Tráth an ama ar scríobh mé an bhlagmhír seo chuir mé glaoch ar an nuachtán áitiúil chun a fháil amach an raibh aon eolas beacht acu ar aois nó ar stair an tseanchrainn, mar atá an dair úd leis an tamhan leathan. Ní raibh, ach chuir an t-iriseoir suim sa scéal láithreach agus cúpla mí dar gcionn, nuair a thug mé ceann de mo cuairteann rialta ar an gcrann, nocht an phlaic thuas chugam. Tá sé suite os comhair na seandarach ar ghaineamhchloch a bhfuil an cuma air gur chóirigh saor cloch í.
B'fhéidir nach bhfuil ann ach comhtharlú agus nach mise an té a mhúscail an tsuim agus an babhta gníomhartha a raibh an phlaic thuas mar thoradh air.
Ar aon nós tá mo sheanchara níos ársa ná a mheas mé. Tá an crann ar an bhfód ó bhí an bhliain 1400 ann, móide nó lúide cúpla bliain.
Bheadh breis is 120 bliain le dul thart fós ag an am sin go dtí go mbeadh an chéad teangmháil idir na Lenape agus Giovanni da Verrazzano san áit a gcuirtear Nua-Eabhrac uirthi sa lá inniu ach bhí Reachtanna Chill Chainnigh - ina measc bhí dlí i gcoinne úsáid na Gaelainne - i bhfeidhm cheana féin le breis is triocha bliain. Mar sin tá an feachtas oifigiúil i gcoinne na Gaelainne píosa maith níos sine fós ná SAM.
Agus an Kaiser a raibh an crann curtha in onóir dó? Más buan mo chuimhne, Rupert I ab ainm dó.
Tá sé sin ar fheabhas.
ReplyDeleteNí thuigim an tábhacht atá le 1939 leis an scéal.
"Naturdenkmal seit 1939"
ReplyDelete"Séadchomhartha dúlra ó 1939"
Cheapfá gur chosúil go raibh rudaí eile ar an n-intinn acu an aimsir sin seachas crainn ársa!
An féidir gur tugadh aitheantas don chrann mar Naturdenkmal den chéad uair thiar sa bhliain 1939, ach gur cailleadh an chéad phlaic idir an dá linn?
ReplyDeleteSuimiúil, agus nach deas an rud é go bhfuil aitheantas faighte ag an seanbhuachaill...:-)
ReplyDeleteBhí an drong i réim san úr úd ana ghafa le nádúr agus ársaíocht. Dair agus Déithe, Ríthe agus Reacht...
ReplyDeleteAn aois maith do Dhair é sin?
This comment has been removed by the author.
ReplyDelete@ Dennis "An féidir gur tugadh aitheantas don chrann mar Naturdenkmal den chéad uair thiar sa bhliain 1939, ach gur cailleadh an chéad phlaic idir an dá linn?"
ReplyDeleteNíl aon rian dá leithéid ann feasta ach bhí na Gearmánaigh an-tugtha riamh do phlaiceanna.
@ Áine "Suimiúil, agus nach deas an rud é go bhfuil aitheantas faighte ag an seanbhuachaill...:-)"
Is annamh go leor a fhaigheann seanbhuachaill an t-aitheantas a bheadh tuillte aige!
@ Aonghus "An aois maith do Dhair é sin?"
...so stark wie eine Eiche!!!!