Wednesday, February 6, 2013
chomh gann le frapa ceann teannta...
Is minic duine ag rá sa lá inniu an t-earra seo nó an ní siúd a bheith "chomh gann le frapa ceann teannta." Is dócha go n-eascraíonn an seanfhocal ón uair a tháinig sé chun solais go raibh 6.4 milliún duine ar oileán na hÉireann ach gan ach aon fhrapa ceann teannta amháin.
Is cosúil, áfach, má chreidtear an ceannlíne thuas ar tháinig mé uirthi ar shuíomh athchóirithe an Indo, go bhféadfaí seanfhocal níos úire fós a chumadh: chomh gann le trícheathrúnach.
I gcead do Ray, agus dá fheabhas é mar láithreoir, ach má tá baol ar bith ann go bpull-throughfaidh sé, beidh rud eile á dhéanamh agam ar an Domhnach seo romhainn seachas mar a bhí beartaithe agam go nuige seo.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Faraoir ní thuigim téarmaíocht an rugair fiú sa Bhéarla - bhí orm dul i mbun gúglála chun do thcht a thuiscint. :)
ReplyDeleteCrua-chomórtas ceart a bheidh ann ar an Domhnach de réir dealraimh.
新年快乐
Xin Nian Kuai Le
Athbhliain na Nathrach faoi shéan dhuit.
@ Faraoir ní thuigim téarmaíocht an rugair fiú sa Bhéarla - bhí orm dul i mbun gúglála
ReplyDeleteMise, freisin, a Mhíshásta!
Tá an chuma ar an scéal anois,a chairde, go bhfuil na frapaí ceann scaoilte gann faoi láthair freisin!
ReplyDeletehttp://www.irishtimes.com/sports/rugby/2013/0213/1224330002206.html