Má tá dúil i rudaí milse agat, i gcaramal go háirithe, is é san Airgintín (nó i Meiriceá Theas i gcoitinne) a gheobhaidh tú do sháith díobh.
Sa bhabhla sa ghrianghraf thíos bhí maróg charamail le feiceáil agus é báite i ndulce de leche. Is é rud nár thóg mé mo cheamara amach in am chun grianghraf a thógáil de mar go raibh mé sáite i rud éigin. (Leid: sa mharóg.)
Is aoibheann leis na daoine dulce de leche, de réir cosúlachta, mar tá sé le feiceáil i ngach áit agus faightear é i mbeagnach gach milseog.
Is é is brí le dulce de leche ná milseacht an bhainne agus is milseogra é a dhéantar le bainne agus siúcra. Téitear an bainne milsithe go mall, á mheascadh de réir a chéile le siúcrá caramalaithe.
Bíonn sé le fáil mar mhilseog, mar uachtar reoite, mar leathán ar arán, mar líonadh i gcistí milse srl.
Bíonn sé le fáil freisin i milseogra a dtugtar alfajor air - cosúil leis an ceann thíos. Bhí an ceamara amuigh in am agam an uair seo (don dara ceann).
No comments:
Post a Comment