Tá leagan Béarla den leabhar i nGearmáinis dar dteideal GÄLISCHE LIEDER: Irland - Schottland - Insel Man a d'fhoilsigh mé mar ríomhleabhar dhá mhí ó shin ar fáil anoisin Amazon: GAELIC SONGS: Ireland - Scotland - Isle of Man. Séard atá sa leabhar seo ná aistriúcháin go Béarla ar amhráin thraidisiúnta sa trí theanga ghaelacha (an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus an Mhanainnis). Breis agus seachtó amhrán atá sa bhailiúchán seo. Ní aistriuchán focal-ar-fhocal tríd síos den leabhar Gearmáinise atá sa leagan Béarla de mar tá an dara leabhar curtha in oiriúint don chúlra Béarla, maidir leis na caibidlí sa chéad chuid den leabhar ach go háirithe.
Sa dara cuid den leabhar atá na hamhráin agus sa chéad chuid tá 13 caibidil le heolas cúlra faoina hamhráin, faoi ghnéithe éagsúla de na hamhráin, faoi stair na dteangacha gaelacha agus faoi chultúr & stair na dtíortha gaelacha.
ar shampla:
Tá an cur chuige céanna i gceist maidir leis na hamhráin: chomh maith le haistriúchán coitianta, tá aistriúchán focal-ar-fhocal sa leabhar de gach amhrán agus é sin ar mhaithe le heolas níos cruinne faoi théacs an amhráin agus tuiscint éigin ar struchtúr na teanga a thabhairt don léitheoir. Thairis sin, más mian le duine amhrán a fhoghlaim agus é a chanadh is fusa é sin a dhéanamh má thuigeann an duine sin na focail aonair. Tugtar nasc idirlín ag tús an dara chuid faoinar féidir taifeadadh de gach véarsa a chloisteáil atá labhartha go mall le sos gearr idir gach focal agus an focal a leanann é. Luaitear teideal de thaifeadadh proifisiúnta ag tús gach amhrán a bhfuil an leagan de na liricí a úsáidtear ann sách cosúil leis an leagan sa leabhar.
LIOSTA NA N-AMHRÁN:
Trasna na dTonnta
Eibhlín, A Rúin
Beidh Aonach Amárach
Óró mo Bháidín
Báidín Fheidhlimí
Déirín Dé
Fáinne Geal an Lae
Tá ina Lá
Cad É Sin don Té Sin
Cúnla
Téir Abhaile Riú
Ag Críost an Síol
Bean Pháidín
Buachaill Ón Éirne
Cailleach an Airgid
An Bóithrín Buí
An Poc ar Buile
Óró, Sé Do Bheatha Abhaile
Dúlamán
Cill Chais
Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim?
Dónal agus Mórag
An Raibh Tú ag an gCarraig
Preab San Ól
Éamonn an Chnoic
Mo Ghile Mhear
Úrchnoc Chéin Mhic Cháinte
Mná na hÉireann
Iníon an Fhaoit ón nGleann
Róisín Dubh
Táimse i M' Chodladh
An Droighneán Donn
Na Connerys
Sliabh na mBan
Ar Choinleach Glas an Fhómhair
Amhrán na Trá Báine
Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ
Úirchill an Chreagáin
Im' Aonar Seal
Barr an tSléibhe
Ar Bhruach na Carraige Báine
An Cailín Aerach
A Spailpín, A Rúin
Sadhbh Ní Bhruinnealla
Dónall Óg
Amhrán Mhuinse
An Bonnán Buí
An Chúilfhionn
Seán Ó Duibhir an Ghleanna
Bánchnoic Éireann Ó
An Cailín Rua
Amhrán na Leabhar
An Droimeann Donn Dílis
(Eanach Dhúin) Anach Cuan
An Spailpín Fánach
Siúil, A Rún
Slán agus Beannacht le Buaireamh an tSaoil
Bheir Mi O
Fhir A' Bhàta
Chuir M'Athair Mise Dhan Tigh Charraideach
Agus Hò Mhòrag
Canan nan Gael
Fionnghuala
Dèan Cadalan Sàmhach
Chì Mi na Mòrbheanna
Uiseag Bheag Dhearg na Mòna Duibh
O Teannaibh Dlùth is Togaibh Fonn
Ailean Duinn
Mhic Iarla nam Bratach Bàna
Am Bratach Bàna
A' Bhratach Bhàn
Arran Oie Vie
Ushag Veg Ruy
No comments:
Post a Comment