Tuesday, March 30, 2010

haiku don chaoga...


an caoga scoite...


cá mhéad gráinne gainimh thuas?


- titigí go réidh!

Sunday, March 28, 2010

Antiquariat...


D'aimsigh mé an leabhar seo i leabhragán le déanaí agus mé i dteach mo mháthar in Éirinn ar feadh cúpla lá. D'fhoilsíodh é i 1970 agus tá sé as cló le fada an lá (cé go bhfaca me cúpla cóip i siopa Chonradh na Gaeilge).

Cúlra agus réamhstair Thriail na nArm atá faoi chaibidil ag an údar agus ba bheag an spéis a bheadh agam san ábhar seanchaite céanna, cheap mé ar dtús.

Pé scéal é, is iomaí sonra a phléitear sa leabhar nach raibh eolas cruinn nó aon chur amach ar bith agam orthu. Chomh maith le sin tá sé scríofa go maith agus sa deireadh léigh mé d'aon iarraidh amháin é. Agus caithfidh mé a admháil gur sórt faoisimh é uaireanta mo scíth a ligean le leabhar "caighdeánach"!

Dick Walsh ón IT (a tógadh le Gaelainn i gcontae an Chláir, rud nárbh fhios dom) ea ba an t-údar agus bhí dearcadh grinn aige ar an scéal tráth a bhí go leor ina gcíor tuathail dá bharr - cé nach ionann sin is a rá go n-aontóinn, nó nach n-aontóinn, le gach rud dá scríobh sé sa leabhar. Bhásaigh sé sa bhliain 2003 - nach bhfuil na blianta ag sciorradh uainn?!

Ar bhreathnú siar dom ar an ré úd i bhfianaise an leabhair is léir gur dhein roinnt daoine gníomhartha mífhreagracha ag an am - faoi mar a tharlaíonn i ngach géarchéim den chineál sin. Ar an taobh eile de, áfach, ní léir i gcónaí i gcásanna dá samhail cibé as omós ionraic don dlí a gcloíonn na dlisteanaithe uilig leis an dlí nó an é gur caoithiúla dóibh dul ar foscadh taobh thiar den dlí chun bearta "misniúla" a sheachaint. Ceist chasta, gan amhras.


Nach iontach an rud é an tsíocháin?

Sunday, March 21, 2010

amhrán a oirfeadh don Ghaelainn..?

"Leagan clúdaigh": níl ann don téarma sin sa Ghaelainn, táim ag ceapadh - níor aimsigh mé é ar focal.ie ar aon nós! Ó thaobh na siollaí de tá ceithre chinn de shiollaí i "leagan clúdaigh", an méid céanna is atá i cover version freisin. Ní mar sin a bhíonn sé go minic, áfach, nuair a aistrítear téacs ó Bhéarla go Gaelainn. De ghnáth bíonn an leagan Gaelainne níos "siollaí", mar a déarfá - nó mar nach ndéarfá, fiú.

Is é an cás céanna leis an nGearmáinis. Más mian leat "leagan clúdaigh" a dhéanamh de amhrán a bhfuil a bhunleagan i mBéarla agus é a aistriú gan na liricí a tharraingt as a riocht, beidh sé chomh dealraitheach lena mhalairt go mbeidh fadhb agat an téacs Gearmánach a fháisceadh isteach sa cheol gan an rud go léir a bheith tuairteálach - de bharr an fharasbairr siollaí.

Turgnamh spéisiúíl a bheadh ann, cheap mé, amhrán Gearmánach a thaitníonn liom, agus a oirfeadh don chás, a aistriú go Gaelainn.

Roghnaigh mé "Über sieben Brücken mußt du gehen". (Ar an drochuair, caithfidh mé a admháil nár aimsigh mé aon cheann eile a bheadh oiriúnach agus arbh fhiú é a aistriú ó thaobh mhianach an téacs de.)

Is amhrán é a chum an grúpa Karat agus d'eisigh an grúpa é i 1978. Grúpa ó oirthear na Gearmáine é Karat. Dhein Peter Maffay "leagan clúdaigh" de (nó Coverversion mar a deirtear anseo) in iarthar na Gearmáine i 1980 a bhí sa teanga céanna, dar ndóigh. Bhí an-rath ar an amhrán agus áirítear é i measc na gclasaiceach sa lá inniu.

Samhlaítear dom go n-oirfeadh an t-amhrán seo do dhuine amhail Liam Ó Maonlaí, mar shampla.



(Karat)

Über sieben Brücken mußt Du gehen
Seacht nDroichead

Manchmal geh ich meine Straße ohne Blick
Corruair téim an tsráid gan amharc a chaitheamh uaim
Manchmal wünsch ich mir mein Schaukelpferd zurück
Corruair tnúthaim mo chapall luascáin ar ais chugam
Manchmal bin ich ohne Rast und Ruh
Corruair bím gan suaimhneas is gan scíth

Manchmal schließ ich alle Türen nach mir zu
Corruair dúnaim gach aon doras i mo dhiaidh
Manchmal ist mir kalt und manchmal heiß
Corruair bímse fuar is corruair bímse te
Manchmal weiß ich nicht mehr, was ich weiß
Is ní fios dom cad is fios dom a thuilleadh
Manchmal bin ich schon am Morgen müd
Corruair bíonn an tuirse fiú ar maidin ann
Und dann such ich Trost in einem Lied
Ansin téim ar lorg sóláis in amhrán

Über sieben Brücken mußt Du gehen
Thar sheacht ndroichead is ea caithfidh tú triall
Sieben dunkle Jahre überstehen
Seacht mbliana gruama caithfidh tú cur díot
Sieben mal wirst Du die Asche sein
Seacht n-uaire beidh tusa thíos leis
Aber einmal auch der helle Schein
Ach faoi dheireadh gheobhaidh tú an deis

Manchmal scheint die Uhr des Lebens stillzustehen
Corruair bítear mar a stadfadh clog an tsaoil
Manchmal scheint man immer nur im Kreis zu gehen
Corruair bítear mar a rachfaí thart gan chiall
Manchmal ist man wie von Fernweh krank
Corruair bheifí mar faoi chuing an chumha
Manchmal sitzt man still auf einer Bank
Corruair suítear amuigh ar bhinse go ciúin
Manchmal greift man nach der ganzen Welt
Corruair beirtear greim ar an saol mór

Manchmal meint man, daß der Glücksstern fällt
Corruair ceaptar go bhfaightear an chóir
Manchmal nimmt man, wo man lieber gibt
Corruair glactar nuair ba fhearr a thabhairt
Manchmal hasst man das, was man doch liebt
Corruair tugtar fuatha dar bhfuiltear ceanúil

Über sieben Brücken mußt Du gehen
Thar sheacht ndroichead is ea caithfidh tú triall
Sieben dunkle Jahre überstehen
Seacht mbliana gruama caithfidh tú cur díot
Sieben mal wirst Du die Asche sein
Seacht n-uaire beidh tusa thíos leis
Aber einmal auch der helle Schein
Ach faoi dheireadh gheobhaidh tú an deis
X 4



(Peter Maffay)

Saturday, March 6, 2010

"castóir leathanaigh"

Chuir mé an teideal thuas idir uaschamóga ós rud é nach ann don nath sin i nGaelainn ar chor ar bith. Is amhlaidh go bhfuil an nath Béarla ann ó thús na seachtóidí i leith de réir na foinse a ndeachaigh mé i gcomhairle léí. I gcásanna den chineál seo agus mé ar thóir nuafhocail téim go hiondúil i gcomhairle leis an teanga eile freisin ach seachas nath gonta níl ar fáil ansin ach sórt míniúcháin ("leabhar spreagúil") mar aistriúchán, nó in ionad aistriúcháin.

Pé scéal é, ba ábhar sásaimh dom an nath céanna a bheith ag teastáil uaim.

Don té a cheapann nach léitear leabhair Ghaelainne ach amháin leis an teanga a fhoghlaim agus a fheabhsú molaim Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann.

Bhí sé beartaithe agam an leabhar céanna a thabhairt liom mar ábhar léitheoireachta le linn dom a bheith ag comaitéireacht ar an traen agus píosa beag de a léamh go laethiúil ach faoi dheireadh do léigh mé é d'aon iarraidh amháin sa bhaile. Faoi mar a dúirt mé: castóir leathanaigh is ea é.

Ní deacair Micí a shamhlú agus é ag cur forráin ort i dtabhairne in áit éigin agus é ag insint a scéalta faoina eachtraí le linn ruathar an óir - agus an rud uilig trí Ghaeilge agus go nádúrtha. Feictear dom go bhfuil neamh-mheánacht éigin i gceist nuair dhéantar léitheoireacht trí Ghaelainn ar aimsir agus eachtraí na sinsear Gaelach gan an t-idirghabhálaí gallda istigh de shíor ag déanamh a ateangaireachta agus ag soláthar a leagain tánaistigh de.

I ndáiríre, ní féidir a rá gur dris chosáin an chanúint; a mhalairt ghlan, is foinse shaibhris í.

"Char mhaith" = "níor mhaith", "cha raibh" = "raibh", "achan duine" = "gach aon duine", "inteacht" = "éigin".

Dar liom nach bhfuil ach líon teoranta de nathanna agus de fhocail amhail na cinn thuas ar gá don léitheoir nach bhfuil iad fós aige a fhoghlaim.

Tá leabhar le Seosamh Mac Grianna idir lámha agam faoi láthair.

cuairt ghearr is a déanamh go hannamh...


A phlúr na báine is úire ghlé

a thug clú do fhuacht an gheimhridh...

Bhí ár gcara bán ar cuairt linn ar feadh tréimhse agus nuair a d'fhágamar slán leis le déanaí dheineamar ár ndícheall gothaí an óstaigh fhéil a chur orainn... agus ní ligeamar an osna fhaoisimh uainn fad a bhí sé fós i raon na gcluas.

Ach anois tá sé ar ais arís.

Nach bhfuil sé ag brú ar an doicheall beagáinín?