Thursday, September 30, 2010

Ar fáil mar pdf ó box.net....


Seo dhaoibh an nasc: http://www.box.net/shared/z9cbsxho7s

Beidh gluais iomlán ar fáil mar pdf ar ball.

6 comments:

  1. Go raibh maith agat as sin a chara.
    Tá cuid a 4 agus a 5 mar an gcéanna sa pdf sin.
    Botún cóipeála atá ann.

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Dubhaltaigh,

    tá sé leasaithe agam anois.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Fíor-spéisúil. Cad a dhéantar i ndiaidh seilbh a fháil ar Phálás an Gheimhridh, mar a déarfá.
    Agus conas a chinntiú nach gcuirfeadh lucht maorlathais deireadh leis an réabhlóid atá díreach tosaithe.

    Léim go láidir tríd scéal réabhlóid 1917 na Rúise. Ruaig á chur ar lucht na cumhachta ach an folamh á líonadh ag lucht gaimbín eile.
    Patuaire na ndaoine a ról nua a thapú .i. neamhaird á dhéanamh de.

    Thaitin sé liom.

    Is breá liom líofacht an scéil agus na Gaeilge araon. Bhí sé éasca a léamh agus mheall sé mé níos mó de a léamh i ndiaidh gach leathanach.

    Agus is dóigh gur gearrscéal atá ann mar sin ní raibh seans agat níos mó a mhíniú faoi chasaoid an lucht agóide. Cad a spreag siad (daoine ó gach "aicme") chun dul i mbun círéibeacha? Aerphort nua?! Scriosadh dúlra? mar a thugann an scéal le fios (i measc cúiseanna eile ar ndóigh)
    Cén fáth go raibh na péas agus an airm sásta don lucht agóide a rogha rud a dhéanamh? Beag an baol mura bhfuil rud éigin ag as dóibh go díreach. Tuigeann lucht airm cé a thugann a dtuarastal dóibh.

    Ní locht na ceisteanna thuas ach go santaíonn a thuilleadh uaim!

    ReplyDelete
  5. úps, recte: "go santaím a thuilleadh."

    ReplyDelete
  6. Is breá liom gur thaitin sé leat, a chara.

    D'aimsigh mé roinnt botúin ann agus mé á athléamh arís. Ach, creidim, dá mbeadh fiú moncaí ag damhsa ar fhocal in abairt éigin ní dóigh liom go n-aithneoinn é dá mbeadh an abairt chéanna léite fiche uair agam.

    Ceapaim go bhfuil an scéal tuigthe go maith agat. Ar uaire is fearr a chruthaíonn ceisteanna, thar aon rud eile, an méid sin.

    ReplyDelete