Tuesday, December 21, 2010

nath don nollaig XXI...


L’hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu.


Die Heuchelei ist eine Huldigung, die das Laster der Tugend darbringt.

La Rochfoucauld (Maximes, 218)


Is omós an fhimíneacht a thugann an duáilce don tsuáilce.


Is é atá san fhimíneacht ná an t-omós a thugann an duáilce don tsuáilce.



Cé acu ceann is fearr: an duáilce a thugann droim láimhe “go hionraic” don tsuáilce, nó an duáilce a chuireann stró air féin dealramh na suáilce a chaomhnú?

An bréagdhreach nó an scannal, rogha an dá dhíogha?

Is cosúil go bhfuil an dara ceann, agus an fhimíneacht leis, de dhlúth agus d’inneach i ngach sibhialtacht.

An é nach bhféadfaí déanamh dá huireasa?


3 comments:

  1. Theastódh rud éigin níos láidre ná caife uaim le dul i ngleis leis an gceist sin, a chara!

    Tabhair faoi deara, a Fhearghuis, go bhfuil blag nua agam, Rámhaille, ó tharla mo sheanbhlag, Mise Áine, curtha faoi ghlas/mhíchumas ag Google (níl a fhios agam cén fáth!)agus bheinn buíoch díot ach an seoladh nua, http://ramhaille.blogspot.com, a chur isteach ar do Blog List, mura miste leat.

    Is ann a bheas mo rámhaillí as seo amach...:-) Bain sult as an mbliain nua, a chara!

    ReplyDelete
  2. GRMA agus go mba hé duit, a Áine.

    Go raibh an t-ádh leat leis an mblag nua!

    ReplyDelete