Sunday, April 10, 2011



Feicim gur dhiúltaigh pobal na hÍoslainne sa reifreann ba dhéanaí do mholadh rialtas na tíre sin go n-íocfaí fiacha na mbanc as an státchiste. Ceithre billiún euro atá i gceist agus is iad an dá stát Sasana agus an Ísiltír atá ar thóir an airgid. Chúitigh na stáit úd na coigilteoirí óna dtíortha féin a bhí thíos leis nuair a theip ar an mbanc idirlín Íoslannach darbh ainm "Icesave". Le rátaí arda úis a mhealladh an banc céanna coigilteoirí le feachtais fhógraíochta sa dá tíortha thuasluaite le linn ré an osréalachais airgeadais.

Is ceist chasta an ceann seo, caithfidh mé a rá - más cruinn agus cuimsitheach a bhfuil léite agam fuithi.

Mar is é a tharla ná nuair a theip ar an mbanc ba iad na coigilteoirí Íoslannacha amháín a chúitigh na húdaráis Íoslannacha. Mar bhall den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a raibh a bhainc gníomhach sna ballstáit eile de, bheadh sé de dhualgas ar an Íoslainn gan leatrom a dhéanamh ar choigilteoirí óna tíortha eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Ach nach é seirfean na fírinne i gcúrsaí airgid seo a leanas: dá mhéad an t-ús is ea is amhlaidh is mó an baol an t-airgead a chailliúint?

Ar an taobh eile de, ba iad coigilteoirí beaga don chuid is mó, más fíor é, a raibh a n-airgead i dtaisce sa bhanc i gceist. (Fós féín, ba bheag an muinín a bhí agam riamh sna bancanna idirlín agus a rátaí arda úis, agus má théann duine i bhfiontar sa chás sin nár chóir dó a bheith freagrach as a ghnó féin?)

Is cosúil go gcuirfidh rialtas Shasana agus na hÍsiltíre an dlí ar an Íoslainn. Anuas ar sin d'fhéadfadh na tíortha úd ballraíocht na hÍoslainne san AE a chros. Agus sa lá inniu, cé a d'fhéadfadh gan an bhagairt mhíleata féin a aireachtáil áit éigin sa chúlra.

An é nach bhfuil, in ndeireadh an lae amhail cás na hÉireann, aon dul as ag an Íoslainn ach chomh beag?

3 comments:

  1. Canna péisteanna atá ann, gan dabht dá laghad. Tuigim do phobal na hÍoslainne, nach raibh páirteach -- den chuid is mó -- sna scéimeanna seo. Is méanar dóibh nach bhfuil cuing an euro orthu freisin, ar aon nós. Deirtear nach mbeidh éinne níos fearr as faoi dheireadh an scéil ach na dlíodóirí.

    ReplyDelete
  2. @ "nár chóir dó a bheith freagrach as a ghnó féin"

    An fhadhb atá ann, a Ormondo, ná go gcaithfimid uilig san AE íoc as cearrbhachas dhaoine eile san AE, feictear dom. An bhfuil aon dul as? Ceist mhaith, a chara...

    ReplyDelete
  3. @ Dennis

    "Is méanar dóibh nach bhfuil cuing an euro orthu freisin..."

    Nach bhfaighidh siad an euro nuair a aontóidh siad don AE? An mbeidh sé oiriúnach dá gcás? Sin ceist eile.


    @ Áine

    Bhíos a fhios agam go spreagfadh an cheist sin freagra! Chuirfinn an locht ar na daoine a bhí i bhfeighil na mbanc agus an chórais bhaincéireachta.

    ReplyDelete