A phlúr na báine is úire ghlé
a thug clú do fhuacht an gheimhridh...
Bhí ár gcara bán ar cuairt linn ar feadh tréimhse agus nuair a d'fhágamar slán leis le déanaí dheineamar ár ndícheall gothaí an óstaigh fhéil a chur orainn... agus ní ligeamar an osna fhaoisimh uainn fad a bhí sé fós i raon na gcluas.
Ach anois tá sé ar ais arís.
Nach bhfuil sé ag brú ar an doicheall beagáinín?
Tá, b'fhéidir, ach breathnaíonn sé go hálainn, mar sin féin...:-)
ReplyDeleteIs fíor sin, a Áine, agus ar an taobh sin de bím ag breathnú de ghnáth.
ReplyDelete