Sunday, September 25, 2011

daorchluiche i Yankee Stadium...


Nuair a bhíomar thall i Nua-Eabhrac thugamar cuairt ar Yankee Stadium sa Bhronx agus bhíomar i láthair do chluiche idir na New York Yankees agus na Toronto Blue Jays. Solaoid íonghlan de chultúr Mheiriceá is ea an daorchluiche, mar is eol, agus go leor americana le feiceáil sa staid bhreá nua a d'osclaíodh sa bhliain 2009 in aice an tseanchinn a scartáileadh go díreach ina dhiaidh sin.

Ní mór na rialachaí is tábhachtaí a chur in iúl duit féin roimh ré mar is iomaí turasóir Eorpach a chaith trí h-uaire leadránacha i láthair ag cluiche gan tuairim aige cad a bhí ar tarlú.

Mhair an cluiche breis agus trí h-uaire a chloig agus de bharr gan móran rití a bheith idir na foirne am ar bith le linn an chluiche bhíomar ar bís ó thús deireadh agus níor bhraitheamar an t-am ag dul thart.

Bhí an bua ag na Yankees agus is leantóirí dá gcuid m'iníon agus mise anois.

Tá a fhios agam gur saghas FC Bayern München an daochluiche iad na Yankees mar thoradh ar a bhfuil bainte amach acu thar na blianta agus gur amhlaidh gur beag an meas a bhíonn ag daoine i SAM orthu taobh amuigh de leantóirí na Yankees féín.

Ach nach bhfuil deireadh le ré rómánsúil an chailliúnaí?

Nuair a bhí mé fillte ar an nGearmáin arís, thóg mé Underworld le Don DeLillo anuas den tseilf agus léigh mé sliocht as nach raibh na sonraí ann tuigthe agam go h-iomlán agus é á léamh agam deich mbliana ó shin. Cur síos ar an gcluiche cáiliúil idir na New York Giants agus na Brooklyn Dodgers sa bhliain 1951 a bhí i gceist. Cúis eile arbh fhiú ár gcuairt ar Yankee Stadium.

Agus ar chaoi éigin rith sé liom go mbíodh Oscar Madison (ar iriseoir spóirt é) sa tsraith teilifíse The Odd Couple de shíor ag tabhairt amach faoi gur bhog na Brooklyn Dodgers go dtí Los Angeles.

Is cosúil go bhfuil go leor de reacaireacht Mheiriceá fite fuaite sa daorchluiche.

3 comments:

  1. Níl suim dá laghad agam i ndaorchluiche - ná in a lán rudaí sár-Mheiriceánacha eile*, ach, ós rud é go bhfuil suim agatsa ann, is dócha go dtaitneodh an scannán nua Moneyball leat. Chuala mé go bhfuil sé ar fheabhas agus go bhfuil Brad Pitt go hiontach ann.

    * Coca-Cola™, brioscáin phrátaí, hot dogs, na gormachaí, etc.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an nod, a Dennis. Beidh coinne agam sa phictiúrlann am éigin san fhómhar.

    Tuigim duit agus tuigim conas a tharlódh gan suim a bheith ag duine i ndaorchluiche! Chuireamar suim ann d'aon ghnó mar ba chuid den tsaoire é agus ní fios dom cá fhad a mhairfidh sí!

    ReplyDelete
  3. Ní thuigim an cluiche, ach, i bhfocal iad siúd a thuigeann: 'Boston Red Sox Abú!'

    Agus, nár laga Cé foireann rugbaí na hÉireann - Éire 62 - An Rúis 12: Wúúhúúúú!

    ReplyDelete