Táim ag ceapadh - cé nach ionadh - gurb é is dóichí go raibh cuid mhaith de mo shinsir ag tacú leis an bhfear thuas sa bhliain chinniúnach úd 1641, bliain Ár na gCríostaithe Dúthracha. Ach níl sa mhéid sin ach tuairimíocht ar bhonn traidisiúnta mar níl puinn fianaise i mo sheilbh agam - amhail móramh na ndaoine in Éirinn - a chruthódh gur mar sin a bhí. Mar is eol don saol, deineadh scrios ar Oifig na dTaifead - agus mórchuid de chuimhne dhoiciméadaithe na tíre leis - le linn an chogaidh chathartha.
De rud amháin táim cinnte áfach: Ní raibh gach duine de mo shinsir go hiomlán ar aon taobh leis an té thuas.
Thug gaol de mo chuid cóip de chraobh ghinealaigh a bhí aici dom tráth - tá an-spéis ag an duine céanna i nginealas na clainne. Téann an chraobh ghinealaigh chéanna siar go dtí an ceathrú haois déag. Caithfear a mheabhrú nach raibh Criostóir Colambas ná na seantuismitheoirí dó tagtha ar an saol fiú ag an am sin.
D'éirigh iontráil amháin mo aird a tharraingt go speisialta. "Survived massacre at Shrule in 1641" a bhí scríofa taobh le hainm an Oirmhinnigh John Goldsmith.
D'aimsigh mé an méid seo san idirlíon mar gheall ar an scéal céanna.
Dár cníosc, mar a scríobhfadh an Titleyeach, síolraím go díreach ó dhuine a raibh an t-ádh aige nár maraíodh é ag "mo lucht fhéin", mar a déarfá.
Dár cníosc, bhí an t-ádh agam fhéin!
Dár cníosc, nach ait an iníon an stair?
Sin gas! mar a déarfadh fear na Gaeltachta.
ReplyDeleteAn bhfuil tú gaolta leis an Goldsmith seo?
Má tá tú gaolta leis, an bhfuil an gaol ó thaobh do mháthair de?
Tá do líne dhíreach ag dul siar do Uí Néill. Agus is í an líne dhíreach an rud is tábhachtaí i nginealas a nGael.
Conas is féidir dul siar chomh fada i do ghinealas?
Is ea ó thaobh mo mháthar de atáim gaolta leis an bhfear céanna.
ReplyDeleteAch: "Tá do líne dhíreach ag dul siar do Uí Néill. Agus is í an líne dhíreach an rud is tábhachtaí i nginealas a nGael." Bhuel, buíochas le Dia! -;)
Ach i ndáiríre, is dócha go bhfuil go leor staire dá leithéid i dtaisce, nó caillte faraor, ar fud an oileáin.
Agus bhí sinsear níos sia siar fós sa scéal lonnaithe i nGaillimh agus é pósta le Spáinneach mná, rud a léiríonn a nasc a bhí ag an áit sin riamh anall leis an Spáinn.
Is maith liom an chaoi a scríobhadh é san alt sin - 'saved from a melacholy fate.'
ReplyDeleteAnois, nach bhfuil sé sin gas!