Wednesday, December 15, 2010

nath don nollaig XV...


Eifersucht ist eine Leidenschaft,
die mit Eifer sucht, was Leiden schafft.

Franz Grillparzer (1791-1872)



Is ainmhian an t-éad, a bhíonn go cíocrach ar thóir a gcruthaíonn fulaingt.


Níl san éad ach ainmhian,
ar thóir le cíocras a ndéanann pian.



An é - chun an fhírinne a rá - gur in éad a bhfuilimid le baincbhristéirí na mbónas mór agus nach bhfuilimid ach ag ligean orainn gurb é an rud eile atá ag cur isteach orainn?

Más ann don rud eile, cá bhfuil an teorainn idir é sin agus an formad?

Agus cad é an rud eile?

5 comments:

  1. Is maith liom imeartas focail an fhile.

    Ní dóigh liom gur formad atá i gceist abhus, cé go bhfuil sciar de sin ann. Tá an scéal sin ag éirí níos amhrasaí de réir mar a chloiseann muid na sonraí. Níl rud ar bith simplí faoi na scéalta mallaithe seo.

    ReplyDelete
  2. An é go raibh an t-airgead, i ndiaidh an iomláin, tuillte acu?

    ReplyDelete
  3. Braitheann sé ar do shainmhíniú ar "tuillte"!

    Ach, mar a léirigh an cás cuairte, comhlíon siadsan a dtaobh den chonradh; an bhónais taobh an bhainc. An cheist ná an raibh an conradh riamh ciallmhar.

    ReplyDelete
  4. "An cheist ná an raibh an conradh riamh ciallmhar."

    Nach bhfuil an dá thaobh ciontach nuair a shíníonn siad conradh míchiallmhar?

    ReplyDelete
  5. Sin ceist do na dlíodóirí.

    Caveat emptor, is dócha.

    ReplyDelete