Friday, December 17, 2010

nath don nollaig XVII...


El lobo, harto de carne, se mete a fraile.


Tiontaíonn an faolchú a bhfuil a sháith d'fheoil ite aige ina mhanach.


Is nath Spáinneach an ceann seo.

An é nach mbíonn sa tsuáilce go minic ach comhartha na sáithe?!?!

Más amhlaidh atá sé, nár chóir, mar shampla, do na húdaráis san eaglais a fhógairt nach peaca aon ghníomh más gníomh é nach ndéanfá dá mbeadh an tsáith chomhfhreagrach iomchuí agat cheana féin?

3 comments:

  1. Ní ceart.
    Is faolchú fós an faolchú sách; níl ann ach ceist ama agus díleá.

    Mar a mhúineann an Eaglais, agus an ceart aici - nós is mithid cothú is ea suáilce; nós nach mór briseadh is ea duáilce.

    ReplyDelete
  2. An fhadhb a bhí ann sa tír seo, feictear dom, a Ormondo, ná nach ndeachaigh údarás ar bith i ngleic leis na faolchúnna...

    ReplyDelete
  3. @ Aonghus

    An bhfuil aon chumhacht fágtha ag an eaglais i ndáiríre?

    Feictear dom nach bhfuil ar bun acu feasta ach a gcónlán féin a choinneáil le chéile.

    Monuar... b'fhéidir.


    @ Áine

    An é - taobh thiar den chur i gcéill - gurb iad na faolchúnna a bhíonn ina mbuanúdarás orainn?

    ReplyDelete