Saturday, July 30, 2011

go liteartha?...

Bhíos ag leanúint an chluiche idir Dún na nGall agus Cill Dara ar shuíomh RTE anois beag. Ag caitheamh súile ar an scór ó am go chéile a bhíos, chun a bheith cruinn.

Is eagraíocht chruthaitheach an CLG agus caithfidh mé a admháil gur deacair dá bharr coinneáil suas leis na rialacha nua a bhíonn de shíor á dtionscnamh acu. Agus, de réir dealraimh, níl an riail siúd ar eolas agam fós a ghabhann leis an modh scórála thuas.

Ach cé nach bhfios dom conas a tharraingíonn imreoir scór siar, níl aon amhras orm i bhfianaise na tráchtaireachta thuas go mbíonn sé indéanta uaireanta.

Wednesday, July 27, 2011

lámhacán colbha...

 "An Kerb-Chrawladóir"

Chuir Áine liosta focal faoinár mbráid an lá cheana. Focail nua-aimseartha as réimse na meán a bhformhór. Bhí "táillí fánaíochta" ar cheann de na téarmaí, na costais bhreise a ghearrtar ort agus tú as láthair ó do cheantar dúchais (agus an guthán póca á úsaid agat). Ní mór a bheith ar an airdeall nach dtiocfadh na táillí fánaíochta nó a leithéid aniar aduaidh ort agus tú i mbun cúrsaí cainte in imigéin. Ar uairibh tagtar aniar aduaidh ormsa ós rud é go bhfuilim as láthair le triocha bliain anuas agus, in ainneoin an Idirlín - cá mbeinn gan é?!, ní bhím i gcónaí go h-iomlán suas chun dáta i dtaobh an bhéarlagair úir. 

Ba chóir go mba leor sin mar rabhadh dom gan mo ladar a chur isteach nuair a chuir SeanO ceist faoi bhrí an fhocail "kerbing"Kerbing? Nach raibh an téarma sin feicthe agam áit éigin? I dtuairisc sa nuachtán, nach ea, ina raibh na Gardaí ag tabhairt amach faoi thiománaithe a bheith i mbun a leithéide: mar atá ag dul go ró-mhall agus ag moilleadóireacht i lár na cathrach? Nach aisteach na nósanna nua sa lá inniu, cheap mé dom féin ag an am. Nárbh é an róluas a bhíodh mar fhadhb againn tráth den saol? Ní mhair an tsoineantacht ach beagán, áfach. Ar a dhéanaí nuair ba léir gur fir go h-eisiach a bhíonn i mbun an chleachtaidh siúd nocht an bhrí cheart chugam gan mhoill.

Ach níor nochtadh chugam an lá cheana go raibh focal eile ina theannta nuair a chuaigh mé i mbun an téarma a mhíniú. Mea cholbhú, mea cholbhú, mea maxima colbhú agus tá súil agam nár chuir mé aon duine saonta neamhchiontach - más ann dá leithéid feasta - ar strae. Mar sin - agus ar eagla na h-eagla, cuirim fainic oraibh: Fantar glan ar na colbhaí!

(Dála an scéil, is gairm bheatha lán-mheasúil í an colbhú de réir na brí cirte. D'fhéadfadh an chléir féin - mar a deirtí fadó - dul leis.)

Sunday, July 10, 2011

greamán rabhaidh nua...


Nach mbeadh sé áisiúil dá ngreamófaí rabhadh de shaghas éigin de gach píosa seafóide a fhoilsítear sna nuachtáin? 

I gcás na Gaelainne, mar is eol dúinn, tá na saineolaithe roinnte ina dhá ghrúpa (amhail an p-Ceilteach agus an q-Ceilteach): is ann don s-dream agus is ann don 0-dream (0 = náid). 

An chéad dream leis an "s" - cuirtear "saineolaithe" orthu -  ní chloistear nó ní fhoilsítear iadsan go ró-mhinic, faraor.

Ach mar chúiteamh ar sin, tá saoirse leathanach na litreacha nach mór bronnta ag nuachtáin áirithe ar  an 0-dream - cuirtear "aineolaithe" orthu siúd (nó ba chóir go gcuirfí).

Ar aon nós, tá an greamán trítheangach thuas "deartha" agam don ghnó - níl aon bhreith ar "Vorsicht!" na Gearmáinise ar fhógra rabhaidh, am baist.

Ar chóir é a ghreamú den litir seo?