Eifersucht ist eine Leidenschaft,
die mit Eifer sucht, was Leiden schafft.
Franz Grillparzer (1791-1872)
Is ainmhian an t-éad, a bhíonn go cíocrach ar thóir a gcruthaíonn fulaingt.
Níl san éad ach ainmhian,
ar thóir le cíocras a ndéanann pian.
An é - chun an fhírinne a rá - gur in éad a bhfuilimid le baincbhristéirí na mbónas mór agus nach bhfuilimid ach ag ligean orainn gurb é an rud eile atá ag cur isteach orainn?
Más ann don rud eile, cá bhfuil an teorainn idir é sin agus an formad?
Agus cad é an rud eile?
Is maith liom imeartas focail an fhile.
ReplyDeleteNí dóigh liom gur formad atá i gceist abhus, cé go bhfuil sciar de sin ann. Tá an scéal sin ag éirí níos amhrasaí de réir mar a chloiseann muid na sonraí. Níl rud ar bith simplí faoi na scéalta mallaithe seo.
An é go raibh an t-airgead, i ndiaidh an iomláin, tuillte acu?
ReplyDeleteBraitheann sé ar do shainmhíniú ar "tuillte"!
ReplyDeleteAch, mar a léirigh an cás cuairte, comhlíon siadsan a dtaobh den chonradh; an bhónais taobh an bhainc. An cheist ná an raibh an conradh riamh ciallmhar.
"An cheist ná an raibh an conradh riamh ciallmhar."
ReplyDeleteNach bhfuil an dá thaobh ciontach nuair a shíníonn siad conradh míchiallmhar?
Sin ceist do na dlíodóirí.
ReplyDeleteCaveat emptor, is dócha.