ó venBon go rachainn amach le cuid den ghrúpa chuig Pálás an Uachtaráin. Bheadh le cur ina luí ar an Uachatarán go dtabharfadh sé aitheasc ar an teilifís.

Chun an pobal a chur ar a shuaimhneas. Ar eagla na eagla, mar chosaint ar anord.


VI

Dingthe idir venBon agus duine eile den "ghrúpa stiúrtha" ar an suíochán cúil a bhíos nuair a thiomáin an tacsaí isteach trína geataí móra. Níor dhein na gardaí slándála ach stánadh orainn, dreach neamhshuntasach orthu. Thiománamar suas an cabhsa fada crann-imeallach chuig an bhfoirgneamh mór.

I stíl na hAthbheochana é a tógadh sa dara leath den naoú haois déag ag tionsclaí saibhir a raibh a chlú agus a chlann imithe i ndíchuimhne le fada an lá.

I Halla Mór an Pháláis romhainn bhí an t-Uachtarán, a bhean chéile agus baill de fhoireann an Uachtaráin cruinnithe i ngrúpa. Bhí cuma imníoch ar gach duine acu ach amháin ar an Uachtarán féin, mar a dealraíodh dom.

Bheannaigh venBon go deifreach dóibh agus, gan a thuilleadh moille, thosaigh sé ar na
hathruithe nua a mhíniú don Uachtarán.

Ba bheag nárbh fheasach i gceart dúinn, na daoine stiúracha féin, cad a bhí ar bun, chomh sciobtha agus a bhí gach uile rud ag gluaiseacht ar aghaidh.

Seanlúbaire a bhí dulta í séimhe leis an aois, de réir cosúlachta, agus mórchuid an phobail sách ceanúil air dá bharr, d'éist an t-Uachtarán le forógra an "ghrúpa stiúrtha", a mheigeall bán á chuimilt go smaointeach aige.

Ar na dualgais a bheadh le comhlíonadh aige, bheadh aitheasc teilifíse le tabhairt a chraolfaí láithreach, agus arís ag a hocht a chlog tráthnóna. Le h-aon mhíshuaimhneas a bheadh ar an bpobal a bhaint de. Thiocfadh an t-Uachtarán leis an méid sin, gan dabht.

Nuair a bhí deireadh lena raibh le rá ag venBon, chlaon an t-Uachtarán a cheann go
tuisceanach agus chuaigh ar a mharana ar feadh meandair.

Ansin, mar a bheadh sé ag amharc ar phointe éigin i bhfad amach uaidh, d’fhógair sé de ghlór sollúnta, “ní ionadh liom go bhfuil an ré nua seo buailte linn. Is amhlaidh go bhfuil sé aitheanta agam le fada nach féidir cúrsaí leanúint ar aghaidh mar a bhíodar. Ach an lá cheana bhí mé ag rá le mo bhean chéil… "

De phléasc agus gan choinne, bhris racht gáire isteach ar chaint bhán an Uachtaráin. Uaimse a tháinig sé. Ach níor d’aon ghnó. Ba ar éigean a d’ éirigh liom é a phlúchadh. Agus bréagriocht taoim casachta a chur air.

Bhí tost ciotach sa Halla Mór ar feadh cúpla soicind.

Ach ansin labhair venBon arís, le sonraí an chraolta a chur in iúl, go raibh téacs ullmhaithe ann: athchóiriú le déanamh ar an gcóras, na baill lofa le gearradh amach, an pháirc imeartha le cothromú agus mar sin de. Cibé a raibh ar siúl níor ghá don phobal a bheith suaite.

Ag taisteal dom ar an traein faoi thalamh níos déanaí sa lá ba bheag a bhí le cloisint faoi chraoladh an Uachtaráin ná faoina h-imeachtaí móra féin. Idir mhonabhar cainte agus atmaisféar suanach ní raibh rud ar bith as an ngnáth. Ag an stad faoi Stáisiún an Oirthir tháinig fógra as an gcóras fógartha poiblí go gcraolfaí aitheasc an Uachtaráin arís ag a hocht a chlog tráthnóna. Thost an monabhar cainte agus thosaigh na daoine ag féachaint go mí-shásta thart timpeall ar a chéile.

Bhí seanbhean ina suí os comhair mná meánaosta agus gnúis uirthi. Chrom an bhean
mheánaosta i dtreo na seanmhná agus labhair léí de ghlór ard mar ba dhealraitheach go
raibh an tseanbhean bodhar. “Ná bí buartha, a stór. Oráid ghearr a bheidh inti agus chuala mé go gcraolfaí babhta leathceannais na hEoraifíse anocht ar aon chaoi, cibé a tharlóidh,” a dúirt sí. Bhí a chluasa biortha ag gach éinne sa charráiste ar a raibh le rá aici. “An ea?” a d’fhiafraigh fear óg a bhí ina sheasamh sa phasáiste. “Ó sea, tá an méid sin cinnte ar aon nós.” a gheall an bhean mheánaosta, á corraí agus á socrú í féin sa suíochán faoi mar a bheadh an fhaisnéis ba thábhachtaí dá raibh le fógairt an lá sin fógartha aici.

Agus má bá é go raibh gá ar bith leis, chuir dea-scéal na mná meánaosta gach duine sa
charráiste ar a shuaimhneas.

Sa Bhliain 2015 (5): VII & VIII

VII

Na seachtainí dar gcionn chaith mé i mo chathair dhúchais i mbun an córas nua a eagrú. Bhí tréaniarracht ar bun ag an am múnlaí na réanna a bhí thart a sheachaint. Ar an ábhar sin, is dócha, deineadh roinnt mhaith dá raibh ar siúl go neamhfhoirmeálta.

Mar shampla, ba hiondúil go dtagadh duine aduaidh ón bpríomhchathair uair amháin sa tseachtain le comhordú a dhéanamh liom. Agus ba ghnás dúinn buaileadh le chéile i gcaifé i lár na cathrach.

Ag snámh mar iasc i mbáire iasc, a bhíomar!

Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin ar feadh tamaill amhail mar a bheadh normáltacht an domhain ag gabháil leo.

Ag deireadh na cúigiú coinne, shín an duine ón bpríomhcathair beart beag trasna an bhoird chugam.

"Déarfainn go bhfuil t-airgead beagnach dulta i léig agat faoi seo," a dúirt sé.

Rud praiticiúil a bhí ann ag an am, caithfidh mé a admháil, nár chuid suntais faoi leith dom é. Nach raibh mé éirithe as an bpost a bhíodh agam? An bheirt againn, dá bharr, dheineamar an rud seo leis an airgead a ionramháil mar mhionsionra riachtanach, neamhshuntasach.

Ansin chuir sé ceist nach raibh coinne agam léí.

"Abair, an bhfuil eagla ort?"

"Níl," a d'fhreagair mé gan mhoill, "nach bhfuil an ceart ag ár dtaobhsan?"

"Bhuel," a dúirt sé, "is amhlaidh go bhfuil daoine ann a chreideann nach fiú brobh an dlí nuair nach bhfuil an dlí mar fhriothálaí dóibh féin ná ag freastail ar a riachtanais phearsanta feasta."

Ag filleadh dom ina dhiaidh sin ar m'árasán d'airigh mé, don chéad uair, péirí súl na sluaite sna sráideanna mar a bheidís do mo pholladh. Bhí focail scoir an duine ón bpríomhchathair ag déanamh macalla i mo chluasa.

"Ba bheag na hathruithe atá bainte amach againn toisc go bhfuilimid ag snámh in aghaidh sruth an uisce faoi thalamh atá an seandream fós ag cur sa siúl inár gcoinne. Agus is cosúil, faraor, go bhfuil sé thar am dúinn dá bharr tiontú ar an gcuid mhíthaitneamhach siúd dár ndualgas."

Is fíor go deo nárbh ábhar mórtais dom na laethanta ar chaith mé ag plé lena dualgais ba ghéara siúd a bhí curtha orm. Ach nárbh égur chuid lárnach den pholasaí nua é na baill lofa a ghearradh amach. Agus níor fágadh againn an dara rogha. I ndeireadh na dála ní raibh aon dul as.

Faoi dheireadh is amhlaidh gur cuireadh tús leis na fiosrúcháin.

Thosaíomar le lucht na gcuideachtaí móra.


VIII

Is maith is cuimhin liom an chéad mhaidin ar thug mé aghaidh ar na duganna thíos ar bhruach na habhann agus ar sheanhalla mór a bhí lonnaithe i gcúinne iargúlta ann. Idir an dá linn, bhí an halla roinnte i seomraí beaga.

A luaithe a bhíos istigh ann bhain an tormán agus an screadaíl siar asam.

Bhí an stiúirtheoir ann le fáilte a chur romham. Fear aclaí praiticiúil soirbh, de réir cosúlachta. Agus go hiomlán gan mhaoithneas. Fear a raibh gnó le déanamh aige.

Is cuma cén córas i bhfeidhm, bíonn daoine dá leithéid ann i dtólamh.

Agus dheamhan a fhios agam cad as a dtagann siad!

"Ná cuireadh sin asat," a dúirt sé le gáire, chun mé a chur ar mo shuaimhneas, dar ndóigh, "cur i gcéill atá ann. Níl sa mhéad a chloistear anseo ach taifid a cuireadh le chéile sa stiúideo ag aisteoirí atá ag obair i dteannta linn. Ach ní fios do na daoine a bhfuilimid ag féachaint le dul i bhfeidhm orthu gurb amhlaidh atá."

"Ach nach sceimhle..?"

Níor éirigh liom bailchríoch a chur leis an abairt.

"Och," a d'fhreagair sé, beag is fiú á dhéanamh aige de, "tá sotal dophollta an tsaibhris ag an dream a mbímíd ag plé leo anseo. Níl aon chaoi eile le dul i bhfeidhm orthu ach iad a sceimhliú go smior. Agus níl neart againn ar an sceal, ní sinne a chuir an sotal sin iontu nach dtugann an dara rogha dúinn."

"Ar aon nós, de bharr na faisnéise a bhíonn cruinnithe againn cheana féin," a lean sé ar aghaidh le gotha fir a bhreathneodh go príomha ar an rud mar ghnó ar chóir é a chur i gcrích go héifeachtach, "agus a thaispeánaimíd láithreach do na daoine atá faoi fhiosrú ní fada iad ag éisteacht le Grand-Siansa an Chéasta go dtí go gcuireann siad a bpeacaí i bhfaoistin scríofa dúinn. Agus cibé rud atá ar eolas acu faoina hiarchomhghleacaithe san áireamh. Ag súil le lascaine ar an bpíonós, gan amhras, dhíolfadh an dream seo a seanmháithreacha féin. An chuid is mó díobh ar aon nós."

Agus chroith sé a cheann le hiontas. Ní le hiontas gurb amhlaidh a bheadh cúrsaí an tsaoil ach ar an ábhar nach raibh sonra chomh suntasach mar sin tugtha faoi ndeara aige sa saol a bhí ann roimh an ré nua.

Bhí carn fillteán ar an mbord aige san oifig, shiortaigh sé tríd, thóg ceann acu ina lámh agus shín chugam é. Bhí grianghraf de fhear meánaosta greamaithe ar bharr an chéad leathanaigh.

"Aithne agat ar an té sin?"

Bhreathnaigh mé ar an ngrianghraf. Níorbh fhéidir liom gan an duine siúd a aithint. Agus é le blianta fada ar an mbord stiúrtha sa chomhlacht againn cé nach raibh, ar a mhéad, ach aithne súl againn ar a chéile má ba rud é gur thug sé suntas ar bith dom. Duine a bhí ann a chuir béim mhór ar chúrsaí barainne riamh agus a mbíodh de leathrann aige gur thábhachtaí sábháilteacht na bpostanna ná an tuarastal.

Thóg mé an fillteán agus scrúdaigh mé a raibh breactha ann. An t-airgead a bhí curtha ar leataobh aige dó féin agus dá chomhghleacaithe, ní bheadh fiú d'acmhainn samhlaíochta agam a thomhas agus mé i mo fhostaí beag neamhúrchóideach san áit chéanna gurbh ann don mhéad sin airgid riamh sa chomhlacht mura raibh sé leagtha amach os mo chomhair.

Dáta amháin a tharraing m'aird air: Nollaig na bliana 2012 nuair a ligeadh caoga chun siúil,chuir sé deich milliún isteach i gcúntas i Liechtenstein.

Nuair a shroicheamar deireadh an dorchla d'oscail an stiúirtheoir doras ar thaobh na láimhe clé.

D’ainneoin a raibh ar eolas agam anois faoi, caithfidh mé a admháil gur baineadh stangadh asam an seansaoiste a fheiscint agus é ina shuí ag an mbord i veist bhrocach.

D'aithin sé mé, is fíor sin. Agus chuir sé in iúl dom ar an toirt le dreas beag geaitsíochta go ndéanfadh sé m'ainm a scairteadh amach ach é a rith leis. Agus ag an bpointe sin, bhí mé cinnte de nach raibh m'ainm riamh ar eolas aige. Ina ionad sin, leath bréag-aoibh tláithíneach ar a aghaidh mar a bheadh seanchara nochtaithe chuige a mbeadh ar a chumas aige teacht i gcabhair air agus é a fhuascailt as an gcruachás.

Tháinig masmas orm agus d'fhág mé an seomra.

Sa Bhliain 2015 (6): IX, X & XI

IX

I seomra eile bhreathnaíomar isteach trí scáthán aonbhealaigh ar a raibh ar siúl ann. Bhí fear ina shuí ar chathaoir, cruth sleabhcaithe cloíte air. Ina seasamh taobh leis bhí bean, a bhean chéile dar ndóigh, agus í á thacú go dúshlánach in éadan an fhiosraitheora agus a fhir cúnta.

"Dá mba mise tusa bheinn buartha faoi cad a tharlódh dom nuair a bheadh na húdarais
dlisteanacha arís i gceannas. Agus geallaim duit go mbeidh siad, níos luaithe ná a cheapann tú!" a scairt uaidh sí i dtreo an fhiosraitheora.

"Nach dána an mhaise duit a leithéid a bhagairt orainn agus sibh féin deargchiontach leis an gcruachás ina bhfuil sibh," a d'fhreagair fear cúnta an fhiosraitheora agus lig sé air ar feadhsoicinde go raibh sé ar tí fogha a tabhairt fuithi.

Chuir an fiosraitheoir lámh ar ghualann an fhir eile chun é a cheansú. Ansin shocraigh sé é fé agus labhair sé de ghuth séimh deisbhéalach leis an lánúin.

"Ní díoltas is cás linn ach athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras. Ar an ábhar sin ba mhaith linn deis a thabhairt do gach éinne a pháirt féin a ghlacadh chun an t-athchóiriú sin a chur i bhfeidhm. Ní cás linn iadsan, fiú, a bhfuil feall nach beag déanta acu ar an tsochaí a dhíbirt aisti. A mhalairt ar fad, ba mhian linn na daoine siúd, na daoine siúd go háirithe, a athlonnú i gceartlár na sochaí agus ról gníomhach a bhronnadh orthu."

Faoi dheireadh léigh sé amach go sollúnta a raibh cinntithe ag an mbinse fiosrúcháin, sonraithe an phíonóis a bhí le gearradh orthu.

Bheadh cónaí ag an lánúin iar-rachmasach in árasán beag i limistéar in oirthear na cathrach a raibh bloic árasán ollmhóra na haicme is boichte ann. Bheadh post ag an bhfear mar shaothraí sa loisceoir in aice láimhe agus bheadh an bhean fostaithe i neachtlann an ospaidéil.

Ní hé go rabhthas sásta iad a athlonnú sa tsochaí d'ainneoin a dtaifid cóiriúla ina haghaidh, ní fhágfaí iad gan dóchas, ach an oiread.

Ach tréimhse thrialach shásúil a chur isteach agus, bheadh deis acu faoi dheireadh tuarastal rialta, an tuarastal is ísle sa chóras ag an am sin, a thuilleadh.

Leag an fiosraitheoir an páipéar ar an mbord agus dhírigh sé a aird go cruinn ar an lánúin. Chuir sé gotha na dúthrachta ionraice air féin agus dúirt de ghlór toll domhain.

"Ba mhaith liom cur ina luí oraibh an t-athrú nua seo a aithint mar dheis, deis ar fiú agus ar chóir í a thapú. Ach glacadh léí leis an meon cuí agus cur chuige cruthaitheach a chur i bhfeidhm ina leith agus…"

Lean sé leis ar feadh cúpla nóiméad. Ba léir dom faoi seo go raibh réamh-aithne aige ar na daoine os a chomhair agus go raibh sásamh as cuimse á bhaint aige as an gcur i láthair.

Nuair a bhí críoch curtha leis an aitheasc, d'fhiafraigh sé den fhear an raibh gach rud tuigthe aige.

"Sea, sea," a d'fhreagair an fear de ghuth a raibh an misneach go hiomlán tráite as.

Ansin chuir sé an cheist ar an mbean.

Ba ar éigean a tháinig léí an "sea" a bhí ag teastáil ón bhfiosraitheoir a fháisceadh go doicheallach amach as a scórnach. Agus ba ar éigean a d'éirigh léí strainceanna an fhuatha a bhí i seilbh a ceannaithe a cheansú.


X

Ar uaire is amhlaidh go dtéann imeachtaí an tsaoil ar aghaidh amhail mar a bheadh a dtoil féin acu, beag beann ar na daoine a scuabtar leo, agus a chuirtear ag tuisliú ceann ar aghaidh le fána. Gan neart acu ar an mbealach ná ar an gceann scríbe. Agus más amhlaidh atá, cén chiall é dul ar lorg miniúcháin?


XI

Ag deireadh na céad coinne eile leis an duine ón bpríomhchathair, mar ba ghnách leis faoi seo, shín sé an beart airgid trasna an bhoird chugam. Nílim cinnte de go dtí an lá seo féin arbh é gur mhearbhall a tháinig orm nó nárbh é. Gach seans, déanta na fírinne, gur chor neamhúrchóideach a bhí i gceist, fiú. Ar aon nós, an tráth seo, dealraíodh dom go raibh an beart ní ba mhó ná an babhta roimhe. Agus rith sé chugam gurbh fhéidir gur chuir stiúirtheoir an tseanhalla dóibhsean sa phríomhchathair ar an eolas faoin míshuaimhneas a bhí orm i dtaobh na “ndualgas gear”.

Bhreathnaigh mé síos ar an mbeart.

Ba ansin a d’airigh mé í os cionn mo shúile clé, á corraí. Is amhlaidh gur aniar aduaidh a tháinig mo mhala orm nuair a thug sí fúithi í féin a árdú ag an móimint sin. Dá toil féin, mar a dealraíodh dom. Agus ní mó ná gur éirigh liom í a choimeád faoi cheilt.

D'fhéach an duine ón bpríomhchathair orm, rian de mhiongáire ceisteach ar a bhéal. Ach d'éirígh linn an mhóimint a ligint tharainn, mar a cheap mé ag an am.

Sa Bhliain 2015 (7): XII, XIII & XIV

XII

Glaodh go dtí an phríomhchathair mé tamall ina dhiaidh sin. Bhí ollchruinniú le bheith ar siúl. Ionadaithe ó gach ceantar den tír le bheith i láthair.

I measc na n-athshocraithe, bhí tithe agus árasáin le cur ar fáil do na feidhminigh.
Ar chúiseanna slándála, dar ndóigh. D'aithin mé an t-ailtire, Bean vunSchiqz, agus í i mbun an t-athchóiriú galánta a bheadh le déanamh ar na seantithe móra ar bhruach na habhann sa phríomhchathair a léiriú do ghrúpa de na feidhminigh a bheadh ina gcónaí iontu. Bhí a cur i láthair chomh gealgháireach agus chomh fonnmhar mar a bhíodh riamh.

Ag caint le venBon a bhí mé nuair a d'aithin mé duine eile.

"An é sin do sheansaoiste venKarq a fheicim," d'fhiafraigh mé de venBom.

"venKarq?" a d'fhreagair venBon go ró-chúramach, "An t-Uasal venKarq , an chuige atá tú? Ó, tá seisean go lántiomanta linn. Tá ról lárnach á chomhlíonadh aige." Agus chrom sé láithreach ar ábhar eile a phlé.

Ní ba dhéanaí nuair a bhí deireadh leis an mbéile, chonaic mé Bean vunChiqz agus venKarq i measc grúpa a bhí ina sheasamh i gcúinne an Halla Mhóir. Níorbh fhada go raibh venBon imithe ina leith. Ar ball, mar a dealraíodh dom, ba bheag nach raibh tost tagtha ar an gcomhluadar, nach mbearnaíodh le rois cainte ach anois is arís.

I leathaghaidh de chuid venBon bhí ceannaithe cneasta fós le feiscint, thart ar an leiceann agus thuas sa chlár éadain. Ach bhí díocas úr i seilbh a bhéil, agus cruas. Agus bhí faghairt curtha ina shúile ag an deis. An deis, agus deis mhór san áireamh, a bheadh i ndán dó sa saol nua. Ach í a thapú le hiomlán a nirt agus a dhúthrachta!

Níor chás dá leithéid leis sa saol a bhí ann roimhe. De bharr í gan a bheith i ndán do bhall neamhúrchóideach de lucht féachana an tsaoil dá chineál féin. Ach anois! Agus is amhlaidh go raibh an méad sin aitheanta go luath aige.

Tar éis dreasa cainte thagadh tost ar an gcómhrá arís agus d'fheiceadh duine nó
beirt den chomhluadar thar a leicinn chugam anall.


XIII

Tagaim isteach i seomra eile. Ní fhaca mé seomra den chineál seo thíos sa seanhalla roimhe seo. Ba líonmhaire na daoine sa seomra seo ná sna seomraí eile. Agus ceangailte de chuaillí cruach le slabhraí a bhí siad. I gcomhar a chéile d'iompaigh siad uilig i mo threo nuair a chualadar mé ag an doras. Bhí aithne agam ar gach éinne acu. Bhí raon leathan de shórt duine ann idir iad siúd a mbeadh amhras agam fúthu agus dhaoine eile a raibh mé cinnte ina dtaobh nach raibh feall nó cam déanta acu, nó fiú an deis acu chuige. Lig siad osnaí faoisimh astu agus gheal na haghaidheanna mar a bheadh a slánaitheoir tagtha ina láthair.

Ach ansin d'fhéachadar ar mo lámha agus shioc na haghaidheanna le huafás. De gheit, d'fhéach mé féin ar mo lámha. Bhí piostal i lámh amháin agam agus ciúnadóir sa lámh eile. Mar a bheadh duine eile seachas mé féin á dhéanamh, shocraigh mo lámh an ciúnadóir ar bharr an phiostail agus scriúail é go hoirbheartach idir méar agus ordóg. Ar an gcaoi mhin bhealaithe a raibh sé ar casadh ar an snáithe bíse ba léir go raibh an duine a chuir ag casadh é seanchleachtaithe ar an ngnó. De chniog géar miotallach tháinig an ciúnadóir chun staid ag bun an tsnáithe. Agus lig an grúpa osna mór scéine astu.

I measc na n-osnaí d'aithníos guth a raibh mé cinnte de go raibh seanaithne agam air.

I mo shuí go righin a bhí mé, ag féachaint thar bun na leapa amach i dtreo fuinneoga móra coimhthíocha an árasáin mhóir a bhí curtha ar fáil dom. Na cuirtíní ar foluain go taibhsiúil ar ghaoth na hoíche dorcha sna fuinneoga oscailte.

Chuala mé guth codlatach traochta mo mhná céile taobh thiar dom.

"Níorbh ann arís ach tromluí. Luí síos agus téigh a chodladh."

Ansin d'iompaigh sí sa leaba agus d'fháisc an duivé go daingean chuici. "Ní mór dúinn
tabhairt faoi rud éigin mar gheall ar na tromluithe mallaithe. Ar éigean a fhéadaim an scéal a fhulaingt a thuilleadh."

Ar an maidin dár gcionn shocraigh mo bhean chéile, mar leigheas beag láithreach ar an scéal, gur chóir don teaghlach cuairt a thabhairt ar an zú. Agus lá a chaitheamh i dteannta a chéile faoi mar a dheinimís go minic, tráth den saol.


XIV

Is cuimhin liom mo shrón a bheith tumaithe i gcaoinfholt fionn craobhach m'iníne óige a bhí ina suí i m'ucht. Ba bhreá liom riamh cumhracht bhog neamhchiontach linbh óig.

Faoi dheireadh mhúscail sí, shrac í féin saor uaim agus rith i dtreo a máthar a bhí
ina suí ar bhinse ar bhruach an locha a bhí lonnaithe i lár an zú, a droim tiontaithe liom.

“Táim bréan de bheith ag feachaint ar na hainmhithe," a d’fhógair sí do mo bhean chéile. "Ba mhaith liom an t-uachtar reoite a gheall Daidí dom. Ach anois díreach!”

Agus d’imigh an beirt acu leo.

D'fhan mé i mo shuí mar a raibh mé.

Ar mo mharana.

I lár an locha amhail neach beo, bhí scairdeán ingearach uisce ag sioscadh, agus ag
bánsoilsiú faoi choimirce na gréine, a bharr ag gobadh suas, ag preabadh aníos, i
síorchoimhlint súgrach leis an domhantarraingt. Tháinig siolla beag gaoithe a lúb an colún bán go bog ar leataobh agus a chuir, ar ball, na braonta uisce, gach braon ina aonar, ag teitheadh i gcomhar le chéile ar chuar ruthaig ó bharr an scairdeáin. Go dtí gur fhill said de phleist, ina gceann agus ina gceann, ar bharr an locha.

Is ansin a chonaic mé iad. Mar cháitheadh ar seoladh san aer. Go mall. Go draíochtúil. Na hanamacha ag scaradh leo ón scairdeán. Bánsoilsithe, ina gceann agus ina gceann. Bréagnaithe ag an leoithne. Fuadaithe, go ró-shéimh ar an ngaoth, i lár an lae ghil.

Sa Bhliain 2015 (8): XV

XV

Níorbh é an duine coitianta ón bpríomhchathair a tháinig chuig an choinne an uair seo ach venBon féin. D'éirigh linn plé le gnóthaí amhail is nach mbeadh aon rud as an ngnáth. Ag deireadh na coinne síneadh an beart beag airgid trasna an bhoird chugam. Bhreathnaigh mé ar an mbeart ar feadh meandair. An babhta seo, ní raibh amhras ar bith orm go raibh méadú suntasach tagtha air.

"Dar mo chonsias," a dúirt mé faoi dheireadh, "ach nach dul i raimhre atá na bearta siúd le déanaí!"

Ar dtús, dhein sé iarracht gotha duine a raibh iontas mór gan choinne curtha air a chur air ach ar ball níor dhein venBon ach féachaint idir an dá shiúl orm.

An radharc a dhírigh sé orm, ba léir dom gan dua a raibh le léamh ann. Radharc cáinteach a bhí ann. Bhí an díomá mór ann, mar dhea, a bhí á fhulaingt aige ar mo shon. Ach bhí daingne ann freisin le cur in iúl dom nach gcuirfinn ar seachrán é le mo chaint éigiallda. Go raibh cluichí moráltachta páistiúla á imirt agam leis. Go raibh gaiste á chur agam dó. Ach nach gceapfaí sa ghaiste sin é.

Gurbh fhios dó gurbh fhios dom conas a bhí cúrsaí an tsaoil. Agus nach gcuirfinn iachall air iad a mhíniú dom, agus na focail ghránna a rá. Mar a bheadh seisean ina údar ar chúrsaí do-athraithe an tsaoil.

Agus bhí ceist le haithint ar a dhreach: an é nár mhaith liom bheith i mo bhall den fhoireann feasta? An fhoireann a raibh gach ball mar laoch di. Agus ualach trom dofhulaingthe ag brú anuas ar gach duine acu.

Ach gan cáineadh le cloisint d'ainneoin an anró uilig.

Ó éinne.

Seachas...

Sheas mé suas, ghabh mo chead dó agus d’imigh liom. D’fhág mé an beart airgid ar an
mbord i mo dhiaidh.

Sa Bhliain 2015 (9): XVI (Deireadh)

XVI

Cá fhad a bhfuilim san áit seo? Ní cuimhin liom cathain ar éirigh mé as na laethanta, na míonna, na blianta a áireamh.

Sna blianta tosaigh ba líonmhaire i bhfad na daoine a bhí anseo.

Sa deireadh ní raibh fágtha ach an t-Iar-Uachtarán agus mé féin. Tá an seanlúbaire ar shlí na fírinne le fada an lá anois ach sna blianta deireannacha a shaoil -cé nach féidir a rá go díreach gur éirigh sé mór liom -ba mhinic dúinn cluichí fichille a imirt le chéile.

Ba dheacair riamh a bheith ró-chinnte de go raibh an chiall cheart tugtha liom ach ceapaim gur thuig mé roinnt mhaith dá mbíodh sé ag cur in iúl dom – más é gur ag cur ruda in iúl dom a bhí sé in aon chor. Ní trína raibh á rá aige - ní labharfadh sé ach fíorbheagáinín - ach trína gothaí dúnárasacha agus tríd an dreach a thagadh ar cheannaithe a aghaidhe ar uaire agus trí rian an mhaolgháire le linn cluiche fichille nó nuair a bhinnse tar éis tuairim ró-scaoilte éigin, b’fhéidir, á thabhairt uaim.

Creidim gur airigh mé faoi dheireadh go raibh doimhneacht suaimhnis dochorraithe den chineál sa duine sin nach mbíonn ach i nduine a bhfuil lán a sháithe sa saol faighte aige, ar chaoi amháin nó ar chaoi eile. Creidim freisin go raibh sé díonaithe, ar shlí éigin dá bharr, ar cibé a thitfeadh amach ina dhiaidh sin. Ba amhlaidh gur mhó a raibh bainte aigesean as an saol ná a raibh bainte ag an saol as seisean.

Chuaigh an méad sin i gcion orm agus is cuimhin liom an lá ar fhógair mé – go ró-scaoilte arís, gan dabht - le linn cluiche fichille, mar a bheadh fionnachtain nua aimsithe agam, go mb’fhearrde duine a chuid bithiuntachta a bheith ar a laghad ar chomhchéim le bithiuntacht dúchasach doscroiste an tsaoil mhóir féin. Agus gur cliste an duine a n-aithneodh é in am trátha.

Is cuimhin liom fós nach raibh de fhrithfhreagairt le haireachtaint ar an seanlúbaire ach, b'fhéidir, drithle sna súile sin aige a bhi suite go diongbháilte ina logaill laistios de malai dosacha.

...rabharta an dordáin sa seomra liom ag bá na smaointe orm arís, ag plúchadh na gcuimhní, más cuimhní iad. Téarmaí síceolaíochta anois ar snámh ar ghlór mín bealaithe de chuid venBon. Sea, ba mhaith leis cuidiú liom, ach mé a bheith toilteanach cuidiú liom féin.

Ach níl éalú ar bith ón síorghlór bréagshuaimhneach mallaithe céanna.

"...indéanta deireadh a chur leis an... scéal.

...sindróim nua á gcruthú in aghaidh na bliana ...coincheapa síceolaíochta go leor faoi... iomrall aigne, abraimís, ar féidir iad a úsáid... chun an tsnaidhm... a scaoileadh.

Ach tú a bheith toilteanach do shíniú a chur faoin... rud sin, faoin bhfaoist..."


Dírim m'aird ar an achar ar an mballa. Níl mé ró-chinnte de cá fhad a bhí mo intinn ar seachrán uaidh. Bhí teipthe ar chumhacht na gréine le feadh tamaillín agus ba amhlaidh nárbh ann
dó, an t-achar.

Ní fios dom dá bharr cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an pointe sin scoite aige. Pointe na cearnóige foirfe.

Agus más amhlaidh atá sé...

...tá sí imithe orm.

Arís eile.




DEIREADH

Gluais 1 - Sa Bhliain 2015: I, II & III

Gluais I , II & III


comhthreomharán parallelogram
sceabhach skew
ag claochlú transforming
dronuilleog rectangle
ingearach vertical
achar area
meathbhán pale
cuar curve
raon range
foirfe perfect
rialtacht regularity (adhering to a rule or procedure)
bealaithe "unctious"
dordán drone
olltionscadal major project
infreastruchtúr infrastructure
sluán slogan
bithiúnach scoundrel
fiach (anseo) debt
beogacht vitality
léirsiú demonstration
comhghuaillí ally
DLEATHAÍOCH legalistic (adhering to the letter of the law)
DLISTEANACH legitimate
meastachán estimate
mílaois millennium
d'aon turas on purpose
cur in aghaidh resistance
cnámh spairne bone of contention
trédhearcach transparent
rúidbhealach runway
cóir iompair system of transport
tollán tunnel
fiontar venture
anaclann dúlra nature reserve
doshamhalta unimaginable
teacht i dtír exploit
idirbheart talún land transaction
séanadh deny
chuir mé a thuairisc I enquired about him
deistapaíoch opportunistic
intí in-house
streill gháire smirk
maidrín lathaigh lick-spittle
mionsonra minor detail
íochtarán subordinate
go fonóideach derisively
tarcaisneach insolent
chuir sí a ladar isteach she intervened
chun an teannas a fhuascailt to relieve the tension
in ainm a bheith supposed to be
scigaithris parody
cúntanós countenance
ina fhíric nár ghá fiú í a lua a fact not worth even mentioning
ba í m'uain í it was my turn
go hionsaitheach aggressively
ag streachailt struggling
rois gháire "burst" of laughter
aoibh smile
cat siamach siamese cat
tátal inference, deduction
"coimeád an tsaoire mar is cóir" "Keep Holy the Sabbath Day"

(lit-: keep the free day/holiday in the proper way)
ungthach unctious
lútáil le fawn upon
de phreab abruptly
dá éagmais without him
gan faic á tuar without suspecting anything
chromamar ar we began
bhioraigh a súile she focussed her eyes
cruógach urgent
ardaitheoir elevator

Gluais 2: - Sa Bhliain 2015: IV, V & VI

Gluais IV, V & VI
de m’ainneoin in spite of myself
cruinneachán dome
ag taibhsiú looming
glór tormánach loud noise
aduain strange
putóga insides
ionathair "entrails"
sararbh fheasach dom before I was aware
timpeallaithe surrounded
ag sciuird dashing
drong crowd
ag tathant exhorting
geonaíl innill the whining of an engine
dlús ag teacht le luas the speed was increasing
ag déanamh cromruathair making a stooping run
tollán tunnel
lucht coimhdeachta entourage
comhrac fight
ar táinrith on a stampede
ciontaithe guilty
trína mbascadh through their being crushed
scliúchas fracas
búireanna fiáine wild roars
ainmluach denomination
ag scinneadh darting, whizzing
bolgáin smidte bubbles covered in make-up
plobarnaíl plop
cruth diosca the shape of a disc
os cionn cabhlach héileacaptair above the fuselage of a helicopter
eiteog wing
go stadach falteringly
ar foluain hovering
fána shamhailte imaginary slope
ag saothrú an bháis "in the throes of death"
ionad na tuairte the crash site
brúchtadh burst forth
caor thine a ball of fire
ag sraoilleadh trailing
tonn turrainge shock wave
monabhar cainte murmer
i bhfaiteadh na súl "in the flap of an eyelid"
forrán a chur to accost
go diongbháilte resolutely
dóchúlacht probability, likelihood
friotal utterance
i gcomhréir lena raibh ar bun consistent with what was happening
talamh slán a dhéanamh de to take for granted
comhréiteach compromise
innealra "machinery"
riarachán administration
eatramhach. interim
anord anarchy
cabhsa driveway
crann-imeallach tree-lined
Athbheochan Renaissance
díchuimhne oblivion
seanlúbaire crafty old devil
ceanúil air fond of him
meigeall goatee
aitheasc speech
chuaigh ar a mharana he started contemplating

Sunday, September 19, 2010

traidisiún ársa agus feighlí na lasrach...

Is iomaí gné den scéal a cíoradh sna meáin sa tseachtain atá thart agus cé go raibh mé ar aon intinn le cuid de na tráchtairí ba amhlaidh go raibh na tuairimí uilig saghas ró-dhiúltach.

Nach gcuirfeadh sé lionn dubh ort haiceanna bochta cruabhruite na tíre a fheiscint agus iad ag sileadh na ndeor isteach ina ngloiní, nó fiú ag fágaint na ngloiní céanna seal ar an mbeár le dreapadh suas an chrannóg ba ghiorra leo, ina gceann agus ina gceann, chun dul i mbun dreasa seanmóireachta mar gheall ar laigí pearsanta a thagann chun solais nuair a théitear ar na cannaí in óstán i gcathair na Gaillimhe?

Is léir, mar sin, go bhfuil léiriú malairte de dhíth ar an scéal. Tiontaímis ar na gnéithe dearfacha de.

Ina Thaoiseach, ina aithriseoir, ina amhránaí oíche, ina Ghaeilgeoir agus, de réir na dtuairiscí, ina óltóir seasmhach - agus, mar sin, ina thraidisiúnaí-státaire i dtraidisiún ársa na bpót... (gabhaigí mo leithscéal) na státairí móra: nach fear ildánach é an duine atá ina shealbhóir oifige faoi láthair?

Agus tathag as cuimse ina cholainn aige; ní dóigh liom go mbeadh mo urlabhairt féin ró-shoiléir tar éis tréimhse codlata de cheithre uaire, sa chás fiú nach mbeadh ach fíoruisce íon ólta agam.

Ar aon nós, cibé líomhaintí a chuirfí i leith an Taoisigh (reatha), ní dóigh liom go bhféadfadh an ceann siúd a bheith ina measc a chuir Shakespeare i mbéal Iúil Caesar agus é ag caint faoi Gháias Cassius: "An Comhanach úd, tá dreach suarach ocrach air". Ní bheadh "dreach ocrach" ró-chruinn ar aon nós.

Feictear dom agus mórchuid de cheannairí móra an domhain sá lá inniu chomh lúfar le cú, chomh righin le leathar agus gan drochnósanna coitianta na nghnáthdaoine (ná faic eile i bpáirt leo) gur ball de mhionlach é an Taoiseach, mionlach atá ag dul in éag in aghaidh an lae.

Nuair a smaoinítear air... nach dtiocfaí go héasca ar an tuairim gur chóir, fiú, ordú caomhnaithe a chur ar an gComhanach dá bharr?

Is cuimhin liom an scannal abhus sna hochtóidi faoin agallamh teilifíse cáiliúil a thug Franz-Josef Strauss tar éis olltoghcháin fheidearálaigh agus é faoi thionchar an óil. Ba cheannaire an CSU (Fianna Fáil na Baváire) an fear céanna agus cé go raibh sé go díreach tar éis an toghchán a bhuachan i dteannta leis an CDU agus an FDP níorbh fhéidir leis guaim a chur ar a fhearg. Ba í an fhadhb a bhí aige ná go raibh sé in éad le Helmut Kohl ón CDU mar gheall ar an tseansailéireacht.

Agus ba fhear é Helmut Kohl féin nár cheil aon só air féin i gcúrsaí bia, fíona agus tobac.

Bhí leasainm ragairneach go fiú ag Willi Brandt: "Whisky Willi". Agus Duais Nobel na Síochána, leis.

I bhfianaise na haclaíochta sláintiúla atá i réim i láthair na huaire, feictear dom gur aisteach an rud é go bhfuil cúrsaí airgeadais an domhain ina raic, i bhfad níos measa ná riamh. An é go bhfuil an méid a bhíonn ár gceannairí úra siar sa ragairne tugtha isteach sa tsaint acu?

Ar aon nós, má dhéanann an Taoiseach (reatha) ráiteas, cé acu faoi chúrsaí cannaí nó airgeadais nó eile, sa Dáil nó in aon chomhthionól eile - agus go háirithe in aon chomhthionól idirnáisiúnta, tá súil agam go mbainfidh sé úsáid as a bhuanna thuasluaite agus go gcuirfidh sé i láthair é ar an gcaoi seo.

Sláinte bheatha agus soiléire urlabhartha!

Wednesday, September 15, 2010

dva = a dó / dhá sa tSlóivéinis...



Bíonn an leabhar thuas idir lámha agam go minic sna laethanta seo. "Dva" an teideal air agus "Díolaim de Nua-Litríochta na Slóivéine" atá ann, mar a léirítear ar an gclúdach.

Idir ghearrscéalta, shleachta as úrscéalta, aistí agus dhánta tá saothair ó phinn réimse leithne scríbhneoirí i gceist agus iad tiontaithe go Gaelainn ag aistritheoirí ar scríbhneoirí iad féin freisin.

D'fhoilsíodh ceann de na scéalta i gComhar tamall de mhíonna ó shin, mar atá "Scéal An-Simplí" le Miha Mazzini agus é aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

Caighdeán ard aistriúcháin atá i gceist mar sin.

Thaitin an chuid ba mhó dá bhfuil léite agam go dtí seo liom. Ba "Dalta an tSeoighigh" le Drago Jančar, "Giotár Leictreach" le Andrej Blatnik agus "An Fón Póca" le Lili Potpara iad na gearrscéalta ba mhó a fhanann i mo chuimhne.

Is cosúil gurb é an smaoineamh taobh thiar de choincheap an leabhair ná léargas a thabhairt ar litríocht tíre eile, nach tír Bhéarlach í, trí mheán na Gaeilge. Más amhlaidh atá, smaoineamh iontach atá ann!

Agus cé go bhfuil teacht ar aistriúcháin Bhéarla na scéalta seo, níl siad tiomsaithe i gcnuasach den chomhdhéanamh seo in aon áit eile.

Dá bharr, ní rud tánaisteach atá á chur faoi bhráid an phobail anseo ach saothar úrnua ann féin.

I ndeireadh an lae, braitheann an rath i gcúrsaí foilsíochta ar an ngearb ag pobal na litríochta a bheith ag dó go dtí go bhfuil an leabhar léite acu.

Sunday, September 5, 2010

an lá ar shábháil Tiobraid Árann an iománaíocht...


Ba é ceann de na cluichí móra i stair na hiománaíochta, gan dabht, cluiche ceannais an lae inniu.

Níor bhain Cill Chainnigh, faoi dheireadh thiar, craobh na hÉireann amach don chúigiú huair as a chéile.

Bhí ar intinn agam le tamall anuas dul chuig tábhairne Éireannach chun féachaint ar an gcluiche, ach d'fhan mé sa bhaile. Caithfidh mé a admháil gur cheapas roimh ré go bhfaigheadh Cill Chainnigh an ceann is fearr i bhfianaise na caoi a raibh an cluiche i gcoinne fhoireann Chorcaí buaite acu taobh istigh de fhiche nóiméad.

Fuaireas deis áfach an cluiche a fheiscint ar an idirlíon. Cluiche iontach corraitheach. Bhris an dúchas amach trí chamáin na dTiobradach.

Agus tar éis na réime glórmhaire tá na fathaigh mhóra buaite.

Agus is fearrde an iománaíocht é.