Sunday, January 23, 2011

po zarostlém chodnícku / ar chosán fásta...


Bím i mBeirlín go minic agus nuair a bhíonn an deis agam tugaim sciuird ar cheann de na siopaí ina mbíonn dlúthdhioscaí neamhchostasacha ar díol. Tá na sainseopaí ceoil díbeartha ag na lascaineoirí as go leor cathracha eile ach más i mBeirlín ar thóir dlúthdhiocsaí clasaiceacha atá tú, is amhlaidh gur fearr Dussmann das KulturKaufhaus sa Friedrichstrasse ná aon siopa eile ó thaobh rogha de.

An babhta seo, áfach, ba é i siopa eile a bhíos nuair a tharraing dlúthdhiosca m'aird. Dlúthdhiosca dúbailte le ceol pianó leis an gcumadóir Seiceach Leoš Janáček a rugadh sa Mhoráive sa bhliain 1854.

Agus is féidir a rá nár ghearánta dom mar fuair mé ar €6,99 é.

I measc na saothar ar na dlúthdhioscaí tá sraith aonréadach as 10 bpíosaí leis an dteideal "Ar Chosán Fásta" a chuaigh i bhfeidhm go mór orm nuair a d'éist mé don chéaduair sa bhaile léí.

Bhíodh duine de mo lucht aitheantais ina bhall ar cheolfhoireann ghairmiúil suas go dtí deireadh na bliana seo caite agus nuair a chasaimid ar a chéile is minic go mbíonn na cumadóirí a mbímid ag éisteacht lena gcuid ceoil ar cheann de na hábhair chomhrá againn. Is geall le ciclipéid cheoil ar dhá chos an duine céanna, ní nach ionadh. Ba bheag nach raibh an t-ainm Janáček i dteannta leis an ndlúthdhiosca luaite agam nuair a dúirt sé de bheoghuth 'nach rúndiamhair coimhthíoch "An Cosán Fásta"!'.

Agus go deimhin, is geall le neach beo é, an ceol dúisitheach, allabhrach seo a bhronn leathoíche gan chodladh orm féin, cé nach leathoíche gan... "taitneamh" de chineál éigin an leathoíche chéanna.

Le linn dom a bheith ag éisteacht arís agus arís eile leis sna laethanta dar gcionn dhein mé taighde ar an idirlíon faoi.

Ba idir 1901 agus 1908 a chum Janáček na píosaí, tréimhse ina raibh a shaol faoi scáth an bhróin de bharr bhás a iníne. Bhain sé an leathchéad amach i rith na mblianta céanna agus ba ar a áit dúchais chomh maith, an áit a bhí de dhlúth agus d'inneach ann, a bhí a smaointe dírithe. Cumha le mothú tríd síos, ní nach ionadh, ach ní le cumha nó brón a chur oraibh a chuirim faoi bhur mbráid é mar ceapaim nach bhfuil sé chomh simplí céanna. Mar más cumha féin atá le mothú ann, ní fáiscithe i mbrón atá sé go díreach ach is ar eití suaite a iompraítear é a mhúsclaíonn beogacht agus aisleangacht sa duine a ligean don saothar rúndiamhair seo é a chur faoi gheasa.

D'aimsigh mé láithreán ar féidir "An Cosán Fásta" a chloisint air.

Tar éis dom plé leo ar feadh tréimhse, chuir mé léamh ar na píosaí 1 - 5 agus 10. Tá na teidil eile follasach ann féin.


Seo dhaoibh iad.

1. Nase vecery (Ár dtráthnónta) (3'54")
Ag cuimhneamh siar ar na tráthnónta séimhe sítheacha gan áireamh a chaithidís i dteannta a chéile i dtost siosarnach na coille.

2. Lístek odvanuty (Duilleog séidte ar shiúl) (2'46")
Saol leochaileach curtha ar chonair neamhbhuan éiginnte.

3. Pojdte s námi (Tar linn) (1'15")
Ag cruinniú misnigh, iarracht ar ardú meanman...

4. Frydecká panna Maria (Maighdean Frydek) (3'32")
Ar iontaoibh an chreidimh, i muinín an dóchais, an tsóláis.

5. Stebetaly jak lastovicky (Tá siad ag gliogairnéis ar nós fáinleog) (1'48")
An chaint shuaite mheicniúil ar thórramh.

6. Nelze domluvit (Teipeann ar fhocail) (1'27")

7. Dobrou noc! (Oíche mhaith!) (3'13")

8. Tak meskonale úzko (Crá do-inste) (3'19")

9. V pláci (Ag sileadh na ndeor) (3'19")

10. Sycek neodletel! (Níl an t-ulchabhán bídeach imithe ar eitleog!) (3'29")
Léaró sóláis ag streachailt in éadan an éadóchais?


Tá na píosaí 11 - 15 gan teideal.


http://www.fortepiano.de/projekte/Taenze_Bilder/janacek_doku.html
 
http://www.zeit.de/2006/47/D-Musikklassiker

3 comments:

  1. Cad é an Ghaeilge ar “program(me) music”?

    ReplyDelete
  2. "ceol tuairisciúil" a mholann focal.ie

    Feicim go bhfuil "fásta" ag de Bhaldraithe sa chaill seo, ach táim cinnte go bhfuil leagan níos fileata ar na cosáin seo.

    (Éistfidh mé leis an gceol uair éigin eile, níl fonn foinn orm díreach anois...)

    ReplyDelete
  3. Is suimiúil an téarma atá acu ar focal.ie do cheol teibí: "uathcheol": mar atá ceol ann féin gan tagairt d'aon ní eile nó gan "reacaireacht".

    Mínithe go maith ag an téarma féin.

    ReplyDelete