Tuesday, January 29, 2013

an bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an stáisiún i gceist?...



Tharla dom a bheith ag feitheamh leis an traein sa stáisiún seo inniu. Sna nóchaidí bhínn anseo uair amháin in aghaidh na seachtaine ar meán. Bhí aithne mhaith agam ar an stáisiún an tráth sin. 

Bhíodh caifé beag ann ina mbíodh na daoine ag ól caife agus ag caitheamh toitíní. Bhíodh tábhairne ann ina mbítí ag ól beorach agus ag caitheamh toitíní. Sa halla mór bhítí ag caitheamh toitíní. I ngach cúinne de bhítí ag caitheamh toitíní. Sa seomra feithimh, sa tollán faoina hardáin, thuas ar gach ardán. 

Ba dhóigh leat go raibh an stáisiún féin ina shíorchaiteoir toitíní, an toit ag teacht as gach piochán de agus é ina luaithreadán dó féin. Agus bhíodh na traenacha a stadadh sa stáisiún lán de thoit nach mór agus iad á hiompar ó cheann ceann na tíre.





Deineadh an stáisiún a athfhorbairt roinnt blianta ó shin*. Rith sé liom go bhféadfainn grianghraf nó dhó a dhéanamh de agus mé ag feitheamh leis an traein.

Is geall le teampall galánta an tomhaltachais é sa lá inniu.

Ar aon nós, ní dóigh liom go mbraithim uaim an phrochóg thoiteach.

An bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an stáisiún i gceist? (Géire na deacrachta: íseal)


* Roinnt blianta ó shin = 2001! - mar a fuair mé amach ar an idirlín níos déanaí.

Monday, December 31, 2012

fionnachtana na bliana 2012...


Agus an bhliain seo ag tarraingt ar an deireadh, rith sé liom go bhféadfainn liosta a dhéanamh de na nithe dearfacha ar tháinig mé orthu i rith na bliana. Idir nithe anaithnide, ar tháinig mé orthu don chéad uair, agus nithe aithnide, ar fhionnaigh mé an fiúntas iontu cibé acu don chéad uair nó as an nua.

Seo libh é:

Paul Auster: bhí ainm an tseanchaí Nua-Eabhracaigh seo ar eolas agam cheana féin ach b'í an iníon is sine dom a thug an leid chinniúnach i rith na bliana dom. Thar aon rud eile, is maith liom stíl a reacaireachta.

Balsamaiceo: bhí an leacht dubh géar seo blasta agam go minic ach anois tá a áit oifigúil ag buidéal de sa chistin. Ach ba chóir rabhadh a chur ar an mbuidéal. Cén rabhadh? "Seachain do léine!"

Spotify: leid eile ó m'iníon. Tá réimse leathan ceoil ar fáil ar an suíomh seo. Agus saor in aisce mura gcuireann na fógraí isteach rómhór ort.

Pēteris Vasks: tháinig mé ar an gcumadóir nua-aoiseach Laitviach dhá mhí ó shin. Ní cumadóir nua-aoiseach róradacach é, áfach, agus tá go leor dá cheol inéiste, mar a déarfá - mar cheol cúlra, mar shampla. D'fhéadfaí tosú leis an Siansa Téide - Balsis (Glórtha) - ar Spotify, mar shampla.

Rory Gallagher: nuair a chonaic mé léirmheas sa nuachtán ar an mbeathaisnéis a foilsíodh faoi i mbliana rith sé liom nár chuala mé ár seanchara as Corcaigh le fada agus chuaigh mé go díreach i mbun an scéal a réiteach. Is deacair a chur i gcion ar an dream óg a thábhachtaí dúinn agus a bhíodh Ruaraí - agus an fear as Béal Feirste ina theannta - siar sna seachtóidí nuair nach mbíodh i measc an réaltra idirnáisiúnta againn ach an bheirt acu. Téann an sárchumas a bhí ann mar ionstraimí fós i gcion ar an éisteoir. Agus níor dhíol sé riamh a anam leis an diabhal tráchtála!

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh!

Wednesday, November 28, 2012

an fhirínne, an fhírinne ghlan gan tada ach an fhírinne...

...ach amháin an fhírinne mhíchaoithiúil

Gach ceithre bliana foilsíonn rialtas na Gearmáine tuarascáil ar bhochtanas. Sara bhfoilseofar an ceann is déanaí go hoifigiúil ar an 19ú lá de Mhí na Nollag cuireadh an chéad dréacht di faoi bhráid na ranna rialtais roimh ré. Tá le léamh anois sna meáin go bhfuil ráitis chriticiúla scriosta as an tuarascáil mar thoradh air sin.

I measc na raitéas a scriosadh tá an ceann seo: "tá an mhaoin phríobháideach sa Ghearmáin dáilte go han-mhíchothrom."

Bhí le léamh sa chéad dréacht go raibh ardú leanúnach ar na tuarastail is airde agus go raibh na tuarastail is ísle i gcónaí ag dul i laghad, agus go raibh a leithéid ag goilleadh ar an bpobal ó thaobh na tuisceana don cheartas sóisialta de. Go raibh dlúthpháirtíocht agus comhtháthú na sochaí i mbaol dá dheasca.

In ionad an fhíorais go bhfuil breis agus ceithre mhilliún fostaí ag tuilleamh níos lú na seacht euro in aghaidh na huaire (mar a bhí le léamh sa chéad dréacht) tugann an dréacht is déanaí le fios go bhfuiltear tar éis mórán post lánaimseartha a chruthú do dhaoine ar phá íseal.

Is ar éigean nár aithnigh Angela Merkel (a d'fhás aníos i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine) an tsuáilce taobh thiar de na hathruithe i gceist: is fearr gan buairt a chur ar an bpobal.

Agus gur aithnigh sí freisin cé daoibh is fearrde é.

Nach aoibhinn ateacht na sean-aimsire!