Tuesday, April 29, 2014

caillte san aistriúchán...



Chonaic mé an scannán The Great Gatsby - an leagan dubáilte - sa phictiúrlann anuraidh agus cé gur thaitin sé le m'iníon, a bhí in éineacht liom, caithfidh mé a admháil gurbh ar éigean a chuaigh sé i bhfeidhm ormsa ar chaoi ar bith. Dá mhéid an taibhseacht a bhí ar taispeáint d'fhan an scéal ar an dromchla agus níor éirigh leis an scannán na mothúcháin a mhúscailt a mbeifeá ag súil leo agus an t-úrscéal cáiliúil le Scott Fitzgerald mar bhunleagan dó. (A bhuí leis an dorchadas sa phictiúrlann, ní bhíonn sé ró-dheacair an leadrán a bhrú fút ar mhaithe leis an gcuideachta.)

Ach thaitin sé chomh mór sin, de réir dealraimh, le m'iníon gur thug sí an DVD dá deirfiúr mar bhronntanas Cásca (nós Gearmánach). Bhí an scannán ar siúl acu ansin as Béarla agus cé nach raibh fúm féachaint air in athuair thosnaigh mé, de réir a chéile, ag tabhairt faoi ndeara gur chruth eile ar fad a bhí ar an scannán nuair a bhí fíorghlórtha na n-aisteoirí le cloisteáil.

Mar shampla, ní fhéadfadh an lucht féachana an teannas aicmeach ("old sport" agus a leithéid) a thabhairt leo i gceart as caint na gcarachtar sa leagan dubáilte.

Bhí anam sa scannán tar éis an tsaoil.

Ach chuir sin ag smaoineamh mé mar gheall ar an méid a thuigimid agus nach dtuigimid nuair a léimid leithéidí Chekhov, Solzhenitsyn srl. (Go deimhin féin, is ar éigean a thuigimid fiú loighic inmheánach an fhir a sholáthair an reacaireacht don leabhar An tOileánach.)

Is mó a chailltear san aistriúchán ná mar a cheaptar.

(Nó mar atáthar toilteanach é a admháil?)