Saturday, June 11, 2011

"boodeyman" abú!...

Tharraing an litir seo san IT inniu m'aird. Cuireann sé ionadh ar údar na litreach gur chuir Miriam Lord "sic" le "boodeyman" san alt a scríobh sí san IT an tseachtain seo caite. An Luimníoch, Micheál Ó Nuanáin, a d'úsáid an focal "boodeyman" sa Dáil. Cé gur béarlagair an focal céanna agus go leor leaganacha de in úsáid, dar le Miriam gur ghá an bhfocailín "sic"a chuir ar lorg an leagain Mhuimhnigh de!

A leithéid de shotal!

An é go bhfuil feachtas impiriúlachas an bhéarlagair ar bun aici, nó acu? Cé go gcaithfimidne béarlagair an dreama eile a úsáid, tugann siad droim láimhe dár mbéarlagair-ne. Greamaíonn "sic" de go fiú?

Bhuel, ní dócha go mbeidh an Nuanánach, frapa ceann teannta cróga na hÉireann i gcúrsaí airgeadais, faoi shotal ag lucht an "bogeyman". Yahúúúú!

1 comment:

  1. Feictear a leithéid ag tarlú le lucht scríofa na Gaeilge, freisin, a Fhearghuis.

    Go deimhin, cloisim 'sotal' mar é ag teacht ó lucht labhartha na Gaeilge, ó am go chéile, nuair nach dtuigeann siad canúint nó canúnachas éagsúil eile - iad den bharúil, is dócha, gur acusan amháin atá an Ghaeilge is fearr!

    Sic, sic, sic...

    ReplyDelete