Le mieux est l'ennemi du bien.
Voltaire (1694 - 1778), fealsamh
Namhaid na maithe an fhoirfeacht.
Ná ligtear don fhoirfeacht riamh a bheith ina namhaid don mhaith.
Éamonn Ó Cinnéide (1932 - 2009), Seanadóir (In-aice-an-chnocáin-mhóir)
Cé acu ceann is fearr: leagan an fhealsaimh nó leagan an pholaiteora?
An mbeadh an baol ann go mbainfeadh polaiteoirí mí-úsáid as an dara ceann mar leithscéal a lagmheasarthachta?
Táid araon go maith; agus tá cinnte an baol ann. Ach tá baol ann freisin bheith sioctha ag fanacht leis an foirfe. Cé dúirt gurbh é ceird an indéanta is ea polaitíocht?
ReplyDeleteDála an scéal sílim go bhfeileadh
ReplyDeleteNamhaid don mhaith an fhoirfeacht
níos fearr
Sílim gur maith seachas "An Mhaith" a bhí i gceist ag Voltaire.
"Namhaid don mhaith an fhoirfeacht."
ReplyDeleteIs maith liom an leagan sin agat.