Sunday, December 12, 2010

nath don nollaig XII...


Le mieux est l'ennemi du bien.

Voltaire (1694 - 1778), fealsamh


Namhaid na maithe an fhoirfeacht.




Ná ligtear don fhoirfeacht riamh a bheith ina namhaid don mhaith.

Éamonn Ó Cinnéide (1932 - 2009), Seanadóir (In-aice-an-chnocáin-mhóir)



Cé acu ceann is fearr: leagan an fhealsaimh nó leagan an pholaiteora?

An mbeadh an baol ann go mbainfeadh polaiteoirí mí-úsáid as an dara ceann mar leithscéal a lagmheasarthachta?

3 comments:

  1. Táid araon go maith; agus tá cinnte an baol ann. Ach tá baol ann freisin bheith sioctha ag fanacht leis an foirfe. Cé dúirt gurbh é ceird an indéanta is ea polaitíocht?

    ReplyDelete
  2. Dála an scéal sílim go bhfeileadh

    Namhaid don mhaith an fhoirfeacht

    níos fearr

    Sílim gur maith seachas "An Mhaith" a bhí i gceist ag Voltaire.

    ReplyDelete
  3. "Namhaid don mhaith an fhoirfeacht."

    Is maith liom an leagan sin agat.

    ReplyDelete