Sunday, March 23, 2014

ar cuairt sa staid...



Bundesliga? Is rás aon chapaill é (Bayern München an capall) ag barr an tsraithchomórtais don dara bliain as a chéile ach tá sé corraitheach go leor ag bun an tábla sraithe...


Bhí VfB Stuttgart tar éis sleamhnú isteach sa zón íslithe. Ocht gcluiche as a chéile a bhí caillte acu agus an traenálaí leis. Ach tá traenálaí úr ar bord anois, Huub Stevens, duine a bhfuil clú agus cáil ar an Mór Roinn air. Bhí cluiche baile acu inné i gcoinne an Hamburger SV, foireann thraidisiúnta eile i mbaol a híslithe.


Bhuail an smaoineamh mé go bhféadfainn cuairt a thabhairt ar an staid. Ní raibh mé san áit sin le fada...


Áit, go fiú, ina bhféadfaí beagáinín Béarla a fhoghlaim... der biggste Fan?


Bhí dhá shuíochán againn (bhí an iníon is óige liom in éineacht liom) in aice an bhloic leis na leantóirí is dílse ó Hamburg. Is amhlaidh gurbh i gcineál caighin a bhí siad. An mbíonn gá lena leithéid..?



I Learpholl tugtar The Kop air, i Stuttgart Die Cannstatter Kurve.  

Agus tugtar Durchhalteparole ar a leithéid seo: "Kampf bis zum Schluss". ("Troid go bun an angair")



Cuirimis le chéile! Zusammenhalten!

("Sluaghairm don seasamh deireanach" an t-aistriúchán do Durchhalteparole a ritheann liom )
 


An Hamburger SV san ifreann? Is é an HSV an t-aon chumann sacair sa Bhundesliga ó bunaíodh an Bundesliga nach raibh riamh thíos i Roinn a Dó (mar atá an t-ifreann).


Bhí radharc breá againn ar an gcluiche. (€100 a chosain an dá shuíochán; is cuimhin liom anois an fáth nach dtagaim go dtí an áit seo chomh minic sin feasta...) Dála an scéil, is é sin an cúl ar chuir Ray Houghton an liathróid isteach ann. Tá athruithe móra déanta ar an staid ó shin agus tá an raon reatha (an cuimhin libh Sonia O'Sullivan i 1993?) imithe as.


Ní raibh an chéad leath thar moladh beirte... ach bhí cúl báire de chuid VfB Stuttgart ar tinneall.

 
Aicsean!



 An cuimhin libh an comórtas "Spot the Ball"?




 Mar a dúirt mé, ní raibh an chéad leath thar moladh beirte...




Fuair imreoir Hamburgach an dara cárta buí agus an cárta dearg leis. Cuireadh radadh mugaí plaisteacha beorach linn; ní raibh na leaids sa chaighean in aice linn ró-shásta gur cuireadh den pháirc imreoir dá gcuid. (Bhí gá leis an gcaighean...)


...ach ba é an eangach Hamburgach ar chuir "urchar an lae" bolg inti go luath ina dhiaidh sin. Ní raibh an ceamara faoi réir agam. (Focal an lae: Dá líonmhaire na grianghraif, ealaíonn an ceann is tábhachtaí idir cleith agus ursain.)





Bhí an Cannstatter Kurve go breá sásta leis an toradh.





Agus an zón íslithe fágtha ag VfB Stuttgart...





...agus léaró solais ag bun na spéire.








Saturday, March 15, 2014

cothrom an áidh agus lúcháir...


Seacht mbliana ó shin sa bhabhta deireanach de Chraobh na Sé Náisiún 2007 ba í foireann na hÉireann a bhí ag imirt sa chéad chluiche den lá i gcoinne na hIodáile sa Róimh agus arbh éigean dóibh líon mór pointí a chur ar chlár na scór d'fhonn foireann eile, an Fhrainc (a bhí ag imirt i gcoinne na hAlbain sa chluiche deireanach den lá), a chur faoi bhrú. Bhí ag éirí go hiontach leis na hÉireannaigh agus 51 pointe aimsithe acu nuair fuair an t-Iodáileach de Marigny úd sa nóiméad deireanach agus ba iad na pointí sin a bhí de dhíth ar fhoireann na hÉireann nuair a chinn an réiteoir teilifíse (TMO) sa chluiche idir an Fhrainc agus Albain go raibh úd aimsithe ag Vermeulen don Fhrainc ag an nóiméad deireanach den chluiche sin cé nach raibh talmhú na liathróide le feiceáil. Níor bhuaigh foireann na hÉireann Craobh na Sé Náisiún 2007 dá bharr sin.

Ar an lá inniu ba é an t-Iodáileach Sarto a chuir foireann Shasana ó rath agus iad ag iarraidh pointí a charnadh d'fhonn foireann na hÉireann - a bhí ag imirt ní ba dhéanaí sa lá i bPáras - a chur faoi bhrú. Agus sa chluiche i bPáras chinn an réiteoir teilifíse (TMO) gan an t-úd a bhronnadh ar fhoireann na Fraince de bharr pas chun tosaigh a bheith i gceist. Bhuaigh foireann na hÉireann Craobh na Sé Náisiún 2014 dá thairbhe sin. 

Dhein siad éacht.

Nach breátha an t-ádh ná an mí-ádh!






Thursday, March 13, 2014

Píonós príosúin do Uli Hoeness...


Fuarthas Uli Hoeness ciontach in imghabháil chánach sa chúirt in München inniu agus gearradh píonós príosúin air. D'fhógair an chúirt gur 28,5 milliún euro ar a laghad an méid cánach a choinnigh Hoeness siar go mídhleathach. Gearradh trí bliana go leith air, fad píonóis phríosúin nach féidir a fhionraí.

Tá curtha in iúl ag abhcóidí de chuid Hoeness go mbeidh siad ag dul go dtí an Chúirt Uachtarach chun achomharc a dhéanamh.

Bhí cúig bliana go leith éilithe ag an Ionchúisitheoir Poiblí agus ní féidir a chur as an áireamh go ndéanfaidh seisean achomharc chomh maith.

Tá Uli Hoeness ina uachtarán ar an gcumann sacair Bayern München agus d'fhógair bord an chumainn go mbeidh preasráiteas á eisiúint acu go luath.

Idir an dá linn fanfaidh Hoeness saor faoi bhannaí.

Wednesday, March 12, 2014

An ngearrfar príosún ar Mr. Bayern München?


Táthar ag súil leis go bhfogróidh an chúirt in München a breith amárach sa chás cúirte in éadan Uli Hoeness a bhfuil imghabháil chánach ar mhórscála curtha ina leith.

I dtús báire bhí 3,5 milliún euro i gceist, ar an gcéad lá don chás a bheith os comhair na cúirte d'admhaigh Uli Hoeness féin gur 18,5 milliún euro an tsuim cheart, agus mhaígh duine de lucht Coimisinéirí Ioncaim sa chúirt inné go bhféadfadh gur 27,2 milliún euro an méid cánach a bhí le híoc ag Hoeness ach a choinnigh sé siar go mídhleathach.

Cé nach ngearrtar píonós ar dhuine a chuireann - as a stuaim féin - na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin gcáin nach bhfuil íoctha aige agus a íocann an méid atá coinnithe siar aige ar an toirt, ní éiríonn leis sin má tá beirthe amuigh ar an duine cheana féin nó mura n-admhaíonn an duine an t-iomlán.

I gcás Hoeness deirtear gurb é a bhanc a chuir fainic air tar éis don iris Stern a bheith ar an nguthán ag cur ceisteanna, agus nár nocht sé an mhórchuid de na sonraí nuair a chuaigh sé i dteangmháil leis na húdaráis ina dhiaidh sin.

Anuas air sin, d'fhógair an chúirt uachtarach sa Ghearmáin (Bundesgerichtshof) tamall de bhlianta ó shin nach bhféadfaí gan píonós príosúin a ghearradh ar dhuine i gcás imghabhála cánach má bhíonn níos mó ná milliún euro cánach i gceist agus nach bhféadfaí an píonós príosúin sin a fhionraí. Ar ndóigh, luaigh an chúirt uachtarach eisceachtaí a bhféadfaí a chur san áireamh.

Dá mba Thadhg an Mhargaidh, nó Otto Normalverbraucher, an duine os comhair na cúirte i gcás dá leithéid, b'iondúil go ngearrfaí ceithre bliana príosúin ar a laghad air.

Ach tá an pobal ar bís abhus mar bíonn nath i mbéal an phobail a nochtann taithí an phobail i dtaobh an chórais dhlíthiúil: die Kleinen hängt man, die Groβen lässt man laufen (crochtar na daoine beaga, scaoiltear leis na boic mhóra.)

Dá mhéid an tsuim i gceist sa chás seo is deacair le mórchuid an phobail a shamhlú go bhfuil seal sa phríosún i ndán do Hoeness.

(Ceist eile ar fad: cá bhfuair sé an oiread sin airgid an chéad lá riamh?!)