Saturday, March 23, 2013

ar bhruacha rio de la plata...(2)


Deirtear gurb é an t-am is fearr ó thaobh na haimsire de le cuairt a thabhairt ar Bhuenos Aires ná mí na Samhna, mí na Nollag nó mí an Mhárta. Mí na Samhna is ea an tráth den bhliain a mbíonn an t-earrach faoi lán seoil ar an taobh eile den mheánchiorcal agus a mbíonn na crainn úd a dtugtar jacaranda orthu faoi bhláth ar fud na cathrach. Tagann corrbhraisle de na bláthanna anseo agus ansiúd slán isteach san fhomhar féin mar a fheictear thíos.

jacaranda faoi bhláth i mí an Mhárta

Faoi mheán lae bhí mé socraithe istigh san óstán a bhí sách gar don Avenida 9 de Julio. Tar éis dom scíth bheag a ligean thug mé aghaidh ar an avenida sárleathan chéanna.


Idir sheanfhoirgnimh agus fhoirgnimh nua-aoiseacha tá stair fhoirgníocht na cathrach le breis agus dhá chéad bliain anuas le feiceáil ar gach taobh.


Nuair a bhain an Airgintín a saoirse amach ag tús na 19ú haoise, thosaigh na hAirgintíngh tithe agus foirgnimh eile a thógáil i bhfaisean na Fraince chun iad féin a dhealú amach ón Spáinn, an tír a raibh an Airgintínina ina cóilíneacht aici go dtí an pointe sin.

Hmmm... a cheap mé, bhí scéal den chineál sin cloiste agam in áit éigin eile cheana féin...

An oibilisc ar Avenida de 9 Julio

Is í an oibilisc an séadchomhartha is suntasaí ar an Avenida de 9 Julio, nó, go deimhin, sa chathair ar fad. Cibé am a mbíonn rud mór ar nós Chorn an Domhain le ceiliúradh, cruinníonn an pobal thart ar an oibilisc.

Bheadh an  pobal ag cruinniú anseo arís roimh i bhfad...

Samhail d'Evita - Edificio del Ministerio de Salud

Ar aghaidh fhoirgneamh na Roinne Sláinte tá samhail mhór de Eva Perón, nó Evita mar is fearr aithne uirthi. Is séadchomhartha an dóchais í an bhean óg féin anuas go dtí lá an lae inniu.

Stéig Airgintíneach... agus an ceamara ag déanamh ragoibre

Ní iteoir mór feola mé ach, i bhfianaise na tíre ina raibh mé, nuair a tháinig ocras orm faoi dheireadh chuaigh mé isteach i mbialann agus d'ordaigh mé stéig agus sceallóga. Más buan mo chuimhne, fuair mé an ceann seo ar 90 pesos (15 €) agus geallaim daoibh gur dhíol mór coganta a bhí sna 400 g seo, 400g feola a thug mo dhúshlán. 

Ach níorbh í an stéig dheireannach a chaith mé le linn na cuairte seo.





No comments:

Post a Comment