Wednesday, September 29, 2010

Sa Bhliain 2015 (6): IX, X & XI

IX

I seomra eile bhreathnaíomar isteach trí scáthán aonbhealaigh ar a raibh ar siúl ann. Bhí fear ina shuí ar chathaoir, cruth sleabhcaithe cloíte air. Ina seasamh taobh leis bhí bean, a bhean chéile dar ndóigh, agus í á thacú go dúshlánach in éadan an fhiosraitheora agus a fhir cúnta.

"Dá mba mise tusa bheinn buartha faoi cad a tharlódh dom nuair a bheadh na húdarais
dlisteanacha arís i gceannas. Agus geallaim duit go mbeidh siad, níos luaithe ná a cheapann tú!" a scairt uaidh sí i dtreo an fhiosraitheora.

"Nach dána an mhaise duit a leithéid a bhagairt orainn agus sibh féin deargchiontach leis an gcruachás ina bhfuil sibh," a d'fhreagair fear cúnta an fhiosraitheora agus lig sé air ar feadhsoicinde go raibh sé ar tí fogha a tabhairt fuithi.

Chuir an fiosraitheoir lámh ar ghualann an fhir eile chun é a cheansú. Ansin shocraigh sé é fé agus labhair sé de ghuth séimh deisbhéalach leis an lánúin.

"Ní díoltas is cás linn ach athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras. Ar an ábhar sin ba mhaith linn deis a thabhairt do gach éinne a pháirt féin a ghlacadh chun an t-athchóiriú sin a chur i bhfeidhm. Ní cás linn iadsan, fiú, a bhfuil feall nach beag déanta acu ar an tsochaí a dhíbirt aisti. A mhalairt ar fad, ba mhian linn na daoine siúd, na daoine siúd go háirithe, a athlonnú i gceartlár na sochaí agus ról gníomhach a bhronnadh orthu."

Faoi dheireadh léigh sé amach go sollúnta a raibh cinntithe ag an mbinse fiosrúcháin, sonraithe an phíonóis a bhí le gearradh orthu.

Bheadh cónaí ag an lánúin iar-rachmasach in árasán beag i limistéar in oirthear na cathrach a raibh bloic árasán ollmhóra na haicme is boichte ann. Bheadh post ag an bhfear mar shaothraí sa loisceoir in aice láimhe agus bheadh an bhean fostaithe i neachtlann an ospaidéil.

Ní hé go rabhthas sásta iad a athlonnú sa tsochaí d'ainneoin a dtaifid cóiriúla ina haghaidh, ní fhágfaí iad gan dóchas, ach an oiread.

Ach tréimhse thrialach shásúil a chur isteach agus, bheadh deis acu faoi dheireadh tuarastal rialta, an tuarastal is ísle sa chóras ag an am sin, a thuilleadh.

Leag an fiosraitheoir an páipéar ar an mbord agus dhírigh sé a aird go cruinn ar an lánúin. Chuir sé gotha na dúthrachta ionraice air féin agus dúirt de ghlór toll domhain.

"Ba mhaith liom cur ina luí oraibh an t-athrú nua seo a aithint mar dheis, deis ar fiú agus ar chóir í a thapú. Ach glacadh léí leis an meon cuí agus cur chuige cruthaitheach a chur i bhfeidhm ina leith agus…"

Lean sé leis ar feadh cúpla nóiméad. Ba léir dom faoi seo go raibh réamh-aithne aige ar na daoine os a chomhair agus go raibh sásamh as cuimse á bhaint aige as an gcur i láthair.

Nuair a bhí críoch curtha leis an aitheasc, d'fhiafraigh sé den fhear an raibh gach rud tuigthe aige.

"Sea, sea," a d'fhreagair an fear de ghuth a raibh an misneach go hiomlán tráite as.

Ansin chuir sé an cheist ar an mbean.

Ba ar éigean a tháinig léí an "sea" a bhí ag teastáil ón bhfiosraitheoir a fháisceadh go doicheallach amach as a scórnach. Agus ba ar éigean a d'éirigh léí strainceanna an fhuatha a bhí i seilbh a ceannaithe a cheansú.


X

Ar uaire is amhlaidh go dtéann imeachtaí an tsaoil ar aghaidh amhail mar a bheadh a dtoil féin acu, beag beann ar na daoine a scuabtar leo, agus a chuirtear ag tuisliú ceann ar aghaidh le fána. Gan neart acu ar an mbealach ná ar an gceann scríbe. Agus más amhlaidh atá, cén chiall é dul ar lorg miniúcháin?


XI

Ag deireadh na céad coinne eile leis an duine ón bpríomhchathair, mar ba ghnách leis faoi seo, shín sé an beart airgid trasna an bhoird chugam. Nílim cinnte de go dtí an lá seo féin arbh é gur mhearbhall a tháinig orm nó nárbh é. Gach seans, déanta na fírinne, gur chor neamhúrchóideach a bhí i gceist, fiú. Ar aon nós, an tráth seo, dealraíodh dom go raibh an beart ní ba mhó ná an babhta roimhe. Agus rith sé chugam gurbh fhéidir gur chuir stiúirtheoir an tseanhalla dóibhsean sa phríomhchathair ar an eolas faoin míshuaimhneas a bhí orm i dtaobh na “ndualgas gear”.

Bhreathnaigh mé síos ar an mbeart.

Ba ansin a d’airigh mé í os cionn mo shúile clé, á corraí. Is amhlaidh gur aniar aduaidh a tháinig mo mhala orm nuair a thug sí fúithi í féin a árdú ag an móimint sin. Dá toil féin, mar a dealraíodh dom. Agus ní mó ná gur éirigh liom í a choimeád faoi cheilt.

D'fhéach an duine ón bpríomhchathair orm, rian de mhiongáire ceisteach ar a bhéal. Ach d'éirígh linn an mhóimint a ligint tharainn, mar a cheap mé ag an am.

No comments:

Post a Comment