Wednesday, September 15, 2010

dva = a dó / dhá sa tSlóivéinis...



Bíonn an leabhar thuas idir lámha agam go minic sna laethanta seo. "Dva" an teideal air agus "Díolaim de Nua-Litríochta na Slóivéine" atá ann, mar a léirítear ar an gclúdach.

Idir ghearrscéalta, shleachta as úrscéalta, aistí agus dhánta tá saothair ó phinn réimse leithne scríbhneoirí i gceist agus iad tiontaithe go Gaelainn ag aistritheoirí ar scríbhneoirí iad féin freisin.

D'fhoilsíodh ceann de na scéalta i gComhar tamall de mhíonna ó shin, mar atá "Scéal An-Simplí" le Miha Mazzini agus é aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

Caighdeán ard aistriúcháin atá i gceist mar sin.

Thaitin an chuid ba mhó dá bhfuil léite agam go dtí seo liom. Ba "Dalta an tSeoighigh" le Drago Jančar, "Giotár Leictreach" le Andrej Blatnik agus "An Fón Póca" le Lili Potpara iad na gearrscéalta ba mhó a fhanann i mo chuimhne.

Is cosúil gurb é an smaoineamh taobh thiar de choincheap an leabhair ná léargas a thabhairt ar litríocht tíre eile, nach tír Bhéarlach í, trí mheán na Gaeilge. Más amhlaidh atá, smaoineamh iontach atá ann!

Agus cé go bhfuil teacht ar aistriúcháin Bhéarla na scéalta seo, níl siad tiomsaithe i gcnuasach den chomhdhéanamh seo in aon áit eile.

Dá bharr, ní rud tánaisteach atá á chur faoi bhráid an phobail anseo ach saothar úrnua ann féin.

I ndeireadh an lae, braitheann an rath i gcúrsaí foilsíochta ar an ngearb ag pobal na litríochta a bheith ag dó go dtí go bhfuil an leabhar léite acu.

2 comments:

  1. An ndeir Rosenstock aon rud sa bhrollach faoina chumas sa teanga sin?

    ReplyDelete
  2. Tá scríofa sa bhrollach go raibh na téacsanna ar fáil i bhFraincís, i mBéarla agus i nGearmáinis mar sórt cúltaca, ach sa chéad áit ba i dteannta le bean ón tír sin d'aistrigh siad na saothair.

    Ní bheinn cinnte de conas a d'fheidhmeodh modh aistriúcháin dá leithéid sin.

    ReplyDelete