Wednesday, June 1, 2011

finscéal na Róimhe...

Sa bhliain 1980 agus mé fós i mo mhac léinn ollscoile i gCorcaigh, chaith me trí mhí le linn an tsamhraidh sa Ghearmáin ag obair i monarcha carr. Nuair a bhí na trí mhí curtha díom agus roinnt mhaith airgid gnóthaithe agam, chuaigh mé ar camchuairt ar fud iarthar na hEorpa ar feadh míosa iomláine. Bhí cárta “Idirráille” agam agus tar éis dom cuairt a thabhairt ar an gCurtaín Iarainn ó thuaidh san Fhionnlann bhí mé, dhá sheachtain dár gcionn, sa Chathair Shíoraí.

Bhí sé ina thráthnóna nuair a shroich an traein an Róimh agus ós rud é nach raibh leaba saor ar fáil i mbrú na hóige ag am sin den lá seoladh chuig saghas brú tánaistigh gach duine nach bhfuair lóistin na hoíche san ionad oifigiúil féin. Seanfhoirgneamh ón naoú haois déag a bhí ann agus san “óstán” sin chaith mé trí oíche i seomra mór a raibh dhá leaba bhuinc, leaba dúbailte agus cithfholcadh sa chúinne ann. Bhí idir fhir agus mhná sa seomra agus bhí beirt bhan ó Shasana ag roinnt na leapa dúbailte le chéile. (Tá a fhios agam ón méid atá inste agam go gcaithfí maitheamh d'aon duine a bheadh ag súil le scéal "dána" ón bpointe seo amach ach ní sin is cás liom anseo, nó, dá mb'amhlaidh a bheadh sé, ní thiocfadh a leithéid roimh dheireadh an scéil, nó roimh dheireadh an scéil a leanfadh é.)

Ar cheann de na laethanta thug an bheirt bhan cuairt ar an zú i dteannta liom féin. D'fhéadfá a rá nach dtéann an gnathdhuine chuig an Róimh don chéad uair chun cuairt a thabhairt ar an zú, ach ar aon nós...

Ní ba dhéanaí sa tráthnóna bhíomar fillte ar an seomra suimiúil san óstan nuair a tháinig duine de na haoíonna eile isteach sa seomra. Fear ón Afraic a bhí ann. Agus bhí a chuid éadaí lán d'fhuil

“Cad a tharla duit?” a d'fhiafraigh duine de na mná.

Bhuel, b'fhéidir gur chomhtharlúint a bhí i gceist ach bhí an fear siúd sa zú an lá sin chomh maith. Agus é ag siú thart ag féachaint ar na hainmhithe chuir bean forrán air. Iodálach mná a bhí ann agus bhí tréimhse mhaith caite aici ina cónaí sa Afraic, suim aici san Afraic dá bharr agus mar sin de. Nuair a shroich siad cás an tíogair, dhein siad sos beag. Gan choinne leis, chuir an bhean a lámh isteach sa chás. Agus, ní ba sciobtha ná a bheadh duine ag súil leis, léim an tíogar anall chuici agus i bhfaiteadh súl bhí a géag bainte di go gualainn. Ghlaoigh an fear ar chabhair agus tugadh chun an ospideil í. Mhair sí beo, ach bhí a lámh caillte aici.

Nuair a d'fhág mé slán leis na Sasanaigh ar an maidin dár gcionn agus mé ag taisteal ó thuaidh, thug mé mo bhreith ar a raibh inste ag an bhfear: bá dhóichí nach raibh sé fíor, níorbh féidir go raibh sé inchreidte. Finscéal!

Thaistil mé ar an traein go dtí an Eilvéis. Ar an tslí, bhí orm stad de chúpla uair a chloig a chur isteach i nGenoa. Bhí Liam Ó Brádaigh ag imirt ar son fhoireann Juventus san Iodáil ag am am agus cheannaigh mé nuachtán sa stáisiún dá bharr. Ní raibh aon Iodáilís agam ag an am ach bheinn in ann an t-ainm a chuardach ar na leathaigh spóirt agus mé ag fanacht ar an traein, cheap mé. (Ní raibh mórán eile le déanamh, a chairde óga an idirlín dhomhanda, ag an am sin agus tú ag feitheamh ar thraein i stáisíun san Iodáil, nó in aon tír eile.)

Corriere della Sera an nuachtán, más buan mo chuimhne.

Ar aon chaoi, chun scéal fada a dhéanamh gearr, tharraing grianghraf ar an leathanach tosaigh m'aird. Grianghraf de bhean a bhí ann agus bhí dreach aisteach uirthi. Ina luí ar shínteán a bhí sí. Tháínig Laidin agus Fraincís na scoile i gcabhair orm sa deireadh agus d'éirigh liom an scéal a dhéanamh amach. Ainm na mná boichte, ainm fir (ainm a raibh cruth Afraiceach air, cinnte), an zú sa Róimh, an gortú, a géag bainte den bhean ag an tíogar...

Baineadh siar asam.

Ar uairibh, bíonn baol ann, faraor, go bhfíoraíonn finscéal.

3 comments:

  1. An-scéal, a Fhearghuis, agus inste go han-mhaith!

    Seanfhoirgneamh ón naoú haois déag

    Níl aon rud “sean” sa chathair úd nach bhfuil ar a laghad míle bliain slánaithe aige!

    ReplyDelete
  2. "Níl aon rud “sean” sa chathair úd nach bhfuil ar a laghad míle bliain slánaithe aige!"

    Is cathair iontach í, gan dabht. Ach ba é an t-aon rud nár aimsigh mé inti, áfach, ná píotsa maith.

    ReplyDelete
  3. Napoli le haghaidh an phíotsa!

    ReplyDelete