Friday, March 15, 2013

in áit an phápa in athuair...

Táim san Airgintín faoi láthair (ag déanamh mo dhíchill an bhlagmhír seo a scríobh ar mo nexus 7 d'aineoinn mo nexus 7) agus,  mar is eol daoibh, toghadh Airgintíneach mar Phápa nua inné. Ni deacair a shamhlú cad a bhí air siúl anseo i mBuenos Aires inné!

Dála an scéil, ba é an dara uair i ndiaidh a chéile dom a bheith i dtír dúchais an Phápa nua nuair a toghadh é.

Ni fheadar an rachaidh mé go hÈirinn an chéad uair eile...

3 comments:

  1. beidh Lá 'le Pádraig an-spéisiúil acu sin i mbliana! Go maire tú agus go gcaithe tú do Nexus...

    ReplyDelete
  2. @ Ni fheadar an rachaidh mé go hÈirinn an chéad uair eile

    Meas tú an bhfuil ábhar Phápa againn anseo, a Fhearghuis? Agus, má tá, meas tú cé hí féin?

    ReplyDelete
  3. @ Réaltán

    GRMA

    @ Áine

    "Agus, má tá, meas tú cé hí féin?"

    Ní bheadh ann ach Gaebeo nó Mícheál Dí...

    ReplyDelete