Thursday, May 26, 2011

scéal grinn - athlódáilte...


 Bhí fear agus a bhean chéile ag taisteal sa charr lá sa samhradh agus bhí a ngadhar sa chúl i dteannta leo. Go tobann nochtadh ainmhí ar an mbóthar rompu agus b'éigean don fhear, a bhí ag tiomáint, an coscán a theannadh ar an toirt. Stad an carr de phreab. Amach leis an bhfear as an gcarr agus bhrostaigh chun tosaigh d'fhonn féachaint an raibh an t-ainmhí fós ina bheatha. Ar an mbóthar os comhair an chairr amach chonaic sé frog ina shuí agus é ag breathnú suas air.

“Go raibh míle maith agat gur lig tú mo bheo liom,” arsa an frog. Baineadh siar as an bhfear. 

“Dia dár sábháil,” arsa seisean, “frog le hurlabhra aige, níor shamhlaigh mé a leithéid riamh.” 

“Sea,” arsa an frog, “is frog draíochtúil mé agus mar luach saothair duit, má iarrann tú achainí orm comhlíonfaidh mé í.” 

Nuair a bhí an fear tagtha chuige féin arís chuaigh sé i mbun a mhachnaimh ar feadh meandair.

"Tá seó gadhar ar siúl ar an mbaile ar an deireadh seachtaine seo agus ba mhaith liom go mbainfidh mo ghadharsa an chéad duais amach,” arsa an fear ar ball.

"Ceart go leor,” arsa an frog, ”taispeán dom an gadhar agus déanfaidh mé an gnó duit.” 

Chuaigh an fear i dtreo dhoras cúil an chairr, an frog ag léimneach ina dhiaidh, agus d'oscail é. Nuair a bhreathnaigh an frog isteach ar an ngadhar baineadh stangadh as. A leithéid de ghnúis ghránna mhíchumtha ní fhaca sé riamh agus é ag sileadh anuas as gach oscailt di. 

“Tá mé buartha, a fhir uasail,” arsa an frog go leithscéalach, “ach ní dóigh liom gur leor neart mo dhraíochta don chás seo.” 

Bhí díomá ar an bhfear ach chuaigh sé i mbun a mhachnaimh arís go dtí gur rith achainí eile leis. 

“Tá comórtas áilleachta ban ar siúl ar an deireadh seachtaine dár gcionn agus is mian liom go mbéarfaidh mo bheansa an chraobh léí.” 

“Ceart go leor,” arsa an frog, “déanfaidh mé sin duit, gan dabht.” 

Timpeall chun an taoibh eile den charr leo ansin agus d'oscail an fear doras tosaigh an chairr. D'fhéach an frog isteach. Bhí sé ag breathnú ar an mbean ar feadh cúpla nóiméad nuair a d'iompaigh sé ar an bhfear go cúthail agus dúirt i gcogar: “Ar mhiste leat dá bhfeicfinn an gadhar in athuair?”

3 comments:

  1. Hmmm.

    Chuala leagan níos fearr. Bean a bhuail le frog le urlabhra. Bhí sé ag iarraidh póg uaithi le go ndéanfaí Prionsa arís de. Ach níor thug. Bá mhó luach a bhí i frog le hurlabhra ná Priosa, dar léi, agus chuir sí ina póca é.

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a rá gur fearr liom leagan Aonghuis.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Sea, agus tá an ceann thuas pas beag mícharthanach - ach ní uaimse e! Níl ionamsa ach teachtaire neamhchiontach. ;-)

    ReplyDelete