Thursday, June 21, 2012

ulysses ar bbc 4...



Cuireadh ar mo shúile dom an tseachtain seo caite gur chraol an BBC 4 sleachta drámaithe de Ulysses mar cheiliúradh ar Lá Bloom agus go raibh siad curtha ar fáil mar íoslódálacha ar an suíomh idirlín acu.

D'éist mé aréir le cuid díobh agus caithfidh mé a rá gur féidir iad a mholadh do dhaoine a bhfuil spéís acu sa leabhar céanna ach nár éirigh leo riamh dul thar leathanach uimhir a 47.

B'ábhar grinn dom riamh, is dócha, líon na ndaoine atá meáite air an Seoigheach agus a mhórshaothar a shealbhú dóibh féin agus an léamh is oiriúnaí dóibh féin á chur acu ar an leabhar.

Mar shampla, tá go leor sleachta sa leabhar nach féidir iad a thuiscint i gceart murab Éireannach thú agus go leor eile nach bhfuil intuigthe d'éinne feasta.



1 comment:

  1. @ agus go leor eile nach bhfuil intuigthe d'éinne feasta

    Sin an fhadhb, deirtear.

    Go raibh maith agat as an nasc sin a chur ar fáil dúinn, a Fhearghuis.

    ReplyDelete