Tuesday, November 8, 2011

08.11.1939: ná déantar dearmad de Georg Elser (IS)...


Ba fhear oibre Elser a raibh baint aige leis na Cumannaigh ar feadh tamaill bhig. Dhiúltaigh sé an chuirtéis Hitler a thabhairt nuair a ghabh na Naitsithe an chumhacht.

I monarcha uaireadóra ar feadh tréimhse agus, ina dhiaidh sin, i monarcha armatúr a bhíodh obair aige. San áit dheireannach nochtadh dó go raibh cogadh á ullmhú ag Hitler.

Tar éis Comhaontaithe München sa bhliain 1938 bhí sé cinnte de go raibh Hitler ar a shlí isteach i gcogadh mór agus chinn sé é a stopadh.

Fuair sé obair i gcairéal chun teacht ar phléascáin agus ansin bhog sé go München. Théadh sé gach tráthnóna chuig an Bürgerbräukeller, théadh sé i bhfolach ann go dtí go mbíodh gan duine eile imithe agus ansin théadh sé i mbun oibre. Taobh istigh de 30 lá bhí an buama i bhfolach in bpoll a thochail sé sa philéar taobh thiar den ardán.

B'fhada gur tugadh an t-aitheantas a bhí tuillte aige do Georg Elser sa ré iarchogaidh sa Ghearmáin. Ba é scannán a dhein Klaus-Maria Brandauer sa bhliain 1989 a chuir Georg Elser faoi bhráid pobail leathan faoi dheireadh.

Ach anuas go dtí na blianta beaga féin ba ar éigean a cuireadh Elser riamh ar chomhchéim leis na daoine eile a dhein iarracht deireadh a chur le ré Hitler.

Go díreach tar éis an chogaidh bhí ráflaí ag dul thart gur chomhcheilg de chuid na Sasanach nó na Naitsithe féin a bhí san ionsaí ar Hitler agus deineadh neamhaird ar chás Elser dá bharr. I dtús na seascaidí, ansin, thángthas ar cháipéisí de chuid an Gestapo, taifid an cheistithe a bhí déanta acu ar Elser agus dheimhnigh na cáipéisí siúd an leagan den scéal atá inste agam thuas.

Fós féin, bíonn drogall éigin ar bhunaíocht na Gearmáine an t-omós céanna a thabhairt do Georg Elser agus a thugann siad do Claus Schenk Graf von Stauffenberg agus na comhchealgairí uaisle eile a dhein iarracht Hitler a fheallmharú ar an 20ú lá de Iúil, 1944.

Tá sé ráite nach ndeachaigh grúpa Stauffenberg i mbun gnímh go dtí go raibh an dochar déanta agus an cogadh caillte agus nach raibh fúthu ach margadh a dhéanamh leis na Comhghuaillithe lena gcuid féin a tharrtháil. Ní iomlán na fírinne é sin, áfach, ná a leath di. Bhí Elser, áfach, gníomhach ón tús.

Cén fáth, mar sin, a bhfuil Georg Elser in áit na leathphingine?

Bhuel, d'ainneoin a mbíonn le feiscint ar an dromchla, is dóigh liom, i ndeireadh an lae, gur sochaí í an Ghearmáin a bhí riamh anall go dian céimlathach. Agus, de bharr sin, ní ceadmhach do fhear beag an domhan a tharrtháil.

"Die Erlósung kommt von oben, nicht von unten."

7 comments:

  1. N'fheadar faoi 'Tá sé ráite nach ndeachaigh grúpa Stauffenberg i mbun gnímh go dtí go raibh an dochar déanta agus cogadh caillte'

    Bhí cuid acu gníomhach ó na luath 1930í - Adam von Trott zu Solz, mar shampla. Dream i bhfad níba leithne iad. Agus iad ag iarraidh rud níba chuimsithí a chuir i gcrích seachas díreach Hitler a mharú.

    Seachas sin is fíor an méid a dúirt tú thús faoin bhfear beag aonair.

    Ceist eile gan amhras arbh leor na Naitsithe a dícheannadh chun an t-uafás a chosc.

    ReplyDelete
  2. B'in an fáth ar scríobh mé "Tá sé ráite..."!

    Is cinnte go raibh baill den uasaicme ann ón tús ar léir dóibh cad a tharlódh agus Hitler i mbun na cumhachta agus a bhí ar a ndícheall é a stopadh, agus gur bheag an neart a bhí ag cuid mhaith acu ar an scéal.

    Ar an taobh eile de, áfach, nuair a d'éirigh le ionradh na Fraince agus ina dhiaigh sin a fhad is a bhí Hitler cathréímeach bhí go leor acu (Stauffenberg ina measc) ag tacú le Hitler - murab ionann agus Georg Elser a raibh ceannfháth "íonghlan" aige ón dtús nár bhain ar aon chaoi le cúrsaí teaicticí i dtaobh a ghnóthaí féin.

    ReplyDelete
  3. Ná déan dearmad ar an dlíodóir Hans Litten, chuir a ainm Hitler ag ballchrith i gcónaí...


    Bíonn sé "ráite" freisin - cén fáth nár throid na Giúdaigh ach is bréag scun scan é sin. i Birkenau mar shampla d'éirigh leo ceann dos na crematoria a scrios le buamáil

    Dála an scéil, má dhéanann tú Karneval a cheiliúradh ar an Aoine, bain sult as

    ReplyDelete
  4. An bhfuil foinse agat do Hans Litten? Níor chuala mé a ainm roimhe.

    ReplyDelete
  5. Ní raibheas in ann teacht ar dada ar líne, cés moite wiki,

    Seo blagmhír, b'fhéidir atá níos fearr

    http://surviving-history.blogspot.com/search?q=hans+litten&updated-max=2011-06-14T07%3A17%3A00-07%3A00&max-results=20

    ReplyDelete
  6. Ní raibh an t-ainm Hans Litten cloiste agam go dtí seo. GRMA as é a chur ar mo shúile agam.

    Ní bheidh mé ag ceiliúradh Karneval amárach, a Néidí. I gKöln, áfach, beidh i bhfad níos mó ar siúl.

    ReplyDelete