Thursday, December 16, 2010

nath don nollaig XVI...



Tar De livsløgnen fra et gjennomsnittsmenneske, så tar De lykken fra ham med det samme.

Henrik Ibsen, (1828 - 1906), drámadóir Ioruach
(An Lacha Fhiáin)

Tóg an bhréag shaoil ón ngáthduine, agus tógann tú an sonas uaidh leis.


Má thógtar an bhréag shaoil ón ngáthduine, is amhlaidh a thógtar an sonas uaidh leis.



Ar na focail Ghearmácha a shlog an Béarla gan iad a dhíleá tá Angst agus Zeitgeist, mar shampla, ach níl an focal Lebenslüge ina measc. “Bréag shaoil” an Ghaelainn a chuirfinn air, is dócha, le séimhiú de réir mo thuisceana de ós rud é gur gnách le bréag agus saol atá ina leathbhádóirí in aon bhád amháin a bheith chomh mór sin de dhlúth agus d’inneach ina chéile mar a bhíonn siad i gcás na Lebenslüge clasaicí.

Cé nach bhfuil ainmfhocal dó, go bhfios dom, sa Bhéarla ní hionann sin is a rá nach bhfuil an coincheap ann. Deirtear, mar shampla, go bhfuil duine “ag maireachtáil bréige".

Seans gurb é an “ü” ba chúis leis nár tharraing an Béarla an focal Lebenslüge chuige riamh. Amhail an diabhal eile “ö”, is dúshlán faoi leith an “ü” don duine nár mbronnadh an cliabhán na fuaimeanna air.

Pé scéal é, seo an sainmhíniú a fuair mé ar an idirlíon: cuirtear Lebenslüge, nó bréag shaoil, ar bhréag a maítear go comhfhiosach agus d’aon ghnó gur fírinne í agus a bpléitear léí amhlaidh i gcaitheamh saoil d’ainneoin gurb eol, nó gur choir gurbh eol, gur a mhalairt atá sé. Is ar bhréag a bhíonn an saol bunaithe ansin ó thaobh na treorach agus na brí.

Fionnachtaí na Lebenslüge, nó livsløgn an leagan Ioruach de, ba ea Henrik Ibsen, deirtear.

D’aimsigh sé í, dar leis, i measc na meánaicme. Fimíneacht agus béalchráifeacht a bhí i gceist aige inter alia, gan dabht, ach is feiniméin iadsan a oibríonn sa chéad áit ar an ndromchla agus atá dírithe ar dhaoine eile, an saol lasmuigh.

An bhréag istigh, an Lebenslüge a éalaíonn fiú ar an sealbhóir féin, agus a chuireann an dallamullóg air, ab ea an bhréag shaoil ba mhó ar chuir an lucht liteartha suim inti, an seachmall nó an cur i gcéill a gcloítear leis go tútach fiú amháin i ndiaidh dá bhréige a bheith nochtaithe.

Ceann de na bréaga saoil is mó cáil sa litríocht ab ea an Lebenslüge a bhronn Arthur Miller ar Willy Loman bocht sa dráma Bás Díoltóra Taistil.

Ach cá mbéimis gan na bréaga beaga saoil uilig a chuidíonn linn agus muid ag streachailt linn tríd an saol?

Ní drochstráitéis mhaireachtála bréag shaoil uaireanta, déarfainn, má chumtar go maith nó má roghnaítear go cliste í. Ach ní mór di a bheith dea-chumtha chun go mairfeadh sí chomh fada agus a bhfuil gá léí.

Seans go raibh an bhréag shaoil a raibh Willy Loman ar foluain uirthi lochtach ón tús agus, mar thoradh ar sin, ní raibh sé in ann an radharc a sheasamh a luaithe a bhreathnaigh sé anuas.


ar eití bréige
ar foluain os cionn talaimh
talamh nach ann dó

7 comments:

  1. Blagmhír shuimiúil! Deacair Gaeilge a chur ar an bhfocal sin. (D'fhág tú an séimhiú ar lár sa dá leagan Gaeilge, dála an scéil.) Ba bhreá liom úsáid a bhaint as focal ársa a bhí an-tábhachtach sa tSean-Ghaeilge agus atá linn go fóill, mar atá “gó (gau, gú)”. Mar shampla, is ionann “gúscél” agus “scéal bréagach”. Ach is maith liom an tseanstuif.

    An leatsa an rann ag deireadh na blagmhíre? Is maith liom é!

    ReplyDelete
  2. @ Dennis

    GRMA as an gceartúchán. Ní raibh an "an" ann sa chéad leagan, ceapaim. Nó an é go raibh mé ag díriú isteach ar an rud caolchúiseach agus gur scaoil mé an príomhrud tharam, dá bharr!?

    An bhfuil "gó" gaolta le "agó"?

    (Agus is liomsa an rann.)

    ReplyDelete
  3. "Is deacair gan amhras."

    Bithghó?

    Gó b(h)eatha?

    Gó beo?

    ReplyDelete
  4. An bhfuil "gó" gaolta le "agó"?

    Níl a fhios agam. Ní dóigh liom é, ach is léir go bhfuil taighde le déanamh agam!

    ReplyDelete
  5. [cúpla nóiméad níos déanaí] Tá sé agam. Is ó “áithcheo = bréagnú, frithrá” a tháinig “agó”.

    ReplyDelete