Saturday, March 6, 2010

"castóir leathanaigh"

Chuir mé an teideal thuas idir uaschamóga ós rud é nach ann don nath sin i nGaelainn ar chor ar bith. Is amhlaidh go bhfuil an nath Béarla ann ó thús na seachtóidí i leith de réir na foinse a ndeachaigh mé i gcomhairle léí. I gcásanna den chineál seo agus mé ar thóir nuafhocail téim go hiondúil i gcomhairle leis an teanga eile freisin ach seachas nath gonta níl ar fáil ansin ach sórt míniúcháin ("leabhar spreagúil") mar aistriúchán, nó in ionad aistriúcháin.

Pé scéal é, ba ábhar sásaimh dom an nath céanna a bheith ag teastáil uaim.

Don té a cheapann nach léitear leabhair Ghaelainne ach amháin leis an teanga a fhoghlaim agus a fheabhsú molaim Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann.

Bhí sé beartaithe agam an leabhar céanna a thabhairt liom mar ábhar léitheoireachta le linn dom a bheith ag comaitéireacht ar an traen agus píosa beag de a léamh go laethiúil ach faoi dheireadh do léigh mé é d'aon iarraidh amháin sa bhaile. Faoi mar a dúirt mé: castóir leathanaigh is ea é.

Ní deacair Micí a shamhlú agus é ag cur forráin ort i dtabhairne in áit éigin agus é ag insint a scéalta faoina eachtraí le linn ruathar an óir - agus an rud uilig trí Ghaeilge agus go nádúrtha. Feictear dom go bhfuil neamh-mheánacht éigin i gceist nuair dhéantar léitheoireacht trí Ghaelainn ar aimsir agus eachtraí na sinsear Gaelach gan an t-idirghabhálaí gallda istigh de shíor ag déanamh a ateangaireachta agus ag soláthar a leagain tánaistigh de.

I ndáiríre, ní féidir a rá gur dris chosáin an chanúint; a mhalairt ghlan, is foinse shaibhris í.

"Char mhaith" = "níor mhaith", "cha raibh" = "raibh", "achan duine" = "gach aon duine", "inteacht" = "éigin".

Dar liom nach bhfuil ach líon teoranta de nathanna agus de fhocail amhail na cinn thuas ar gá don léitheoir nach bhfuil iad fós aige a fhoghlaim.

Tá leabhar le Seosamh Mac Grianna idir lámha agam faoi láthair.

6 comments:

  1. Bhuel... ós tusa a mholann é. Agus feicim anois go bhfuil an té a scríobh an t-alt ar nua-litríocht na Gaeilge ar Wikipedia den tuairim go bhfuil an leabhar níos suimiúla ná aon dírbheathaisnéis Gaeltachta eile. Tá go maith, cuirfidh mé ar an liosta é!

    ReplyDelete
  2. Leabhair iontach! Féach an radharc seo ar leathanach 36, Micí óg ar tí slán a fhágáil lena mháthair, den chéad uair:

    Micí: 'bhuail tocht cumhaí mé...mé mar a bheadh m'anál 'mo thachtadh.', agus faoina mháthair, scríobh sé '...thug mé fá deara go rabh sí ag fáscadh a haghaidhe mar bheadh dealg ag dul fríd a croí.'

    Focail chumhachtacha, scríbhneoireacht den scoth. Bain sult as, a Dennis.

    Tá sé léite agam cúpla uair, agus léifidh mé é arís, a Ormondo. Chuir tú an leabhar ar ais i mo lámha arís inniu - go raibh maith agat...:-)

    ReplyDelete
  3. Is iomaí staróg sa leabhar a bhféadfaí a lua (agus a ath-lua) amhail an uair a bhí sé féin agus a chomrádaithe ón bhaile ar seachrán in áit iargúlta idir Montana agus Seattle:

    "Bhuail muid cnagán maith láidir ar dhoras na tabhairne agus dheamhan i bhfad chuir fear an tí a cheann amach ar fhuinneog bhairr. Chuala sé sinn ag caint eadrainn féin i nGaeilg thíos faoi agus ba é an chéad bheannú a chuir sé orainn a fhiafraí dínn i nglan-Ghaeilg cá raibh an diabhal ag dul linn fá am sin d'oíche."

    Is ar éigean a tharlódh a leithéid sa lá inniu, faraor.

    ReplyDelete
  4. ...agus nach iontach an spionnadh, an mheanma agus an suairceas a léiríonn Micí ina sheanchas?

    ReplyDelete
  5. Bhíodh a lán Éireannach i mButte, Montana, tráth den saol. So... an amhlaidh a chaith Micí tamall i Seattle?

    ReplyDelete