I
Comhthreomharán sceabhach ag claochlú, ag athrú go mall i dtreo crutha dronuilleoige. Na barraí ingearacha i dtólamh mar línte tríd. I gcaitheamh lae, gluaiseann achar, geal nó meathbhán de réir chumhacht na gréine, ó thaobh amháin go dtí an taobh eile den bhalla ar chúl an... tseomra. San áit seo cuirtear “seomra” air.
Má iniúchtar an chonair a chuireann an t-achar siúd de go laethiúil, aithnítear uirthi nach líne díreach é ach cuar. A chuar suntasach féin ag gach lá den bhliain. Samhlaítear dom go gcaithfidh go bhfuil pointe ann i raon gluaiseachta an achair - agus más ann dó ba leor go deimhin pointe amháin - ina mbeadh an t-achar ina chearnóg. Ina chearnóg fhoirfe.
Tá an próiseas faoi scrúdú agam anois le fada. An rialtacht ag dul i gcion orm de réir a chéile. Más ann ar bith don chearnóg, dealraíonn sé nach ag an tús a bheidh sí.
...ach ní fhéadaim éalú ón síorghlór mín bealaithe a líonann an spás thart timpeall orm trí huaire sa tseachtain le dordán an bhréagshuaimhnis...
Dírím m'aird ar an achar meathbhán ar an mballa: anois ina chomhthreomharán, ar ball ina dhronuilleog, agus... inniu, ag an uair seo,
...cearnóg?
Feicim anois go bhfuil an t-achar ag tarraingt ar an áit ina mbeadh an pointe sin, más ann dó. Airím teannas éigin ionam. An teannas céanna gach uile uair.
Dá nochtfadh sí, ní bheadh sí ann ach ar feadh faitidh na súl, táim cinnte de.
Ní mór dom mar sin bheith ar an airdeall.De shíor ar an airdeall!
Ar uaire, áfach, má bhíonn an ghrian ar lár, ní ann dó ar chor ar bith. Agus cuireann sin mé ag tnúth leis go bhfilleadh sé. An t-achar. Agus ina theannta an teannas.
Hmmm… chomh fada siar… ach creidim gur cuimhin liom fós í.
Tráth den saol...
Dheamhan a fhios agam cad a mheall i dtreo na cearnóige mallaithe mé an chéad lá riamh!
Ach…
…nach é go raibh rud éigin droim ar ais ?
Nach é go raibh an chearnóg ann ag an tús?
II
Sea… i bhfad siar sa bhliain 2015.
Is amhlaidh go raibh coinne ghnó agam sa phríomhchathair i ngiorracht scread asail don láthair inar cuireadh tús le0. Na himeachtaí… cinniúnacha.
Mionscéal coitianta, dar liom ag an am, a raibh léite agam faoi ar maidin sna nuachtáin: bhí léirsiú le bheith ar siúl sa phríomhchathair roimh nóin.
Ag cur in aghaidh olltionscadail infreastruchtúir, nárbh ea ?
Ar mo bhealach ón óstán, ina raibh mé ag baint fúm, go dtí láthair mo choinne a bhí mé nuair a chonaic mé na grúpaí beaga ag gluaiseacht leo i dtreo Theach na Parlaiminte. Léirsiú eile gan mhaith, a shíl mé agus mé ag súil leis na sluáin choitianta seanchaite ar na pleacaird: bithiúnaigh na mbanc, na fiacha stáit, lochtanna sa chóras daonlathach srl. Agus ar tí, dá bharr, mo cheann a chroitheadh go tuirseach a bhí mé nuair a thug faoi ndeara an tráth seo, áfach, go raibh beogacht éigin neamhchoitianta sna daoine. An pobal, nach mbíodh iontu sna blianta roimhe sin ach corpáin chloíte géilliúla. Ach bhí meascán daoine i láthair an babhta seo nach bhfaca mé riamh i dteannta a chéile. I measc an lucht léirsithe eile bhí daoine ón uas-mheánaicme, mar a samhlaíodh dom, daoine a raibh cuid mhaith de mhaoin an tsaoil acu. Agus baill den aicme ghairmiúil ann freisin. Cuid mhaith acu daoine ar scor. Agus go leor ama acu.
Agus ba léir dom ar an toirt gur dhúshlán de shórt nua don rialtas an dream seo. Mar ní hionann cuid mhór díobh agus na hagóideoirí coitianta, daoine a raibh an rialtas oilte le fada an lá air iad a cheansú agus gach ruathar a thiocfadh uathu a phlúchadh, a neodrú agus a chur ar neamhní faoi dheireadh. I gcomhar lena comhghuaillithe sna meáin, sna chúirteanna agus sa phairlimint féin.
Ar imeall grúpa amháin bhí fear ceannliath ar chuma iar-ollaimh ollscoile agus dhá phlaiceard á choinneáil os ard aige. "Ní hionann DLEATHAÍOCH agus DLISTEANACH !" ar phlaiceard amháin, agus "Fainic ! Ná téigí thar fóir. Dá mhéad bhur mbarrach is ea is cóngaraí ár lasóg !" ar an gceann eile.
An t-olltionscadal a raibh an lucht léirsithe ina choinne, bhí, de réir an mheastacháin oifigiúil, costas de cheithre bhilliún ag gabháil leis, agus é á dhíol leis an bpobal mar "thionscadal na mílaoise nua". De réir meastachán eile, áfach, a bhí déanta ag daoine a bhí neamhspleách ar an rialtas, chosnódh an tionscadal i ndeireadh an lae a dhá oiread ar a laghad agus bhí curtha i leith na n-údarás dá bharr go raibh an meastachán oifigiúil coinnithe ró-íseal d'aon turas chun nach mbeadh an cur in aghaidh ró-láidir le linn don tionscadal a bheith á bhrú tríd an bpróiseas faofa.
Ach dealraíodh dom ar shlí éigin nárbh í ceist na gcostas ba mhó a bhí ag cur isteach ar na daoine.
Aerphort nua ar imeall na cathrach a bhí beartaithe, an tríú ceann sa phríomhchathair nuair a bheadh sé curtha i gcrích. An rud go léir le bheith faoi thalamh, díon trédhearcach air agus amháin na rúidbhealaí le bheith os cionn talún. Lena chois sin, bhí bealach tráchta faoi thalamh idir an aerphort nua agus lár na cathrach beartaithe a mbeadh gach cóir iompair in aon tollán amháin. Éacht innealltóireachta dar le lucht a thacaithe; fiontar contúirteach costasach de réir barúla an lucht ina choinne.
Mhairfeadh na hoibreacha tógála deich mbliana ar a laghad agus chaithfí scrios a dhéanamh sa phróiseas ar an t-aon anaclann dúlra a bhí fágtha i gceantar na príomhchathrach.
(Na tionscadail mhóra ar chostas doshamhalta agus an státchiste ag íoc as an rud go léir, bhí meas mór riamh ag lucht na cumhachta orthu. I measc na ngéithe eile díobh, mar thoradh ar na hollsuimeanna a bheadh á mbogadh anonn is anall ní fheicfeá na milliúin a bheadh á tharraingt amach dóibh féin ag an dream leis an bhfreagracht mhór. Deiseanna go leor ann le teacht i dtír ar an easpa trédhearcachta agus le freastal ar na cairde. I measc na gconarthaí riachtanacha a bheadh le bronnadh, na dtuairiscí agus na dtuairimí a bheadh ag teastáil ó shaineolaithe éagsúla agus ó lucht an dlí, d’fhéadfaí suimeanna móra a íoc as cinn eile nach mbeadh gá ar bith leo, i ndáiríre, ach amháin chun an t-airgead a scaipeadh i measc na gcairde. Tar éis an tsaoil, ní eolaíocht chruinn í riamh costas, fiúntas agus riachtanas na nithe sin a mheas, ná a mhalairt d’aon rud dá leithéid a chruthú.)
Ar mo shon féin, bhí glactha liom le fada an lá, ar bhonn pragmatach, gurb amhlaidh iad cúrsaí an tsaoil, cibé dream a bheadh i gcumhacht, agus i ndeireadh an lae ní féidir a shéanadh go raibh buntáistí sa chóras againne nach raibh sna córais eile ar baineadh triail astu i gcaitheamh stair an chine dhaonna. Gan neart agam ar ghnóthaí móra an stáit, ba é mo chonlán féin ba chás liom.
No comments:
Post a Comment