L’hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu.
Die Heuchelei ist eine Huldigung, die das Laster der Tugend darbringt.
La Rochfoucauld (Maximes, 218)
Is omós an fhimíneacht a thugann an duáilce don tsuáilce.
Is é atá san fhimíneacht ná an t-omós a thugann an duáilce don tsuáilce.
Cé acu ceann is fearr: an duáilce a thugann droim láimhe “go hionraic” don tsuáilce, nó an duáilce a chuireann stró air féin dealramh na suáilce a chaomhnú?
An bréagdhreach nó an scannal, rogha an dá dhíogha?
Is cosúil go bhfuil an dara ceann, agus an fhimíneacht leis, de dhlúth agus d’inneach i ngach sibhialtacht.
An é nach bhféadfaí déanamh dá huireasa?
Ceist chigilteach.
ReplyDeleteN'fheadar.
Theastódh rud éigin níos láidre ná caife uaim le dul i ngleis leis an gceist sin, a chara!
ReplyDeleteTabhair faoi deara, a Fhearghuis, go bhfuil blag nua agam, Rámhaille, ó tharla mo sheanbhlag, Mise Áine, curtha faoi ghlas/mhíchumas ag Google (níl a fhios agam cén fáth!)agus bheinn buíoch díot ach an seoladh nua, http://ramhaille.blogspot.com, a chur isteach ar do Blog List, mura miste leat.
Is ann a bheas mo rámhaillí as seo amach...:-) Bain sult as an mbliain nua, a chara!
GRMA agus go mba hé duit, a Áine.
ReplyDeleteGo raibh an t-ádh leat leis an mblag nua!