Saturday, March 12, 2011

pléascadh in imoibreoir núicléach Fukushima: leá croíleacáin?...


Tar éis an phléasctha i gceann de na himoibreoirí núicléacha sa stáisiún ginte leictreachais i bhFukushima na Seapaine ar maidin is baolach go bhfuil an leá croíleacáin ar siúl a rabhthas faiteach faoi ó cuireadh isteach ar sholáthar leictreachais an chórais fhuaraithe mar thoradh ar an gcrith talún inné.

Más amhlaidh atá sé, tá olltubaiste núicléach ag tarlú anuas ar olltubaiste an chreatha talún agus tromluí úr i ndiaidh an tromluí mhóir eile ag céasadh pobal bocht na Seapáine i láthair na huaire.

De réir mo thuisceana de, múchadh na himoibreoirí núicléacha go huathoibreach inné nuair a tharla an crith talún - mar is gnáth sa chás sin. Is é an chaoi a ndéantar é seo ná go n-ionsáitear na riailmhaidí isteach idir na heilimintí breosla as úráiniam i gcroíleacán an imoibreora. Is slata iad na riailmhaidí atá déanta as ábhar a gcuirtear "maolaire" air - an miotal bórón, mar shampla - agus a bhfuil airí faoi leith aige, mar atá: is féidir leis an ábhar seo líon mór neodrón a ionsú, nó a cheapadh, gan an baol a bheith ann go scoiltfí na neodróin siúd adaimh an ábhair - nó niós beaichte fós, núicléis adaimh an ábhair a cheapann na neodróin.

Le linn ghnáthoibriú an imoibreora, is leis na riailmhaidí a choinnítear smacht ar an imoibriú slabhrúil i measc na n-adamh úráiniam. Mar thoradh ar na neodróin (a astaíonn dúile radaighníomhacha amhail úráiniam) a bheith gan lucht leictreach, ní éarann (nó ní stopann) na cáithníní fo-adamhacha eile (na leictreoin agus na prótóin) iad agus na neodróin ag treá an adaimh. Is féidir leis na neodróin, mar sin, dul isteach in adamh úráiniam eile agus núicléas an adaimh sin a scoilteadh (rud a astaíonn neodróin eile ar féidir leo adaimh eile fós a scoilteadh). Is iad na neodróin, dá bharr, na cáithníní is tábhachtaí maidir le spreagadh agus scaipeadh an imoibrithe slabhrúil.

Má thomhaistear mais na bpíosaí uilig (na n-eamhnán) den adamh scoilte atá fágtha tar éis an eamhnaithe - mar a chuirtear ar an bpróiséas - is é a fhionntar ná gur lú í ná mais an adaimh roimh ré. Is ar an ndifríocht seo atá an próiséas go léir bunaithe. An mhais atá "ar lár", is i bhfuinneamh atá sí claochlaithe anois de réir na foirmle cáiliúla úd de chuid Einstein: E=mc² agus is é an fuinneamh seo, i bhfoirm teasa, a úsáidtear chun an t-uisce a théamh agus a ghalú. Mar is eol, tiomáineann an ghal ansin na tuirbíní agus na gineadóirí leictreachais atá ceangailte leo.

Tá dhá fheidhm ag an uisce a bhfuil na heilimintí tumtha ann. Is meán iompair é chun an teas a bhreith ón áit a ghintear é sna heilimintí úráiniam mar thoradh ar an eamhnú núicléach go dtí láthair na dtuirbíní, an áit a ngintear an leictreachas. Is meán fuaraithe an t-uisce freisin lena chinntiú nach méadaíonn ar theas na n-eilimintí úráiniam sa chaoi go mbeadh baol ann go leáfaidís.

Is é a tharlaíonn nuair a leánn na heilimintí úráiniam ná go gcruinníonn an miotal i meallta, nó in aon meall mór amháin ag bun an imoibreora. Ní féidir le córas rialaithe na riailmhaidí a fheidhmiú agus téann an t-imoibriú slabhrúil ó smacht, méadaíonn níos mó ar an teas, galaíonn an t-uisce atá fágtha, teipeann níos mó fós ar an gcóras fuaraithe, leánn tuileadh úráiniam etc. Faoi dheireadh ní féidir leis an soitheach thart ar an imoibreoir núicléach brú na gaile agus na ngás eile a sheasamh agus pléascann sé. Éalaíonn agus scaipeann an t-ábhar radaighníomhach.

Nuair a mhúchtar imoibreoir núicléach bíonn teas iarmharach fós sa chroíleacán. De réir tuairisce, ba i mbun an teas iarmharach seo a fhuarú a bhíothas nuair a chlis ar an soláthar leictreachais ón bpríomhlíonra. Ní hionann sin agus tubaiste de ghnáth mar gheall ar na gineadóirí leictreachais éagandála a bhíonn i gcónaí ar fáil i saoráid den chineál seo ach bádh na gineadóirí sa súnámaí a tháinig tar éis an chreatha talún.

Smaoinítear ar ar tharla i Searnóbail i gcás mar seo agus go bhfuil achar mór thart timpeall ar an láthair ar tharla an tubaiste san áit sin nach féidir le duine daonna dul isteach ann go ceann na mílte blianta.

2 comments:

  1. @ 'ag céasadh pobal bocht na Seapáine'

    An pobal a fhulaingíonn i gcónaí, faraor...

    ReplyDelete