Thursday, November 26, 2009

5 - 7 - 5

ceiliúir earraigh éin

faoi ghrian allúrach shamhna

coimhthígh sinn uile

(Cúlra: gach seans gurb í an tSamhain reatha an tSamhain is teo anseo sa Ghearmáin ó bhí taifid aimsire ann ar dtús sa bhliain 1701. Ar aon nós, beidh sí ar cheann de na deich gcinn ba theo a bhí ann riamh nuair a bheidh an mhí imithe chun deiridh an tseachtain seo chugainn. Agus chuir an teas neamhghnách an dúlra ar seachrán uair nó dhó i rith na míosa - faoi mar a bhí le cloisint ón spéir anuas, mar a déarfá.)

3 comments:

  1. Tá sin go hiontach! Tá an teannas idir an dá kigo an-éifeachtach, agus tá kireji le tuiscint ar lorg an fhocail “shamhna”. Dearna leat!

    ReplyDelete
  2. Conas a ghaelofaí an dá fhocal úd: kigo agus kireji?

    Is dóigh liom nach raibh coincheapa dá leithéid ag na seanfhilí in Éirinn san anallód?

    ReplyDelete
  3. Focal séasúrach agus caesúr? “Séasúr agus caesúr”?

    Maidir leis na filí anallód, ní raibh a leithéid acu in Éirinn.

    ReplyDelete