Fíor-spéisúil. Cad a dhéantar i ndiaidh seilbh a fháil ar Phálás an Gheimhridh, mar a déarfá. Agus conas a chinntiú nach gcuirfeadh lucht maorlathais deireadh leis an réabhlóid atá díreach tosaithe.
Léim go láidir tríd scéal réabhlóid 1917 na Rúise. Ruaig á chur ar lucht na cumhachta ach an folamh á líonadh ag lucht gaimbín eile. Patuaire na ndaoine a ról nua a thapú .i. neamhaird á dhéanamh de.
Thaitin sé liom.
Is breá liom líofacht an scéil agus na Gaeilge araon. Bhí sé éasca a léamh agus mheall sé mé níos mó de a léamh i ndiaidh gach leathanach.
Agus is dóigh gur gearrscéal atá ann mar sin ní raibh seans agat níos mó a mhíniú faoi chasaoid an lucht agóide. Cad a spreag siad (daoine ó gach "aicme") chun dul i mbun círéibeacha? Aerphort nua?! Scriosadh dúlra? mar a thugann an scéal le fios (i measc cúiseanna eile ar ndóigh) Cén fáth go raibh na péas agus an airm sásta don lucht agóide a rogha rud a dhéanamh? Beag an baol mura bhfuil rud éigin ag as dóibh go díreach. Tuigeann lucht airm cé a thugann a dtuarastal dóibh.
Ní locht na ceisteanna thuas ach go santaíonn a thuilleadh uaim!
D'aimsigh mé roinnt botúin ann agus mé á athléamh arís. Ach, creidim, dá mbeadh fiú moncaí ag damhsa ar fhocal in abairt éigin ní dóigh liom go n-aithneoinn é dá mbeadh an abairt chéanna léite fiche uair agam.
Ceapaim go bhfuil an scéal tuigthe go maith agat. Ar uaire is fearr a chruthaíonn ceisteanna, thar aon rud eile, an méid sin.
Go raibh maith agat as sin a chara.
ReplyDeleteTá cuid a 4 agus a 5 mar an gcéanna sa pdf sin.
Botún cóipeála atá ann.
GRMA, a Dubhaltaigh,
ReplyDeletetá sé leasaithe agam anois.
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteFíor-spéisúil. Cad a dhéantar i ndiaidh seilbh a fháil ar Phálás an Gheimhridh, mar a déarfá.
ReplyDeleteAgus conas a chinntiú nach gcuirfeadh lucht maorlathais deireadh leis an réabhlóid atá díreach tosaithe.
Léim go láidir tríd scéal réabhlóid 1917 na Rúise. Ruaig á chur ar lucht na cumhachta ach an folamh á líonadh ag lucht gaimbín eile.
Patuaire na ndaoine a ról nua a thapú .i. neamhaird á dhéanamh de.
Thaitin sé liom.
Is breá liom líofacht an scéil agus na Gaeilge araon. Bhí sé éasca a léamh agus mheall sé mé níos mó de a léamh i ndiaidh gach leathanach.
Agus is dóigh gur gearrscéal atá ann mar sin ní raibh seans agat níos mó a mhíniú faoi chasaoid an lucht agóide. Cad a spreag siad (daoine ó gach "aicme") chun dul i mbun círéibeacha? Aerphort nua?! Scriosadh dúlra? mar a thugann an scéal le fios (i measc cúiseanna eile ar ndóigh)
Cén fáth go raibh na péas agus an airm sásta don lucht agóide a rogha rud a dhéanamh? Beag an baol mura bhfuil rud éigin ag as dóibh go díreach. Tuigeann lucht airm cé a thugann a dtuarastal dóibh.
Ní locht na ceisteanna thuas ach go santaíonn a thuilleadh uaim!
úps, recte: "go santaím a thuilleadh."
ReplyDeleteIs breá liom gur thaitin sé leat, a chara.
ReplyDeleteD'aimsigh mé roinnt botúin ann agus mé á athléamh arís. Ach, creidim, dá mbeadh fiú moncaí ag damhsa ar fhocal in abairt éigin ní dóigh liom go n-aithneoinn é dá mbeadh an abairt chéanna léite fiche uair agam.
Ceapaim go bhfuil an scéal tuigthe go maith agat. Ar uaire is fearr a chruthaíonn ceisteanna, thar aon rud eile, an méid sin.