Sunday, September 19, 2010

traidisiún ársa agus feighlí na lasrach...

Is iomaí gné den scéal a cíoradh sna meáin sa tseachtain atá thart agus cé go raibh mé ar aon intinn le cuid de na tráchtairí ba amhlaidh go raibh na tuairimí uilig saghas ró-dhiúltach.

Nach gcuirfeadh sé lionn dubh ort haiceanna bochta cruabhruite na tíre a fheiscint agus iad ag sileadh na ndeor isteach ina ngloiní, nó fiú ag fágaint na ngloiní céanna seal ar an mbeár le dreapadh suas an chrannóg ba ghiorra leo, ina gceann agus ina gceann, chun dul i mbun dreasa seanmóireachta mar gheall ar laigí pearsanta a thagann chun solais nuair a théitear ar na cannaí in óstán i gcathair na Gaillimhe?

Is léir, mar sin, go bhfuil léiriú malairte de dhíth ar an scéal. Tiontaímis ar na gnéithe dearfacha de.

Ina Thaoiseach, ina aithriseoir, ina amhránaí oíche, ina Ghaeilgeoir agus, de réir na dtuairiscí, ina óltóir seasmhach - agus, mar sin, ina thraidisiúnaí-státaire i dtraidisiún ársa na bpót... (gabhaigí mo leithscéal) na státairí móra: nach fear ildánach é an duine atá ina shealbhóir oifige faoi láthair?

Agus tathag as cuimse ina cholainn aige; ní dóigh liom go mbeadh mo urlabhairt féin ró-shoiléir tar éis tréimhse codlata de cheithre uaire, sa chás fiú nach mbeadh ach fíoruisce íon ólta agam.

Ar aon nós, cibé líomhaintí a chuirfí i leith an Taoisigh (reatha), ní dóigh liom go bhféadfadh an ceann siúd a bheith ina measc a chuir Shakespeare i mbéal Iúil Caesar agus é ag caint faoi Gháias Cassius: "An Comhanach úd, tá dreach suarach ocrach air". Ní bheadh "dreach ocrach" ró-chruinn ar aon nós.

Feictear dom agus mórchuid de cheannairí móra an domhain sá lá inniu chomh lúfar le cú, chomh righin le leathar agus gan drochnósanna coitianta na nghnáthdaoine (ná faic eile i bpáirt leo) gur ball de mhionlach é an Taoiseach, mionlach atá ag dul in éag in aghaidh an lae.

Nuair a smaoinítear air... nach dtiocfaí go héasca ar an tuairim gur chóir, fiú, ordú caomhnaithe a chur ar an gComhanach dá bharr?

Is cuimhin liom an scannal abhus sna hochtóidi faoin agallamh teilifíse cáiliúil a thug Franz-Josef Strauss tar éis olltoghcháin fheidearálaigh agus é faoi thionchar an óil. Ba cheannaire an CSU (Fianna Fáil na Baváire) an fear céanna agus cé go raibh sé go díreach tar éis an toghchán a bhuachan i dteannta leis an CDU agus an FDP níorbh fhéidir leis guaim a chur ar a fhearg. Ba í an fhadhb a bhí aige ná go raibh sé in éad le Helmut Kohl ón CDU mar gheall ar an tseansailéireacht.

Agus ba fhear é Helmut Kohl féin nár cheil aon só air féin i gcúrsaí bia, fíona agus tobac.

Bhí leasainm ragairneach go fiú ag Willi Brandt: "Whisky Willi". Agus Duais Nobel na Síochána, leis.

I bhfianaise na haclaíochta sláintiúla atá i réim i láthair na huaire, feictear dom gur aisteach an rud é go bhfuil cúrsaí airgeadais an domhain ina raic, i bhfad níos measa ná riamh. An é go bhfuil an méid a bhíonn ár gceannairí úra siar sa ragairne tugtha isteach sa tsaint acu?

Ar aon nós, má dhéanann an Taoiseach (reatha) ráiteas, cé acu faoi chúrsaí cannaí nó airgeadais nó eile, sa Dáil nó in aon chomhthionól eile - agus go háirithe in aon chomhthionól idirnáisiúnta, tá súil agam go mbainfidh sé úsáid as a bhuanna thuasluaite agus go gcuirfidh sé i láthair é ar an gcaoi seo.

Sláinte bheatha agus soiléire urlabhartha!

2 comments:

  1. @ Sláinte bheatha agus soiléire urlabhartha!

    Go mba hé duit, a chara!

    @ Tiontaímis ar na gnéithe dearfacha de.

    Táim ar tí tiontú...ASG!

    ReplyDelete
  2. Is annamh an scéal, a Áine, nach féidir dea-chor a bhaint as!

    ReplyDelete