Sunday, February 9, 2014

"breaking bad" níos fearr ná shakespeare...


Chaith mo chomhghleacaí óg na míonna ag moladh na sraithe teilifíse Breaking Bad dom ach ós rud é go raibh mé ciaptha ag na Mná Tí Éadóchasacha agus ag teitheadh (as an seomra suí) óna Dochtúirí Éadóchasacha le blianta anuas thug mé an chluas bhodhar di.

Tar éis na poiblíochta ar fad a bhain leis an eipeasóid dheireannach de Love/Hate bhreathnaigh mé ar na giotaí den tsraith chéanna atá ar fáil ar YouTube agus d'éirigh leo spéis a spreagadh ionam. Mar sin, d'ordaigh mé an chéad séasúr ar líne agus bhreathnaigh mé air le linn na Nollag. Bhain mé sult nach beag as. Ní baoise gan staonadh gach sraith teilifíse an lae inniu tar éis an tsaoil.

Tar éis shaoire na Nollag bhí mé ag labhairt le mo chomhghleacaí faoi. "Tá an chuma ar an scéal mar sin go bhfuil tú réidh do Breaking Bad," a dúirt sí agus thug sí na céad trí shéasúr ar DVD ar iasacht dom.

Tá 62 eipeasóid sa tsraith agus d'fhéach mé ar eipeasóid uimhir a 62 an deireadh seachtaine seo. (Seo arís mé!)

Is ar éagan is gá bunphlota na sraithe a chur in iúl dóibh siúd a chónaíonn san angla-sféar ach táim den tuairim go bhfuil an scéal úd a bhaineann le Walter White, an múinteoir sárchliste scoile sa cheimic a fhaigheann amach go bhfuil ailse scamhóg air agus - i "gcluiche deiridh" a shaoil dó - a théann i mbun airgead a ghnóthú dá theaghlach ar bhealach mídhleathach, ar cheann de na drámaí is fearr dá bhfaca mé riamh.

Ní comparáid mhí-aimseartha is cás liom ach - uafás! alltacht! anbhá! - ó thaobh fhorbairt an charachtair agus staid an duine de níl a shárú le fáil ag Shakespeare.

Bhí Iúil Caesar agus an Rí Lear agam ar scoil agus go leor eile feicthe agus léite agam ó shin (Othello an ceann is fearr). Thaitin Iúil Caesar go mór liom, an chaoi ina raibh Brútas i gcruachás morálta agus é idir dhá thine Bhealtaine, agus an "lean and hungry look" a bhí ar Chassius (agus a bhí ar an iomarca daoine eile ó shin i leith). Os a choinne sin, cé go moltar an Rí Lear go haer mar cheann de na tragóidí is fearr, níl le rá ag an dráma sin ach an rud simplí céanna arís is arís eile: ní amadán go sean-amadán.

(Agus anois... coinnealbhá?)






3 comments:

  1. Ní fhaca mé an tsraith, agus ní dóigh liom go dtosóidh mé ag breathnú ar an gclár anois - ní bheadh am agam, mar tá míle leabhar le léamh agam fós, agus ar dtús..:-)

    ReplyDelete
  2. Tá an chéad trí eipeasóid feicthe againn. Thaitin an chéad cheann go mór liom ach bhíomar saghas míshuaimhneach ar feadh an dá cheann eile. Níl mé cinnte fós an rachaidh muid ar aghaidh leis an tsraith. B'fhéidir gur cheart dúinn cloí le Downton agus Sherlock!

    ReplyDelete
  3. @Áine: b'fhada mé féin ag cur i gcoinne an chathaithe (nár chathú ar chor ar bith é gur bhreathnaigh mé ar an gcéad eipeasóid...)

    @Dennis: is geall le caidéal aidréanailín an tsraith trí chéile le gach re cor agus casadh gan choinne. Tá an míshuaimhneas faoi ráthaíocht, mar a déarfá!

    ReplyDelete