El lobo, harto de carne, se mete a fraile.
Tiontaíonn an faolchú a bhfuil a sháith d'fheoil ite aige ina mhanach.
Is nath Spáinneach an ceann seo.
An é nach mbíonn sa tsuáilce go minic ach comhartha na sáithe?!?!
Más amhlaidh atá sé, nár chóir, mar shampla, do na húdaráis san eaglais a fhógairt nach peaca aon ghníomh más gníomh é nach ndéanfá dá mbeadh an tsáith chomhfhreagrach iomchuí agat cheana féin?
Ní ceart.
ReplyDeleteIs faolchú fós an faolchú sách; níl ann ach ceist ama agus díleá.
Mar a mhúineann an Eaglais, agus an ceart aici - nós is mithid cothú is ea suáilce; nós nach mór briseadh is ea duáilce.
An fhadhb a bhí ann sa tír seo, feictear dom, a Ormondo, ná nach ndeachaigh údarás ar bith i ngleic leis na faolchúnna...
ReplyDelete@ Aonghus
ReplyDeleteAn bhfuil aon chumhacht fágtha ag an eaglais i ndáiríre?
Feictear dom nach bhfuil ar bun acu feasta ach a gcónlán féin a choinneáil le chéile.
Monuar... b'fhéidir.
@ Áine
An é - taobh thiar den chur i gcéill - gurb iad na faolchúnna a bhíonn ina mbuanúdarás orainn?