Tuesday, September 18, 2012

clocha ómra an phaidrín...


Is seoid fine an paidrín thuas a fágadh le huacht agam an bhliain seo caite. Is as ómra na clocha, cé is moite de na trí chinn gar don chros ar toradh de dheisiúchán mí-ámharach iad.

Phós mo shinsinseanmháthair a céad fhear san India i lar an naoú haois déag agus fuair sí an paidrín mar bhronntanas ón sagart don ocáid ar an ábhar gur ....

Níorbh fhada go raibh sí ina baintreach, ach cúpla bliain ina dhiaidh sin phós sí mo shinsinseanathair. Is amhlaidh nach raibh teaghlach mo shisinseanathar ró-shásta leis an gcleamhnas ar an ábhar gur ....

Tá dhá cheist agam oraibh, cad a cheapann sibh:

1. cén fáth a bhfuair sí an paidrín ón sagart?
2. cén fáth nach raibh teaghlach mo shinsinseanathair sásta leis an gcleamhnas?

Monday, September 17, 2012

ceol cinniúnach an fhéileacáin...

Más duine mór scannánaíochta duine de do lucht aitheantais agus más mian leat dul i gcion air/uirthi uair éigin, d'fhéadfá an sonra beag seo a leanas a fhí isteach sa chomhrá - go réchúiseach, neamhdhíreach ar nós dála-an-scéil, tá a fhios agat.

Is amhlaidh gur féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an scannán úd Psycho feicthe ag cách agus go ndeachaigh an radharc faoin gcithfholcadh leis an gceol scanrúil i bhfeidhm ar gach éinne.

Bhuel, maidir leis an gceol sin, ba é an cumadóir Meiriceánach Bernard Herrmann a chum an scór don scannán, a tháinig amach sa bhliain 1960.

Tharla go raibh mé, an lá cheana, ag éisteacht le píosa ceoil bhailé a chum an cumadóir Albert Roussel sa bhliain 1912. Le Festin de l'Araignée (Féasta an Damháin Alla) an t-ainm don phíosa agus nuair a chuala mé an mhír seo (comhad-mp3 ar fáil faoin nasc seo: https://www.box.com/s/iboaexwcz6asi75heel7) leis an teideal "Gabhtar an Féileacán sa Líontán" chonacthas dom gur aithin mé an tús ó áit éigin.

(Níl ach cúpla soicind de taifeadta agam agus é sin faoi dhó, go díreach i ndiaidh a chéile, le go gcloisfí i gceart é.)

An aithníonn sibh é? Más mian libh, is féidir é a chur i gcomparáíd le scór an scannáin féin. Tá an blúirín gearr i gceist le cloisint thíos ó 2:24 ar aghaidh.



Sa chur síos ar scór an scannáin i Vicipéid ní luaitear aon nasc leis an bpíosa ceoil a chum Roussel tráth den saol.

Scríobh beathaisnéisí Herrmann (fear darb ain Steven C. Smith) an méid seo faoi cheol an radhairc cithfhoctha: "gur dócha gurb é an leid éisteachta is mó cáil (agus an ceann is minice a ndéantar aithris urthi!!!)". Dála an scéil, is uaimse na comharthaí uaillbhreasa.

Is suimiúil iad na focail "leid" agus "aithris" sa chomhthéacs seo!

Ar an taobh eile de, is deacair a bheith cinnte de nár chum sé an ceol taibhsiúil céanna gan a bheith faoi anáil an chumadóra eile. Agus ní mór a lua gur cleachtas ag go leor ealaíontóirí ar na saolta seo é tagairt a dhéanamh do shaothar ealaíontóra eile trí píosa beag de a chur isteach ina saothair féin mar "omós" nó "athfhriotal"?

Ní raibh Albert Roussel ina bheatha ní ba mhó (bhásaigh sé sa bhliain 1937) nuair a tháinig Psycho amach. Ach b'fhéidir gurbh fhearr dó gan a bheith sa phictiúrlann agus an radharc sa chithfholcadh ag nochtadh chuige, mar má bhain sé geit as an ngnáthphobal, b'amhlaidh go mbainfeadh sé geit de bhreis as Roussel.

Friday, September 14, 2012

cá bhfuil do thriall?: scéal canúnach...

Ba mhian leis an mbean eitilt go dtí Porto a chur in áirithe di féin sa ghníomhaireacht taistil ach ós rud é gurb as an tSacsain di chuir an bhean eile, ar fostaí na gníomhaireachta taistil í, in ionad eitilte go Porto eitilt go Bordeaux in áirithe don bhean. Agus toisc gur dhein fostaí na gníomhaireachta taistil athrá faoi dhó i nGearmáinis ardchaighdeánach ar cheann scríbe na heitilte de réir mar a thuig sise é, chinn an breitheamh sa chúirt i Stuttgart go raibh conradh bailí tagtha i bhfeidhm ag an bpointe sin agus gur cóir don Sacsanach mná praghas na heitilte a íoc dá bharr - cé nár theastaigh uaithi dul go Bordeaux. 294 € a bhí i gceist.

Dár ndóigh, ní mór é a bheith ar an eolas ag duine go bhfuil canúint sách leithleach ag na Sacsanaigh. Ach, ag an am céanna, ní féidir a shéanadh go bhfuil canúint sách leithleach ag na Suáibigh freisin (is cuid de Shuáibe Stuttgart). Ní fios dom, mar sin, cén tslat tomhais í ar bhain an breitheamh úsáid aisti chun a bheith cinnte gur Hochdeutsch a bhí á labhairt ag fostaí na gníomhaireachta.

Cad é bhur dtuairim:

1. Gur cheap an Sacsanach mná gur chomhghleacai Sacsanach an bhean eile?
2. Nár aithin an Sacsanach mná an difríocht idir a canúint féin agus an caighdeán oifigiúil?
3. Gur Shuáibeach a bhí á labhairt ag an mbean eile agus nár thuig sí í a bheag ná a mhór?

Tuesday, September 4, 2012

an cháin, an dlúthdhiosca agus an dlí...


An bhfuil a fhios agaibh cad is "offenes Geheimnis" ann?

Is rún é nach rún é i ndáiríre. An dtuigeann sibh?

Ní rún é go gcuireann líon mór de na daoine sa Ghearmáin a bhfuil farasbarr airgid acu cuid mhór den airgead i bhfolach san Eilvéis nó i Lichtinstéin chun íocaíochtaí cánach a sheachaint.

Tá imghabháil cánach neamhdhleathach. Agus ní rún é sin ach chomh beag.

Agus ní rún é go dtacaíonn formhór na ndaoine seo leis na (Nua-)Liobrálaigh agus leis na Daonlathaithe Críostaí.

Agus ní rún é ach chomh beag gurb é an réiteach ar fhadhb na himghabhála cánach a bhíonn ag na stáit fheidearálacha abhus a bhfuil na Daonlathaithe Críostaí agus na (Nua-)Liobrálaigh i réim iontu ná líon na gcigirí cánach a choinneáil chomh beag agus is féidir.

Sna blianta beaga, áfach, tháinig fostaithe na mbanc san Eilvéis agus i Lichtinstéin de réir a chéile ar an eolas go bhféadfaídís líon mór sonraí faoina himghabhálaithe cánach siúd a scríobh ar dhlúthdhiosca agus an dlúthdhiosca a dhíol ar lear mór airgid leis an tír ina raibh na himghabhálaithe cánach ag sárú an dlí. Agus do dhein siad amhlaidh. Agus do fuair státchiste na Gearmáine a lán airgid óna himghabhálaithe cánach siúd.

Ach le déanaí nochtadh d'Aire Dlí agus Cirt na Gearmáne  - ar ball de na (Nua-)Liobrálaigh í - gur measa fós ná an imghabháil cánach féin é sonraí bainc na n-imghabhálaithe cánach a scríobh ar dhlúthdhiosca agus é a dhíol le duine eile, nó le stát eile. Gadaíocht a bheadh i gceist. Agus is drochghníomh amach is amach é má cheannaíonn an stát i gceist an dlúthdhiosca.

Polaiteoirí le prionsabail, cad a dhéanaimis dá n-uireasa?...