Wednesday, December 1, 2010

nath don nollaig I...



Der Rücken des kleinen Mannes ist der Amboß, auf dem die große Zeit geschmiedet ist. 

Hellmut Walters (1930-85), scríbhneoir Gearmánach.


Is é droim an fhir bhig an inneoin ar a ngaibhnítear an saol.


Níl cultúr mór nuachtán Domhnaigh sa Ghearmáin faoi mar atá i dtíortha eile amhail Críocha Fáil, mar shampla. Is ar éigean gurb ann dó ar chor ar bith.

Taobh amuigh den táblóideach "Bildzeitung" (nuachtán pictiúir) a léitear ar fud na Gearmáine uilig, is iad nuachtáin áitiúla is mó a mbíonn éileamh orthu.

Agus tá go leor díobh ar fáil: 347 nuachtán a thagann amach gach lá.

Domhnach is dálach d'fhéadfaí a rá.

Dá bhfágfaí an Domhnach ar lár...

Ní fhoilsítear leagan Domhnaigh ach de fhíorbheagán de na nuachtáin sin.

Gné-altanna is mó a bhíonn sa nuachtán a fhaighimidne gach Domhnach. Agus tá spás ann a líontar le natháin.

Bhí an ceann thuas le léamh ann le déanaí. Tráthúil go leor, mar a cheapas. Ní raibh ainm an údair ar eolas agam cheana féin.

Gach seans, áfach, go bhfuil aistriúchán níos fearr air. Fáilte, mar sin, roimh gach moladh. 

Ó thaobh na fuaime de, chuir "gaibhnítear" an focal Gearmánach "Gauner" i gcuimhne dom agus mar thoradh air sin rith an breachnú a leanas liom:


Der Rücken des kleinen Mannes ist der Amboß der grossen Gauner.

Is é droim na bhfear beag inneoin na mbodach mór.


3 comments:

  1. Cuireann sé sin burdún a scríobh Edwin Markham ± 100 bliain ó shin i gcuimhne domsa:

    For all your days prepare,
    And meet them ever alike:
    When you are the anvil, bear--
    When you are the hammer, strike.


    Bhí dearcadh níos laochta agus níos Meiriceánaí aige ná mar a bhí ag Walters. Níl a fhios agam an bhfuil aon rud mar sin againn i nGaeilge.

    ReplyDelete
  2. Tá.

    An té atá thíos, buailtear cos air.


    Ní dóigh liom go bhfreagraíonn "Fear beag" do "Kleiner Mann" - ní méid atá i gceist.

    Droim na n-íseal an inneoin ar a ghaibhnítear an Ré Uasal.

    Ritheann nath de chuid (sílim) Clann Scholl liom:
    Gross sind die Zeiten,
    aber klein sind die Portionen.

    ReplyDelete
  3. @ Dennis

    B'fhéidir gurbh ó Markham a fuair mo dhuine an meafar.

    "Bhí dearcadh níos laochta agus níos Meiriceánaí aige ná mar a bhí ag Walters."

    Hmmm... go suimiúil. An féidir leat an méid sin a mhíniú dúinn?

    @ Aonghus

    "Ní dóigh liom go bhfreagraíonn "Fear beag" do "Kleiner Mann" - ní méid atá i gceist."

    Tá an ceart agat gan amhras ach tá coincheap an "kleiner Mann" imithe i ndlúth agus in inneach orm!

    ReplyDelete