Saturday, August 17, 2013

nuair a ghineann ealaín ealaín...



Ar cuairt dó san Iodáil sa bhliain 1954 tháinig an cumadóir Seiceach Bohuslav Martinů ar na freascónna a phéinteáil Piero della Francesca sa chúigiú haois déag i gcomhair na baislice Prionsiasaí. Fuair sé an tsubtaint iontu de gach ar mhian leis cur in iúl trí cheol: síocháin agus dathanna an nádúir, simplíocht na foirme agus fealsúnacht na hinghlacthachta.

Chum sé Les Fresques de Piero della Francesca sa bhliain dár gcionn d'fhonn an spreagadh a fuair sé in Arezzo a thabhairt chun críche.

Ar éirigh leis?

4 comments:

  1. Is dócha go bhfuil easpa samhlaíochta orm, ach ní fheicim/chloisim aon nasc eatarthu.

    ReplyDelete
  2. Tá leagan níos fearr faoin nasc seo: http://www.bbc.co.uk/programmes/b038551y

    Dála an scéil, ní uaimse féin an "bladar" a scríobh mé thuas, más bladar é.

    Cloisim féin beagán dá raibh i gceist aige, ceart go leor. Má fhéachann tú ar na freascónna agus má éisteann tú leis an gceol ag an am céanna b'fhéidir go mothaíonn tú an t-atmaisféar...

    Is feiniméan an-neamhdhíreach an ealaín, nach ea?

    ReplyDelete
  3. Tá programme music níos dírí, áfach. “Pictures at an Exhibition” atá ar intinn agam.

    ReplyDelete
  4. Píosa iontach ar fad (ó fhear a bhí i ngreiman alcóil).

    ReplyDelete