Saturday, March 6, 2010

cuairt ghearr is a déanamh go hannamh...


A phlúr na báine is úire ghlé

a thug clú do fhuacht an gheimhridh...

Bhí ár gcara bán ar cuairt linn ar feadh tréimhse agus nuair a d'fhágamar slán leis le déanaí dheineamar ár ndícheall gothaí an óstaigh fhéil a chur orainn... agus ní ligeamar an osna fhaoisimh uainn fad a bhí sé fós i raon na gcluas.

Ach anois tá sé ar ais arís.

Nach bhfuil sé ag brú ar an doicheall beagáinín?

2 comments:

  1. Tá, b'fhéidir, ach breathnaíonn sé go hálainn, mar sin féin...:-)

    ReplyDelete
  2. Is fíor sin, a Áine, agus ar an taobh sin de bím ag breathnú de ghnáth.

    ReplyDelete