Táim san Airgintín faoi láthair (ag déanamh mo dhíchill an bhlagmhír seo a scríobh ar mo nexus 7 d'aineoinn mo nexus 7) agus, mar is eol daoibh, toghadh Airgintíneach mar Phápa nua inné. Ni deacair a shamhlú cad a bhí air siúl anseo i mBuenos Aires inné!
Dála an scéil, ba é an dara uair i ndiaidh a chéile dom a bheith i dtír dúchais an Phápa nua nuair a toghadh é.
Ni fheadar an rachaidh mé go hÈirinn an chéad uair eile...
beidh Lá 'le Pádraig an-spéisiúil acu sin i mbliana! Go maire tú agus go gcaithe tú do Nexus...
ReplyDelete@ Ni fheadar an rachaidh mé go hÈirinn an chéad uair eile
ReplyDeleteMeas tú an bhfuil ábhar Phápa againn anseo, a Fhearghuis? Agus, má tá, meas tú cé hí féin?
@ Réaltán
ReplyDeleteGRMA
@ Áine
"Agus, má tá, meas tú cé hí féin?"
Ní bheadh ann ach Gaebeo nó Mícheál Dí...