Dar le taighdeoirí eacnamaíochta feileann an soilsiú leictreach san oíche mar shlat tomhais le rathúnas tíortha éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Nuair a tógadh an grianghraf satailíte thuas (roimh 2003) bhí róthéamh gheilleagar na hÉireann le feiscint go soiléir, fiú amháin ón spás.
Bhí an Tíogar Ceilteach fós faoi lán seol. Nach raibh deirge bhreá fholláin air?
Cé gurb é an deirge an dath a bhaineann le rudaí eile freisin ar nós na caoire buile, mar shampla, nó ar nós na náire - ach dath an dúmháil is ea fós an dubh, nach ea? - is dócha gur ag tnúth leis an deirge thuas a bhí na vótálaithe agus iad ag vótáil ar son an chonartha.
Tá aghaidh nó dhó dearg sa Dáil inniu, a Fherghuis...
ReplyDeleteA Áine, is dócha gur ag tagairt don Cheann Comhairle atá tú. Níor chuala mé ach giota de...
ReplyDeleteCóras féinseirbhíse na ndaoine atá i bhfeighil na n-ollchistí airgid arís, is dócha.